Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhrádh le Peadar Mag Fhionnlaoigh
Title
Comhrádh le Peadar Mag Fhionnlaoigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhrádh le Peadar Mag Fhionnlaoigh mar Uachdarán ar chuirm ceoil i nGlaschú ar an 15mhadh lá de'n mhí seo. Seadh a cháirde tá an Ghaedhealtacht linn anocht agus is mithid dúinn é, óir tá barraidheacht galldachais againn la fada. Adeirtear le daoinibh go bhfuil céad nó
céad go leith míle duine de Ghaedhealaibh Éireann i nGlaschú, agus nach mór an náire do'n mhór-bhuidhin sin gurab í seo an chéad chuirm cheoil Ghaedhealach a bhí aca riamh i nGlaschú? Is iomdha cruinniughadh bhíos ag Éireannachaibh 'sa' chathraigh seo acht faraor is mó an Béarla agus an Béarlachas bhíos ar siubhal aca ná rud ar bith bhaineas le Gaedhealaibh nó le Gaedhealtacht. Bíonn cruinnighthe suilt, nó céilidhe ag Éireannchaibh do réir na gCondae ó a dtáinig na daoine. Ní céilidhe, amh, tugaid ar na cruinnighthibh úd, acht bronntar ainm- neacha galánta coigcríocha orra as Gallbhéarla, as Fraincis agus as Iodáilis amhail Reiunion, Sbharre nó Conbhersadsióné. Tá an méid seo ceart go leor, óir is córa na hainmneacha seo do thabhairt orra ná ainm Gaedhilge, mar is cruinnigthe Gallda iad réir a mbríghe agus a spioraid. Ní seinntear ceol ionnta acht ceol Gallda agus ní labhartar ionnta acht Sacsbhéarla, agus ní móide deantar damhsa nó rince aca acht rincthe Gallda. Chualas iomradh go deirionnach ar bhuidhnibh de dhaoinibh óga atá ag á n-ullmhughadh féin fá choinne na bhfeiseann úd agus ag cleachtadh rinceadh fá na gcoinne, agus caidé bhúr mbarramhail de'n chineál rinceadh atá siad ag cleachtadh? An é go bhfuil siad ag foghluim agus ag cleachtadh damhsadh Gaedhealach, mar tá an cor agus an port agus an rince fada? Ní headh go dearbhtha; acht is iad an bhalts agus an polca agus an Lansers agus na rincthe Gallda go léir atá ar siubhal aca! Is ionann 'sa' chás do'n cheol atáthar dá hullmhughadh le haghaidh na bhfeiseann seo. Agus tá na cainteóirí atá ceaptha amach le caint a dhéanamh ag na comh-chruinnighthibh úd ag cur faobhair ar a gcuid Béarla le hóráidibh breagha blasta spleadhacha a thabhairt uatha as Gallbhéarla. Tá daoine macánta ag teacht as Éirinn, idir chléirchibh agus thuataibh le tuile Béarla a stealladh orainn is mór a' truaigh liomsa nach bhfanaid 'sa' bhaile go bhfoghluimneóchaid Gaedhilg óir tá go leor Béarlachais ann seo cheana féin. Budh mhaith liom dá gcuirfeadh Gaedhilgeóirí na háite seo ceist nó dó ar na daoinibh úd, d'fhiaf- rughadh dhíobh caidé tá siad ag déanamh ar son na Gaedhilge 'sa' bhaile, an bhfuil siad ag cur múinteachais Gaedhilge ar bun ins na sgoltaibh atá faoi n-a stiúr nó an bhfuil siad ag cuidiughadh le rangaibh Gaedhilge do chur 'un tosaigh in a nduthaighibh féin 'sa' bhaile. Is mór an tubaiste agus an mío-ádh dhúinn na cruinnighthe gCondae seo. Is iad na Sasanaigh do cheap na condaí seo ar dtús le hachrann do thógbháil eadrainn agus is ró-mhaith d'éirigh a saothar leo, mar ba mhinic dúinn cinn ar gcomharsan a bhriseadh de bhrigh nar geineadh é ar ar dtaoibh féin de'n chlaidhe. Agus fós san am atá i láthair tá na cruinnighthe gCondae seo i nGlaschú agus in Amerioca agus in áitibh eile ag déanamh díoghbhála dhúinn ag leathnughadh an Ghalldachais in ar measg. Ní'l Éire chomh mór sin gur ceart daoine na hÉireann d'eidir- dhealughadh ó n-a chéile do réir teorann na gCondae do cheapadar na Gaill dúinn. Agus ní'l sliocht Gao- dhail chomh líonmhar sin indiu gur cóir iad do sgoilteadh suas in a gclannaibh agus in a ndreamannaibh. Is í mo chomhairle-se dhaoibh a cháirde gaoil, má's féidir libh é, na cruinnighthe seo do chur ar gcúl agus muna féidir libh sin, innsint do na daoinibh an dochar atá siad ag déanamh. Chruinnigh Gaedheail na hÉireann uile isteach in aon chloinn agus in aon chuideachta, agus is í an chlann sin, clann na nGaedheal, agus is í an chuideachta sin, Connradh na Gaedhilge mar a chluinfidh siad Béarla a gcinidh agus ceol a gcinidh agus 'tchidfhidh siad rince a' sinsir agus nósa agus cleachttha a sinsir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services