Cúis na Gaedhilge i Roscomáin
Do réir an fhuaidir atá fúinn annso le déidheanaighe,
is dóigh liom nách ró-fhada go mbeimíd arís i nÉire
Óg, no go bhfuilimíd i nÉire ár sinsear pé 'ca is fearr
leat, leis an mbuadh mór atá linn i dtaoibh na gCéilidh
thugamuid uainn, i gcómh-phoirt le nár gcraoibh, atá
gach aon deallramh go mbeimíd a dtreó mhaith i gcomhair
an gheimhridh 's an earraigh. Níl ach beagán seachtmhuiní
ó shoin ó thugamar Céilidh uainn i sgoil Náisiúnta
Cheathramha Chruinn, is gan amhras bhí an sgoil lán go
doras, de dhaoine. Do b'fhada roimhe sin, nár éist-
eadar le na leithéid de Chéilidh, le feabhas go háirithe.
Bhí amhráin, aisdíghe-labhartha, rinnce agus ceól go leór
ann, is gach aon aca fíor-Ghaedhealach mar ba dhual do'n
nGaedhil. Chaitheadar go léir oidhche shúgach, is d'aith-
neóchá ar ghnúis gach aoinne de'n tsluaigh ghur thaitin
obair na h-oidhche leis. Gan dearmad níor bh'iongnadh
sin, mar atá an mhuinntir a bhaineann le ná'r gcraoibh
oireamhnach ar sheasamh ó's cómhair aon chruinniughadh.
Seachtmhuin na dhiaidh sin bhí Céilidh eile ag Carn an
Leasa, is do b'é an sgéal céadna é. Is ag dul i
bhfeabhas atáid siad a gcómhnuidhe, má leanaid do'n
obair ní bheidh aon teóra leó sul i fada. Atá roinnt
aca do thóg an obair seo ar láimh, a thuilleann mór-
chuid buidheachais dá bhárr. Níor mhisde dham beagán aca
d'áireamh annso, is fágaim an buadh ar dtúis ag sagar-
taibh an bhaill; mar is iad is mó atá ag gríosadh na
hoibre. Atá tuilleadh aca leis atá go rí-mhaith ar a bhfuil
Séamas Ua Braonáin, Seóirse Macgamhain, Séamas
Macgamhain, Seóirse Mac Oireachtaigh, Proinsias Ua
Breitheamhain, Mícheál Ua Braonáin, Seósamh Ua
Conchúbhair, Seósaimh Mac Aodhgáin, Seaghán Ua Haircín,
Seaghán agus Tomás Ua Cúnáin, Pádruig Ua Ruirc,
Hannraoi Mac Cuairt, is a bhain-chéile, Cáit agus Bríghde
Ní Bhraonáin. Atá mórán eile ann acht do bheadh sé
ro-fhada dham iad d'áireamh.
Atá nídh eile tairbheach aca dá chur ar bun, is sé sin
ag aithbheódhughadh na gcleas lúith. Cuirfid ar bun
iománaidheacht agus liathróid-coise. Atá bráth agam go
dtógfaidh gach craobh do Chonnradh na Gaedhilge in
Éirinn, an Camán suas arís, mar a ndéanfaid is
baoghlach go ngreamóchaidh an “Hockey” san tír, is gur
deacair é bhaint as a phréamhacha. Atá iománuidheacht
ró-Ghaedhealach do chléireach bainne go mbíonn bríste-
marcuigheachta air. Bíonn fuath an domhain aca d'aon
fhocal go mbíonn an litir “r” ann mar atá “hurling”
'sas ró-ghairid go gcaillfidh an t-Aibghitir Béarla an
litir “r” ar fad.
Atá Roscomáin ag tabhairt sompla mhaith do chon-
taethibh eile Chúige Chonnacht, is atá súil agam go
leanfaid an sompla. Atá an spioraid cheart san
muinntir óg ar fuaid an chontae, is níl náire na ceann
faoi orra an méid Gaedhilge atá aca, í labhairt amach
go dána.
Atáthar ag tosnughadh ar ainmneacha Gaedhilge do
chur suas ar chláraibh anois, 'sas cuid de chómharthaibh na
h-aimsire é. Atá atharrughadh mór ag teacht ar na
daoinibh is go deimhin bhí gábhadh leis. Is mó céim
chruaidh atá rómhainn fós acht is féidir dúinn talamh
réidh do dhéanamh díobh le beagán stuama do ghlacadh,
is bheith foidhneach mar “buadhann an fhoidhne ar an
gcinneamhaint.”
Donnchadh Ua Laoghaire
Roscomáin
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11