Carabhat Thaidhg.
Is brón liom an sgeól so a chlonas aréir
I dtigh Sheóirse mhic Dhómhnaill Uí Chonaill 'ghá léigheadh
Ag óig-fhear dheas chórach do'n Charat-fhuil shéimh,
Gur dóghadh ar Thadhg Ólthach a charabhat daor.
Ba dhaor is ba néamhrach an carabhat buidhe
A bhí ag an séimh-fhear is féile d'á maireann sa tír;
Bheadh sliocht Éibhir le chéile go cathach d'á dhruím
Dá mbeidís taobh le Tadhg féin i dtigh an leanna mar
bhínn.
Do bhínn-se féin taoibh leis go minic ag trághadh
Na ngroidhe-chearca fíona is gach siopa sa tsráid;
Ar ghníomhartha ár sínnsear níor mhinic é ag trácht
Acht ar an nídh chuir 'n-a shlighe chuige a charabhat breagh.
Is ó'n Spáinn theas thug máta ar dtúis reithe chun
Taidhg;
Agus bheárr sé sa Mhárta é le siosúr gan faghairt;
Tháinig báisteach 'n-a dhiaidh sin, sneachta 'gus daghan,
A chuir chun báis air é i bpáirc fhlich cois Charraig Uí
Laighin.
Bhíodh Tadhg bocht gan mheidhir air go cathach d'á dhruím
Nuair fhaghadh sé go taibhseach an cana maith díghe;
Deireadh, “dá mb'áil liom bheith foighnneach is gan é
bhearradh ar feadh mí
Ní bheadh gadhair Luirc ag tadhaideadh air fé'n dtalamh
mar bhíd.”
Do bhíodh ag maoidheamh liom go minic 's ag trácht
Ar Bhríghde an aoil-chnis bean mhic a dhearbhráthar —
Gur b'í chíor agus shnímh do an lomradh ó'n Spáinn,
Is dhein le hinntleacht a bhí innti de a charabhat breagh.
C.