Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúis na Gaedhilge i Roscomáin
Title
Cúis na Gaedhilge i Roscomáin
Author(s)
Ua Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúis na Gaedhilge i Roscomáin Do réir an fhuaidir atá fúinn annso le déidheanaighe, is dóigh liom nách ró-fhada go mbeimíd arís i nÉire Óg, no go bhfuilimíd i nÉire ár sinsear pé 'ca is fearr leat, leis an mbuadh mór atá linn i dtaoibh na gCéilidh thugamuid uainn, i gcómh-phoirt le nár gcraoibh, atá gach aon deallramh go mbeimíd a dtreó mhaith i gcomhair an gheimhridh 's an earraigh. Níl ach beagán seachtmhuiní ó shoin ó thugamar Céilidh uainn i sgoil Náisiúnta Cheathramha Chruinn, is gan amhras bhí an sgoil lán go doras, de dhaoine. Do b'fhada roimhe sin, nár éist- eadar le na leithéid de Chéilidh, le feabhas go háirithe. Bhí amhráin, aisdíghe-labhartha, rinnce agus ceól go leór ann, is gach aon aca fíor-Ghaedhealach mar ba dhual do'n nGaedhil. Chaitheadar go léir oidhche shúgach, is d'aith- neóchá ar ghnúis gach aoinne de'n tsluaigh ghur thaitin obair na h-oidhche leis. Gan dearmad níor bh'iongnadh
sin, mar atá an mhuinntir a bhaineann le ná'r gcraoibh oireamhnach ar sheasamh ó's cómhair aon chruinniughadh. Seachtmhuin na dhiaidh sin bhí Céilidh eile ag Carn an Leasa, is do b'é an sgéal céadna é. Is ag dul i bhfeabhas atáid siad a gcómhnuidhe, má leanaid do'n obair ní bheidh aon teóra leó sul i fada. Atá roinnt aca do thóg an obair seo ar láimh, a thuilleann mór- chuid buidheachais dá bhárr. Níor mhisde dham beagán aca d'áireamh annso, is fágaim an buadh ar dtúis ag sagar- taibh an bhaill; mar is iad is mó atá ag gríosadh na hoibre. Atá tuilleadh aca leis atá go rí-mhaith ar a bhfuil Séamas Ua Braonáin, Seóirse Macgamhain, Séamas Macgamhain, Seóirse Mac Oireachtaigh, Proinsias Ua Breitheamhain, Mícheál Ua Braonáin, Seósamh Ua Conchúbhair, Seósaimh Mac Aodhgáin, Seaghán Ua Haircín, Seaghán agus Tomás Ua Cúnáin, Pádruig Ua Ruirc, Hannraoi Mac Cuairt, is a bhain-chéile, Cáit agus Bríghde Ní Bhraonáin. Atá mórán eile ann acht do bheadh sé ro-fhada dham iad d'áireamh. Atá nídh eile tairbheach aca dá chur ar bun, is sé sin ag aithbheódhughadh na gcleas lúith. Cuirfid ar bun iománaidheacht agus liathróid-coise. Atá bráth agam go dtógfaidh gach craobh do Chonnradh na Gaedhilge in Éirinn, an Camán suas arís, mar a ndéanfaid is baoghlach go ngreamóchaidh an “Hockey” san tír, is gur deacair é bhaint as a phréamhacha. Atá iománuidheacht ró-Ghaedhealach do chléireach bainne go mbíonn bríste- marcuigheachta air. Bíonn fuath an domhain aca d'aon fhocal go mbíonn an litir “r” ann mar atá “hurling” 'sas ró-ghairid go gcaillfidh an t-Aibghitir Béarla an litir “r” ar fad. Atá Roscomáin ag tabhairt sompla mhaith do chon- taethibh eile Chúige Chonnacht, is atá súil agam go leanfaid an sompla. Atá an spioraid cheart san muinntir óg ar fuaid an chontae, is níl náire na ceann faoi orra an méid Gaedhilge atá aca, í labhairt amach go dána. Atáthar ag tosnughadh ar ainmneacha Gaedhilge do chur suas ar chláraibh anois, 'sas cuid de chómharthaibh na h-aimsire é. Atá atharrughadh mór ag teacht ar na daoinibh is go deimhin bhí gábhadh leis. Is mó céim chruaidh atá rómhainn fós acht is féidir dúinn talamh réidh do dhéanamh díobh le beagán stuama do ghlacadh, is bheith foidhneach mar “buadhann an fhoidhne ar an gcinneamhaint.” Donnchadh Ua Laoghaire Roscomáin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services