Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Carabhat Thaidhg
Title
Carabhat Thaidhg
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
C.
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Carabhat Thaidhg. Is brón liom an sgeól so a chlonas aréir I dtigh Sheóirse mhic Dhómhnaill Uí Chonaill 'ghá léigheadh Ag óig-fhear dheas chórach do'n Charat-fhuil shéimh, Gur dóghadh ar Thadhg Ólthach a charabhat daor. Ba dhaor is ba néamhrach an carabhat buidhe A bhí ag an séimh-fhear is féile d'á maireann sa tír; Bheadh sliocht Éibhir le chéile go cathach d'á dhruím Dá mbeidís taobh le Tadhg féin i dtigh an leanna mar bhínn. Do bhínn-se féin taoibh leis go minic ag trághadh Na ngroidhe-chearca fíona is gach siopa sa tsráid; Ar ghníomhartha ár sínnsear níor mhinic é ag trácht Acht ar an nídh chuir 'n-a shlighe chuige a charabhat breagh. Is ó'n Spáinn theas thug máta ar dtúis reithe chun Taidhg; Agus bheárr sé sa Mhárta é le siosúr gan faghairt; Tháinig báisteach 'n-a dhiaidh sin, sneachta 'gus daghan, A chuir chun báis air é i bpáirc fhlich cois Charraig Uí Laighin. Bhíodh Tadhg bocht gan mheidhir air go cathach d'á dhruím Nuair fhaghadh sé go taibhseach an cana maith díghe; Deireadh, “dá mb'áil liom bheith foighnneach is gan é bhearradh ar feadh mí Ní bheadh gadhair Luirc ag tadhaideadh air fé'n dtalamh mar bhíd.” Do bhíodh ag maoidheamh liom go minic 's ag trácht Ar Bhríghde an aoil-chnis bean mhic a dhearbhráthar — Gur b'í chíor agus shnímh do an lomradh ó'n Spáinn, Is dhein le hinntleacht a bhí innti de a charabhat breagh. C.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services