Cúrsaidhe an tSaoghail
Sgéalta Thairis
AN PÍOBAIRE IS ÓIGE.
Tháinig sgéala chugainn nach é Mac Uí Uarghusa, i
gCraoibh Ard Easboig Mhic hEil, an píobaire is óige
i nÉirinn, acht buachaill beag eile i gCorcaigh nach
bhfuil acht dhá bhliadhain déag d'aois, agus go bhfuil a dheirbh-
shiúr sin ábalta ar na píobaibh a sheinm agus gan í acht
naoi mbliadhna. Má tá páisdidhe mar iad so ag
fóghluim na bpíob ní'l baoghal nach mbeadh ceol Gae-
dhealach ar ndóthain againn le congnamh Dé. Ag so í
an litir.
An Píobaire is Óige
Ceartughadh
Cumann na bPíobairí nGaedhealach,
10 Sráid Marlboro', i gCorcaigh.
Do'n Eagarthóir,
A Fhir an Chlaidhimh, — Chonnac tuairisg le déidheannaighe
id' pháipéar mar gheall ar an Sgoruidheacht beag a bhí
ag Craobh Aird-Easbuig Mhic Héil. Deirtear go bhfuil
Mac Uí Urghusa (no Harrison) ar an bpíobaire is óige
i nÉirinn. Deirim-se fé chead duit nach ceart é sin;
mar tá garsún óg ann ár measg-ne, Sean Mag
Éanna go bhfuil an chéim sin aige. Níl seisean acht
dhá bhliadhain déag. Ní hé sin amháin, acht a dheirbhshiúr-
san, cailín beag nach slán di acht naoi mbliadhna,
féadann sise séideadh suas ar na píobaibh leis, agus
rinnceóir cliste is eadh í 'na theannta.
Is mise le meas mór,
Liam Dolana
NA DATHANNA
Budh shé Eochaidh Edgudach, rígh Éireann, an chéad
fhear do dhathuigh éadach i nÉirinn. Dearg, glas, .i.
uaithne, agus gorm do dhatuigh sé é. Chuir sé éadach
daithte ghá chaitheamh, agus do réir mar bhí céim onóra sna
daoinibh bhí sé dlisdionach aca ó aon dath amháin go dtí
seacht ndath a bheith san éadach. Aon dath amháin a bhí
ag an ngiolla, nó ag an searbhfoghanta; dhá dhath ag an
bhfeilméar a d'íocfadh cíos; trí dhath ag oifeagachaibh;
chúig dhath ag ceannurradh; sé dhath ag ollamh agus ag file;
agus seacht ndath ag righ agus ag bainríoghan.
Ní haithristear cia na dathanna iad, ná cia an cineál
éadaigh bhí ghá chaitheamh, acht gur dóigh go raibh olann
agus síoda i núsáid, agus bhí snáithidhe óir fighte go sna léinte-
achaibh, go raibh falaing gheal ar thaoiseach áite, falaing
ghorm ar thaoiseach eile, falaing uaithne ar fhear eile,
falaing bhuidhe ar dhuine eile, agus go mbíodh bioráin-
brollaigh ag gach aon dhuine aca ag congbháil na
falainge thar a chéile ar an mbrollach.
TROID NA gCOILEACH
Tá sé i naghaidh an dlighe i nÉirinn coiligh do chur
ag troid. Bhí cúigear fear ag an gcúirt an lá fá
dheireadh shuas i nArdmacha, agus is fá bheith ag breathnughadh
ar choileachaibh ag troid a tugadh ann iad. Nuair bhí an
cheistniughadh thart, agus an fhiadhnaise tabhartha thosuigh an
dlightheoir a bhí ar thaobh an chúigeir ag caint ar a son,
agus ní raibh sé i bhfad ag caint nuair a labhair fear de'n
chóisteadh, agus dubhairt sé — “Tá mise deich mbliadhna agus
trí fichid anois agus is cuimhneach liom go maith go bhfaca
mé coiligh ag troid shíos i dtóin mo gharrdha féin.”
Thosuigh gach uile dhuine sa gcúirt a sgartaoil gháiridh,
agus dubhairt an breitheamh nach raibh aon mhaith, ag dul ar
aghaidh leis an gcúis tar éis na cainte sin ó fhear a bhí
ar an gcóisteadh. D'admhuigh an cúigear annsin go
rabhadar ciontach, agus sgaoileadh amach ar bhannaibh iad.
CUIMHNE SEAN-PHÁISDE.
Bhí láidhe bheag agam sa agus budh dheas an láidhe í,
Do bhain mé fóidín, agus budh dheas an fóidín é,
Bhí neidín ann sa bhfóidín, is budh dheas an neidín í,
Bhí uibhín annsa neidín, 's budh dheas an uibhín í,
Bhí éinín annsan uibhín, is budh dheas an téinín é,
Bhí iorball ar an éinín, is budh dheas an t-iorball é,
Agus sin é bhur sgéilín 'gus is deas an sgéilín é.
P. P. O M.
Chualamar-ne:
Bhí iorball ar an éinín, chomh fada le mo mhéirín
'S nach laghach deas an sgéilín é sin.
TAISBEÁNADH CHORCAIGH
Sé mhíle dhéag punt atá bailighthe anois le h-aghaidh
an Taisbeánadh, agus tá i ngar dhá a n-oiread eile uatha
fós sul is féidir leo a rádh go bhfuil a sáth aca. Tá
déanamh na dtighthe ag dul ar aghaidh go láidir,
muirtéal, agus spallaidhe ag dul i bhfolach, agus liatháin ghá
sgiúradh chomh glas le sgilling. Dubhairt an rúnaire
ag tionól ann, gur dhubhairt páipéar nuaidheacht éigin
nach raibh na hÉireannaigh ag teacht isteach chum an
Taisbeánadh, acht ar nos chuma liom. Nach mór an
t-iongnadh nach dtiubhradh an rúnaire céadna aire dhá
ghnó, agus gan a bheith ghá shifleáil féin ag tabhairt áird
ar dhaoinibh nach bhfuil acht ag magadh faoi? Ar nós ar
bith, fuair sé sgéala, innsint do'n pháipéar so go raibh
naoi gcuid de'n talamh tógtha ag muintir na hÉireann
cheana. Diachta dhó mhaise a bhac le comhrádh na gcail-
leach, acht cá bhfuighfidh an duine bocht ciall muna bhfuil
an Ghaedhilg aige?
AN COGADH
So é an bealach ar buaileadh na Sasanaigh ann sa gcath
deireadh. Bhí cuid aca ag teacht isteach n-a sguaidrín
chum an champa, agus an troid ar siubhal rompa, nuair
a thainig Laoiseach Bota anuas ortha le sé chéad fear.
Deir an sgéala gur fada a bhíodar ag troid sul
ghéilleadar na Sasanaigh, acht, dar ndóigh ní fada.
Cuireadh urchar tré gach uile fhear, agus gach uile chapall
a bhí i néadan na ngunnaidhe (bhíodar i bhfóigseacht urchair
an ghunna-bhig dá chéile), agus bhíodar ar feadh i bhfad ag
pléasgadh ar a chéile, agus an dá ghunna mhór istigh eatorra.
Fá dheireadh b'éigin do na Sasanaigh leigeann fútha
agus párdúin iarradh.
NA PRÍOSÚNAIDHE
Tá le rádh, más fíor é go bhfuil na Búraigh do
cuireadh i bpíosún ar oileán Sin Héilíne ag brath ar a
suaimneas a ghlacadh. Tá cead aca dul isteach is
amach ar fud an Bhaile mhóir, agus obair ar bith a thogróchas
siad a dhéanamh. Tá siopa aráin, agus milseáin ag duine
aca, agus é pósta ó chuaidh sé ann, agus tá an mhuintir eile ag
déanamh beagán oibre freisin. Tá tuairim leath-chéad
aca ag cur téide-teintrigh síos, ó'n mbaile mór go dtí
áit istigh i naice lár an oileáin. Bhí dhá lá grinn aca
tá mí ó shoin ann, comhthrom na laethe ar ar rugadh
Crúgar agus Stein, an dá Uachtarán. Bhí rásaidhe,
caitheamh cloch-neart, truslóg, agus trí thruslóg, léim
árd, agus léim fhada, agus tarraing téide aca ann, agus san
oidhche bhí Cuirim Cheoil aca, agus dráma do chum duine aca
féin. Chomh fada agus chongbhóchadh siad a dteanga tá siad
slán sabhálta.
BÓTHAR FÁ FHARRAIGE
Tá caint anois ar bhóthar-iarainn a dhéanamh fá an
bhfarraige (fá Shruth na Maoile) ó Éirinn go hAlbain.
Deir siad gur féidir a dhéanamh go réidh acht go mbéadh
sé ocht nó naoi mbliadhna ar bun. Ní'l fhios aca cia is
fearr aon bhealach fhosgailte amháin a dhéanamh, a bhéadh
ocht dtroighthe fichead nó naoi dtroighthe fichead, ar
léithead nó péire a dhéanamh le taobh a chéile, agus balla a
fhágail eatorra. Tá ceann 'ghá dhéanamh cheana, agus tá
siad ag déanamh dhá throigh is fiche de gach uile lá, agus
tá súil aca níos mó ná sin sa ló de a ghearradh go
goirid. Níor cheart go mbéadh sé níos deacra bealach
tréanach a ghearradh fá an bhfarraige ná tá sé mianach
óir a bhaint aníos as an gcarraig atá os cionn dá
mhíle troigh fá thalamh thall san Aifric theas.
AN tIM
Tá cáil ar im na hÉireann le sgathadh fada gur
fearr é ná im ar bith eile ag teacht ar an margadh.
Ní'l aonduine ag á shéanadh sain acht na Dubhghaill, no
na Danair, sliocht an dreama ar chuir Brian Borumha
agus a chuid fear sgaipeadh agus fán ortha ag Cluan Tarbh
fad ó. Thug fear as Luimneach a ndubhshlán, tá tamall
ó shoin, faoi n-a gcuid ime, agus dubhairt sé go bhfágfadh,
sé ar breitheamhnas an gceannachóiridhe cia b'fhearr im
na hÉireann ná im na nDanar. Bhí an Danar le chúig
chorcán déag a chur anall, le iad a líonadh le im i
n-áiteachaibh éagsamhla i gCúigeadh Mumhan agus le iad
a bheith ar an margadh a léithéid seo de lá. Chuirfidhe
a chuid-sean agus im fhir Luimnigh i gcomórtas annsain,
agus pé ar bith cia aca a b'fhearr is aige bheadh an geall.
Chuir an Danar na corcáin anall, acht má chuir bhíodar dhá
lá mall, agus deir fear Luimnigh anois gur i n-aon torus
a chongbhuigh na Danair moill ar na corcáin, gan iad a
chur uaidh i n-am, agus gur faitchíos a bhí ar go mbuailfidhe
é féin agus a chuid ime. Thairig an Danar na corcáin a chur
ghá líonadh arís acht trí chéad punt fhághail, acht dubhairt
fear Luimnigh leis a dhul abhaile.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11