Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean Bhoidéil

Title
Sean Bhoidéil
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Samhain 23, 1901.



Sean Bhoidéil



Is deacair fíon nuadh do chur i sean-bhoidéilibh gan
na boidéil do bhriseadh: agus is deacra ná sain ciall do
chur i gceannaibh nach raibh ionnta le fada acht seafóid.
Muna raibh seafóid ionnta bhíodar, follamh, agus nuair
theidheas siad i naois, bíonn siad follamh nó muna
mbíonn, ní fhanann ionnta acht driodar seafóide. Is
fada an lá sinn i nÉirinn, ag dul i lagar, nó ag
tabhairt na gcor, de barr gan a bheith de chroidhe ionn-
ainn misneach a ghlacadh, agus ceart do sheasamh dhúinn féin.
Is iomdha Gaedhilgeóir do chonnaic luch fá ghloine ag
fear-ealadhain, agus é ag taisbeáint d' á dhaltaibh cia 'n
chruth 'na mbeadh luch nó beithidheach eile a bheadh gan
aer. Bhéadh an luch ag tabhairt na gcor fá'n ngloine
d' uireasbhaidh na séideóige, de ghaoith ná d'aer. Is
mar soin go díreach do bhí sinne ag an mBéarla ag
tabhairt na gcor, acht anois tá an ghloine do chongbhuigh
an t-aer agus an ghaoth uainn briste, agus ní'l orainn acht sinn
féin a láidriughadh le spioraid na Gaedhilge agus támuid
sábhálta.



Ní hé gach uile dhuine d'ar nGaedhil atá gabhtha leis
an nuadh-spioraid. D'ar ndóigh ní hiongnadh ar fad é
sin. Nuair atá biseach dhuine tugtha le tamall, ní'l
glacadh aige le nuadh-smuainibh go réidh ná go síbhialta.
Bíonn sé beagán goirgeach, agus b'fhearr leis an sean-nós,
na seandhaoine, na seanbhealaigh, agus ní bhíonn glacadh ar bith
aige le bealaibh nuadha, na leis an spioraid nuadh. Bhí
sé n-a shean-bhoidéal, agus dhá nglacadh sé an spioraid a
bhí teacht chuige, ní raibh dada le déanamh aige acht
pléasgadh. Níl fulang ag na seanóiribh le srian ná
cosg do chur ar a ndíomhaontas, nó ar an gcaoi a
gcaitheann siad a mbeatha, cidh nach bhfuilid go léir mar
soin, acht tá an oiread aca amhlaidh gur fíor a rádh,
nach bhfuil mórán cabhrach le fágháil uatha.



Cia an fáth anois neamh-shuim agus díomhaoineas mhór-
choda an phobail i dtaoibh na Gaedhilge? Níl mothughadh
ná earann sna daoinibh i n-áiteachaibh de'n tír; níl
fearamhlacht ná croidhe ná misneach ionnta. Fuairea-
mar sgéala an-bhrónach le goirid ó bhaile airithe. Tá
trí fó-chumainn ann, agus gan dalla ar siubhal aca, nuair
bhíos gnó an lae thart acht dhul ag imirt chártaidhe agus ag
caitheamh tabac, nó ag imirt liathróide-boird (nó
boird-liathróide) nó fánuidheacht de'n tsórt sain. Bhí
aon fhear amháin ann, agus shaoil sé craobh de'n Chonnradh
a chur ar bun. D'éirigh leis an dtús nuair thosuigh sé,
acht i gceann tamaill thuit an glug ar an nglag aca,
agus thuiteadar siar ar ais i linn an díomhaoinis, agus an
ghalldachais. “An rud a theidheas sa smior ní féidir a
bhaint as an gcnáimh.” Chuaidh sglábhuigheacht, agus mosaine
go smior ionnta so agus tá siad ionnta fós. Tá na
sagairt sa mbaile seo díomhaoineach, nó muna bhfuil tá
siad goirgeach cantalach, coiligneach, agus ní féidir aon
leas fhághail asta.



Níl ionnta acht sean-bhoidéil a phléasgadh dá mbeadh
orra iomlán ná fírinne do ghlacadh, agus dlighe náisiúnta
na fírinne a chóimhlíonadh. Acht atá an fíon, sé sin an
spioraid nuadh ag sgaipeadh, agus má's thíos a bheas muin-
tir an bhaile seo lá an chruadhtain, bíodh a mhilleán orra
féin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services