Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean Bhoidéil
Title
Sean Bhoidéil
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 23, 1901. Sean Bhoidéil Is deacair fíon nuadh do chur i sean-bhoidéilibh gan na boidéil do bhriseadh: agus is deacra ná sain ciall do chur i gceannaibh nach raibh ionnta le fada acht seafóid. Muna raibh seafóid ionnta bhíodar, follamh, agus nuair theidheas siad i naois, bíonn siad follamh nó muna mbíonn, ní fhanann ionnta acht driodar seafóide. Is fada an lá sinn i nÉirinn, ag dul i lagar, nó ag tabhairt na gcor, de barr gan a bheith de chroidhe ionn- ainn misneach a ghlacadh, agus ceart do sheasamh dhúinn féin. Is iomdha Gaedhilgeóir do chonnaic luch fá ghloine ag fear-ealadhain, agus é ag taisbeáint d' á dhaltaibh cia 'n chruth 'na mbeadh luch nó beithidheach eile a bheadh gan aer. Bhéadh an luch ag tabhairt na gcor fá'n ngloine d' uireasbhaidh na séideóige, de ghaoith ná d'aer. Is mar soin go díreach do bhí sinne ag an mBéarla ag tabhairt na gcor, acht anois tá an ghloine do chongbhuigh an t-aer agus an ghaoth uainn briste, agus ní'l orainn acht sinn féin a láidriughadh le spioraid na Gaedhilge agus támuid sábhálta. Ní hé gach uile dhuine d'ar nGaedhil atá gabhtha leis an nuadh-spioraid. D'ar ndóigh ní hiongnadh ar fad é sin. Nuair atá biseach dhuine tugtha le tamall, ní'l glacadh aige le nuadh-smuainibh go réidh ná go síbhialta. Bíonn sé beagán goirgeach, agus b'fhearr leis an sean-nós, na seandhaoine, na seanbhealaigh, agus ní bhíonn glacadh ar bith aige le bealaibh nuadha, na leis an spioraid nuadh. Bhí sé n-a shean-bhoidéal, agus dhá nglacadh sé an spioraid a bhí teacht chuige, ní raibh dada le déanamh aige acht pléasgadh. Níl fulang ag na seanóiribh le srian ná cosg do chur ar a ndíomhaontas, nó ar an gcaoi a gcaitheann siad a mbeatha, cidh nach bhfuilid go léir mar soin, acht tá an oiread aca amhlaidh gur fíor a rádh, nach bhfuil mórán cabhrach le fágháil uatha. Cia an fáth anois neamh-shuim agus díomhaoineas mhór- choda an phobail i dtaoibh na Gaedhilge? Níl mothughadh ná earann sna daoinibh i n-áiteachaibh de'n tír; níl fearamhlacht ná croidhe ná misneach ionnta. Fuairea- mar sgéala an-bhrónach le goirid ó bhaile airithe. Tá trí fó-chumainn ann, agus gan dalla ar siubhal aca, nuair bhíos gnó an lae thart acht dhul ag imirt chártaidhe agus ag caitheamh tabac, nó ag imirt liathróide-boird (nó boird-liathróide) nó fánuidheacht de'n tsórt sain. Bhí aon fhear amháin ann, agus shaoil sé craobh de'n Chonnradh a chur ar bun. D'éirigh leis an dtús nuair thosuigh sé, acht i gceann tamaill thuit an glug ar an nglag aca, agus thuiteadar siar ar ais i linn an díomhaoinis, agus an ghalldachais. “An rud a theidheas sa smior ní féidir a bhaint as an gcnáimh.” Chuaidh sglábhuigheacht, agus mosaine go smior ionnta so agus tá siad ionnta fós. Tá na sagairt sa mbaile seo díomhaoineach, nó muna bhfuil tá siad goirgeach cantalach, coiligneach, agus ní féidir aon leas fhághail asta. Níl ionnta acht sean-bhoidéil a phléasgadh dá mbeadh orra iomlán ná fírinne do ghlacadh, agus dlighe náisiúnta na fírinne a chóimhlíonadh. Acht atá an fíon, sé sin an spioraid nuadh ag sgaipeadh, agus má's thíos a bheas muin- tir an bhaile seo lá an chruadhtain, bíodh a mhilleán orra féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services