Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Madradh
Title
An Madradh
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Briain, Mícheál
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Filidheacht Sé Mícheál Ó Briain i mBaile Múirne, do sgríobh an t-amhrán so. Deir sé gur fear atá n-a chomhnuidhe n-a chómharsanacht a dhéin é. An Madradh Is dúbhach mé le sealadh 's is déarach, Faoi ath-tuirse ag éigheamh 's ag caoi, Ó fuaras mo mhadradh traochta, Cois sgairte gan mhéam 'n-a chroidhe; Do bhuaileas mo bhasa is do bhéiceas Nuair chonnac-sa é faon mar bhí, Sínte lag marbh sa bhféar ghlas, Go treasgartha tréith 'n-a luighe. Gan iongnadh is trúig dam chun éaga, Bheith i n-easnamh mo Major groidhe Do dheineadh dam tiúsgal le héirim Go tuigseanach béasach cruinn; Do choinnigheadh sé an sionnach óm' ghéanna; Ní leogfadh na céise an choíll; Do dheineadh sé an leanbh a bhréagadh Dá bhfeicfeadh sé Léan ag sníomh. Insa tsamhradh nuair chuirinn sa ré suas Na ba seasga ar féar, is fíor Nár cheall dam go Samhain dul dh'á bhféachaint An fhaid mhair agam Major groidhe; Mar théidheadh sé go minic dh'á n-aodhaireacht Gan leisge roimh ghaoth ná shíon; B'é choinnigheadh iad i bhfothain a chéile Dá mbeidís ó'n bpéist ag guail. Is lúthmhar gach maidean a théidheadh sé Thar gheata an demesne sa choíll, Is tugadh chúgham gioraithe is méith-bhruic A dheineadh dam féin an cíos; Thugadh sé an creabhar as an bhféith leis; An bradán go héasga ó'n línn; Is do stolfadh sé an báille as a chéile Dá dtigfeadh sé i ngaor dom' thigheas. Do bhuaidh sé ar chonaibh na hÉireann Lá an chruinnighthe ar thaobh Chluain Caoin; Agus thóg sé an cupa ar Shéasar An madradh thréig Jack Buidhe; Do bhuaidh sé i nDúthalla ar Chéaró, Agus thug uaidh an chraobh gan moíll; Agus bhuaidh sé i mBéal Ath an Ghaorthaidh An dá shovereign déag ar Chraoit. Ní le hamhgar ná amhracht a traochadh Mo mhadradh tréith gan bhrígh, Mar ba theann fhaghadh gach am proinne a bhéile Go ceannsa ar mhéis óm' mhnaoi; Acht an clabhaire beag cancarach aodhaireann Do leambart an géim sa choíll A raid é go sanntach le piléaraibh Agus chuir iad, mo léan! n-a chroidhe. (Críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services