Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Madradh

Title
An Madradh
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Briain, Mícheál
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Filidheacht



Sé Mícheál Ó Briain i mBaile Múirne, do sgríobh an t-amhrán so.
Deir sé gur fear atá n-a chomhnuidhe n-a chómharsanacht a dhéin é.



An Madradh



Is dúbhach mé le sealadh 's is déarach,
Faoi ath-tuirse ag éigheamh 's ag caoi,
Ó fuaras mo mhadradh traochta,
Cois sgairte gan mhéam 'n-a chroidhe;
Do bhuaileas mo bhasa is do bhéiceas
Nuair chonnac-sa é faon mar bhí,
Sínte lag marbh sa bhféar ghlas,
Go treasgartha tréith 'n-a luighe.



Gan iongnadh is trúig dam chun éaga,
Bheith i n-easnamh mo Major groidhe
Do dheineadh dam tiúsgal le héirim
Go tuigseanach béasach cruinn;
Do choinnigheadh sé an sionnach óm' ghéanna;
Ní leogfadh na céise an choíll;
Do dheineadh sé an leanbh a bhréagadh
Dá bhfeicfeadh sé Léan ag sníomh.



Insa tsamhradh nuair chuirinn sa ré suas
Na ba seasga ar féar, is fíor
Nár cheall dam go Samhain dul dh'á bhféachaint
An fhaid mhair agam Major groidhe;
Mar théidheadh sé go minic dh'á n-aodhaireacht
Gan leisge roimh ghaoth ná shíon;
B'é choinnigheadh iad i bhfothain a chéile
Dá mbeidís ó'n bpéist ag guail.



Is lúthmhar gach maidean a théidheadh sé
Thar gheata an demesne sa choíll,
Is tugadh chúgham gioraithe is méith-bhruic
A dheineadh dam féin an cíos;
Thugadh sé an creabhar as an bhféith leis;
An bradán go héasga ó'n línn;
Is do stolfadh sé an báille as a chéile
Dá dtigfeadh sé i ngaor dom' thigheas.



Do bhuaidh sé ar chonaibh na hÉireann
Lá an chruinnighthe ar thaobh Chluain Caoin;
Agus thóg sé an cupa ar Shéasar
An madradh thréig Jack Buidhe;
Do bhuaidh sé i nDúthalla ar Chéaró,
Agus thug uaidh an chraobh gan moíll;
Agus bhuaidh sé i mBéal Ath an Ghaorthaidh
An dá shovereign déag ar Chraoit.



Ní le hamhgar ná amhracht a traochadh
Mo mhadradh tréith gan bhrígh,
Mar ba theann fhaghadh gach am proinne a bhéile
Go ceannsa ar mhéis óm' mhnaoi;
Acht an clabhaire beag cancarach aodhaireann
Do leambart an géim sa choíll
A raid é go sanntach le piléaraibh
Agus chuir iad, mo léan! n-a chroidhe.



(Críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services