Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhrádh le Peadar Mag Fhionnlaoigh

Title
Comhrádh le Peadar Mag Fhionnlaoigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Comhrádh le Peadar Mag Fhionnlaoigh mar
Uachdarán ar chuirm ceoil i nGlaschú ar
an 15mhadh lá de'n mhí seo.



Seadh a cháirde tá an Ghaedhealtacht linn anocht agus is
mithid dúinn é, óir tá barraidheacht galldachais againn
la fada. Adeirtear le daoinibh go bhfuil céad nó


L. 518


céad go leith míle duine de Ghaedhealaibh Éireann i
nGlaschú, agus nach mór an náire do'n mhór-bhuidhin sin
gurab í seo an chéad chuirm cheoil Ghaedhealach a bhí aca
riamh i nGlaschú? Is iomdha cruinniughadh bhíos ag
Éireannachaibh 'sa' chathraigh seo acht faraor is mó an
Béarla agus an Béarlachas bhíos ar siubhal aca ná rud ar
bith bhaineas le Gaedhealaibh nó le Gaedhealtacht. Bíonn
cruinnighthe suilt, nó céilidhe ag Éireannchaibh do
réir na gCondae ó a dtáinig na daoine. Ní céilidhe,
amh, tugaid ar na cruinnighthibh úd, acht bronntar ainm-
neacha galánta coigcríocha orra as Gallbhéarla, as
Fraincis agus as Iodáilis amhail Reiunion, Sbharre nó
Conbhersadsióné. Tá an méid seo ceart go leor, óir
is córa na hainmneacha seo do thabhairt orra ná ainm
Gaedhilge, mar is cruinnigthe Gallda iad réir a mbríghe
agus a spioraid. Ní seinntear ceol ionnta acht ceol
Gallda agus ní labhartar ionnta acht Sacsbhéarla, agus ní
móide deantar damhsa nó rince aca acht rincthe
Gallda. Chualas iomradh go deirionnach ar bhuidhnibh
de dhaoinibh óga atá ag á n-ullmhughadh féin fá choinne
na bhfeiseann úd agus ag cleachtadh rinceadh fá na gcoinne,
agus caidé bhúr mbarramhail de'n chineál rinceadh atá siad
ag cleachtadh? An é go bhfuil siad ag foghluim agus ag
cleachtadh damhsadh Gaedhealach, mar tá an cor agus an port
agus an rince fada? Ní headh go dearbhtha; acht is iad
an bhalts agus an polca agus an Lansers agus na rincthe Gallda
go léir atá ar siubhal aca! Is ionann 'sa' chás do'n
cheol atáthar dá hullmhughadh le haghaidh na bhfeiseann
seo. Agus tá na cainteóirí atá ceaptha amach le
caint a dhéanamh ag na comh-chruinnighthibh úd ag cur
faobhair ar a gcuid Béarla le hóráidibh breagha blasta
spleadhacha a thabhairt uatha as Gallbhéarla. Tá daoine
macánta ag teacht as Éirinn, idir chléirchibh agus thuataibh
le tuile Béarla a stealladh orainn is mór a' truaigh
liomsa nach bhfanaid 'sa' bhaile go bhfoghluimneóchaid
Gaedhilg óir tá go leor Béarlachais ann seo cheana
féin. Budh mhaith liom dá gcuirfeadh Gaedhilgeóirí
na háite seo ceist nó dó ar na daoinibh úd, d'fhiaf-
rughadh dhíobh caidé tá siad ag déanamh ar son na
Gaedhilge 'sa' bhaile, an bhfuil siad ag cur múinteachais
Gaedhilge ar bun ins na sgoltaibh atá faoi n-a stiúr
nó an bhfuil siad ag cuidiughadh le rangaibh Gaedhilge
do chur 'un tosaigh in a nduthaighibh féin 'sa' bhaile. Is
mór an tubaiste agus an mío-ádh dhúinn na cruinnighthe
gCondae seo. Is iad na Sasanaigh do cheap na
condaí seo ar dtús le hachrann do thógbháil eadrainn
agus is ró-mhaith d'éirigh a saothar leo, mar ba mhinic dúinn
cinn ar gcomharsan a bhriseadh de bhrigh nar geineadh é
ar ar dtaoibh féin de'n chlaidhe. Agus fós san am atá
i láthair tá na cruinnighthe gCondae seo i nGlaschú agus
in Amerioca agus in áitibh eile ag déanamh díoghbhála dhúinn
ag leathnughadh an Ghalldachais in ar measg. Ní'l Éire
chomh mór sin gur ceart daoine na hÉireann d'eidir-
dhealughadh ó n-a chéile do réir teorann na gCondae
do cheapadar na Gaill dúinn. Agus ní'l sliocht Gao-
dhail chomh líonmhar sin indiu gur cóir iad do sgoilteadh
suas in a gclannaibh agus in a ndreamannaibh. Is í mo
chomhairle-se dhaoibh a cháirde gaoil, má's féidir libh é,
na cruinnighthe seo do chur ar gcúl agus muna féidir libh
sin, innsint do na daoinibh an dochar atá siad ag
déanamh.



Chruinnigh Gaedheail na hÉireann uile isteach in aon
chloinn agus in aon chuideachta, agus is í an chlann sin, clann
na nGaedheal, agus is í an chuideachta sin, Connradh na
Gaedhilge mar a chluinfidh siad Béarla a gcinidh agus ceol
a gcinidh agus 'tchidfhidh siad rince a' sinsir agus nósa agus
cleachttha a sinsir.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services