Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Sgéalta Thairis AN PÍOBAIRE IS ÓIGE. Tháinig sgéala chugainn nach é Mac Uí Uarghusa, i gCraoibh Ard Easboig Mhic hEil, an píobaire is óige i nÉirinn, acht buachaill beag eile i gCorcaigh nach bhfuil acht dhá bhliadhain déag d'aois, agus go bhfuil a dheirbh- shiúr sin ábalta ar na píobaibh a sheinm agus gan í acht naoi mbliadhna. Má tá páisdidhe mar iad so ag fóghluim na bpíob ní'l baoghal nach mbeadh ceol Gae- dhealach ar ndóthain againn le congnamh Dé. Ag so í an litir. An Píobaire is Óige Ceartughadh Cumann na bPíobairí nGaedhealach, 10 Sráid Marlboro', i gCorcaigh. Do'n Eagarthóir, A Fhir an Chlaidhimh, — Chonnac tuairisg le déidheannaighe id' pháipéar mar gheall ar an Sgoruidheacht beag a bhí ag Craobh Aird-Easbuig Mhic Héil. Deirtear go bhfuil Mac Uí Urghusa (no Harrison) ar an bpíobaire is óige i nÉirinn. Deirim-se fé chead duit nach ceart é sin; mar tá garsún óg ann ár measg-ne, Sean Mag Éanna go bhfuil an chéim sin aige. Níl seisean acht dhá bhliadhain déag. Ní hé sin amháin, acht a dheirbhshiúr- san, cailín beag nach slán di acht naoi mbliadhna, féadann sise séideadh suas ar na píobaibh leis, agus rinnceóir cliste is eadh í 'na theannta. Is mise le meas mór, Liam Dolana NA DATHANNA Budh shé Eochaidh Edgudach, rígh Éireann, an chéad fhear do dhathuigh éadach i nÉirinn. Dearg, glas, .i. uaithne, agus gorm do dhatuigh sé é. Chuir sé éadach daithte ghá chaitheamh, agus do réir mar bhí céim onóra sna daoinibh bhí sé dlisdionach aca ó aon dath amháin go dtí seacht ndath a bheith san éadach. Aon dath amháin a bhí ag an ngiolla, nó ag an searbhfoghanta; dhá dhath ag an bhfeilméar a d'íocfadh cíos; trí dhath ag oifeagachaibh; chúig dhath ag ceannurradh; sé dhath ag ollamh agus ag file; agus seacht ndath ag righ agus ag bainríoghan. Ní haithristear cia na dathanna iad, ná cia an cineál éadaigh bhí ghá chaitheamh, acht gur dóigh go raibh olann agus síoda i núsáid, agus bhí snáithidhe óir fighte go sna léinte- achaibh, go raibh falaing gheal ar thaoiseach áite, falaing ghorm ar thaoiseach eile, falaing uaithne ar fhear eile, falaing bhuidhe ar dhuine eile, agus go mbíodh bioráin- brollaigh ag gach aon dhuine aca ag congbháil na falainge thar a chéile ar an mbrollach. TROID NA gCOILEACH Tá sé i naghaidh an dlighe i nÉirinn coiligh do chur ag troid. Bhí cúigear fear ag an gcúirt an lá fá dheireadh shuas i nArdmacha, agus is fá bheith ag breathnughadh ar choileachaibh ag troid a tugadh ann iad. Nuair bhí an cheistniughadh thart, agus an fhiadhnaise tabhartha thosuigh an dlightheoir a bhí ar thaobh an chúigeir ag caint ar a son, agus ní raibh sé i bhfad ag caint nuair a labhair fear de'n chóisteadh, agus dubhairt sé — “Tá mise deich mbliadhna agus trí fichid anois agus is cuimhneach liom go maith go bhfaca mé coiligh ag troid shíos i dtóin mo gharrdha féin.” Thosuigh gach uile dhuine sa gcúirt a sgartaoil gháiridh, agus dubhairt an breitheamh nach raibh aon mhaith, ag dul ar aghaidh leis an gcúis tar éis na cainte sin ó fhear a bhí ar an gcóisteadh. D'admhuigh an cúigear annsin go rabhadar ciontach, agus sgaoileadh amach ar bhannaibh iad. CUIMHNE SEAN-PHÁISDE. Bhí láidhe bheag agam sa agus budh dheas an láidhe í, Do bhain mé fóidín, agus budh dheas an fóidín é, Bhí neidín ann sa bhfóidín, is budh dheas an neidín í, Bhí uibhín annsa neidín, 's budh dheas an uibhín í, Bhí éinín annsan uibhín, is budh dheas an téinín é, Bhí iorball ar an éinín, is budh dheas an t-iorball é, Agus sin é bhur sgéilín 'gus is deas an sgéilín é. P. P. O M. Chualamar-ne: Bhí iorball ar an éinín, chomh fada le mo mhéirín 'S nach laghach deas an sgéilín é sin.
TAISBEÁNADH CHORCAIGH Sé mhíle dhéag punt atá bailighthe anois le h-aghaidh an Taisbeánadh, agus tá i ngar dhá a n-oiread eile uatha fós sul is féidir leo a rádh go bhfuil a sáth aca. Tá déanamh na dtighthe ag dul ar aghaidh go láidir, muirtéal, agus spallaidhe ag dul i bhfolach, agus liatháin ghá sgiúradh chomh glas le sgilling. Dubhairt an rúnaire ag tionól ann, gur dhubhairt páipéar nuaidheacht éigin nach raibh na hÉireannaigh ag teacht isteach chum an Taisbeánadh, acht ar nos chuma liom. Nach mór an t-iongnadh nach dtiubhradh an rúnaire céadna aire dhá ghnó, agus gan a bheith ghá shifleáil féin ag tabhairt áird ar dhaoinibh nach bhfuil acht ag magadh faoi? Ar nós ar bith, fuair sé sgéala, innsint do'n pháipéar so go raibh naoi gcuid de'n talamh tógtha ag muintir na hÉireann cheana. Diachta dhó mhaise a bhac le comhrádh na gcail- leach, acht cá bhfuighfidh an duine bocht ciall muna bhfuil an Ghaedhilg aige? AN COGADH So é an bealach ar buaileadh na Sasanaigh ann sa gcath deireadh. Bhí cuid aca ag teacht isteach n-a sguaidrín chum an champa, agus an troid ar siubhal rompa, nuair a thainig Laoiseach Bota anuas ortha le sé chéad fear. Deir an sgéala gur fada a bhíodar ag troid sul ghéilleadar na Sasanaigh, acht, dar ndóigh ní fada. Cuireadh urchar tré gach uile fhear, agus gach uile chapall a bhí i néadan na ngunnaidhe (bhíodar i bhfóigseacht urchair an ghunna-bhig dá chéile), agus bhíodar ar feadh i bhfad ag pléasgadh ar a chéile, agus an dá ghunna mhór istigh eatorra. Fá dheireadh b'éigin do na Sasanaigh leigeann fútha agus párdúin iarradh. NA PRÍOSÚNAIDHE Tá le rádh, más fíor é go bhfuil na Búraigh do cuireadh i bpíosún ar oileán Sin Héilíne ag brath ar a suaimneas a ghlacadh. Tá cead aca dul isteach is amach ar fud an Bhaile mhóir, agus obair ar bith a thogróchas siad a dhéanamh. Tá siopa aráin, agus milseáin ag duine aca, agus é pósta ó chuaidh sé ann, agus tá an mhuintir eile ag déanamh beagán oibre freisin. Tá tuairim leath-chéad aca ag cur téide-teintrigh síos, ó'n mbaile mór go dtí áit istigh i naice lár an oileáin. Bhí dhá lá grinn aca tá mí ó shoin ann, comhthrom na laethe ar ar rugadh Crúgar agus Stein, an dá Uachtarán. Bhí rásaidhe, caitheamh cloch-neart, truslóg, agus trí thruslóg, léim árd, agus léim fhada, agus tarraing téide aca ann, agus san oidhche bhí Cuirim Cheoil aca, agus dráma do chum duine aca féin. Chomh fada agus chongbhóchadh siad a dteanga tá siad slán sabhálta. BÓTHAR FÁ FHARRAIGE Tá caint anois ar bhóthar-iarainn a dhéanamh fá an bhfarraige (fá Shruth na Maoile) ó Éirinn go hAlbain. Deir siad gur féidir a dhéanamh go réidh acht go mbéadh sé ocht nó naoi mbliadhna ar bun. Ní'l fhios aca cia is fearr aon bhealach fhosgailte amháin a dhéanamh, a bhéadh ocht dtroighthe fichead nó naoi dtroighthe fichead, ar léithead nó péire a dhéanamh le taobh a chéile, agus balla a fhágail eatorra. Tá ceann 'ghá dhéanamh cheana, agus tá siad ag déanamh dhá throigh is fiche de gach uile lá, agus tá súil aca níos mó ná sin sa ló de a ghearradh go goirid. Níor cheart go mbéadh sé níos deacra bealach tréanach a ghearradh fá an bhfarraige ná tá sé mianach óir a bhaint aníos as an gcarraig atá os cionn dá mhíle troigh fá thalamh thall san Aifric theas. AN tIM Tá cáil ar im na hÉireann le sgathadh fada gur fearr é ná im ar bith eile ag teacht ar an margadh. Ní'l aonduine ag á shéanadh sain acht na Dubhghaill, no na Danair, sliocht an dreama ar chuir Brian Borumha agus a chuid fear sgaipeadh agus fán ortha ag Cluan Tarbh fad ó. Thug fear as Luimneach a ndubhshlán, tá tamall ó shoin, faoi n-a gcuid ime, agus dubhairt sé go bhfágfadh, sé ar breitheamhnas an gceannachóiridhe cia b'fhearr im na hÉireann ná im na nDanar. Bhí an Danar le chúig chorcán déag a chur anall, le iad a líonadh le im i n-áiteachaibh éagsamhla i gCúigeadh Mumhan agus le iad a bheith ar an margadh a léithéid seo de lá. Chuirfidhe a chuid-sean agus im fhir Luimnigh i gcomórtas annsain, agus pé ar bith cia aca a b'fhearr is aige bheadh an geall. Chuir an Danar na corcáin anall, acht má chuir bhíodar dhá lá mall, agus deir fear Luimnigh anois gur i n-aon torus a chongbhuigh na Danair moill ar na corcáin, gan iad a chur uaidh i n-am, agus gur faitchíos a bhí ar go mbuailfidhe é féin agus a chuid ime. Thairig an Danar na corcáin a chur ghá líonadh arís acht trí chéad punt fhághail, acht dubhairt fear Luimnigh leis a dhul abhaile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services