Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Dá Chruinniughadh
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Dá Chruinniughadh
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Dá Chruinniughadh Tharluigh damh bheith ar Dhá Chruinniughadh Ghaedhealacha rith na seachtmhaine seo, agus ní misde damh gearr-chúntas thabhairt orra 'sa' CHLAIDHEAMH. Tráchtfad ar an darna cruinniughadh ar dtús mar b'é an cruinniughadh ba mhó agus ba thairbhighe é, .i. Cuirm Cheoil do bhí i nGlaschú oidhche Dia máirt. Ní fhacas le mo linn comhdháil ba bhreághtha ná do bhí san halla mhór úd agus bPríomh-shráid ar an taobh dheas de Ghlaschú. Bhí fá thuairim dhá mhíle duine i láthair de dhaoinibh macánta, modhamhla, déigh- riartha agus b'a orra do bhí an aoibh mhaith ar feadh an tráthnóna ag éisteacht leis an gceól breágh do bhí dá seinm, agus leis na daoinibh do bhí ag gabháil amhrán. Bhí mórán Gaedheal Alban i láthair, cuid mhaith aca na suidhe as an lofta in aice an Cathaoirligh agus ba mhór an spéis chuireadar ins na hamhránaibh Gaedhilge agus ins an gceól Gaedhealach óir b'fhíor-Ghaedhilgeóiribh iad beagnach go huile. Dar ndóigh bhí go leór daoine i láthair ná thuig an Ghaedhilg agus bhí beagán amhrán as Béarla dóibh- sean. Ní raibh mórán cainte ann súd diomhaoidhte de'n cheol, acht thug an Cathaoirleach gearr-chomhrádh uaidh as Gaedhilg agus thugas fá deara go raibh roinnt mhaith de'n tionól do thuig an uile fhocal adubhairt sé, do réir chosamhlachta. Is í mo bharramhail gur tuigeadh an Ghaedhilg leis an ceathramhadh chuid dá raibh i láthair, sé sin le rádh le cúig céad duine, agus ní holc an sluagh sin de Ghaedhilgeoiribh i nGlaschú. Ní fulair go dtiocfaidh tairbhe agus buntáiste mhór do chúis na Gaedhilge i nGlaschú as an mór-dháil úd. Ba mhaith do thuill buidhean oibre na Gaedhilge an bhuaidh do rug siad sa' Chuirm Cheoil úd óir do shaothruigh siad go dian, díocrach dimhéirceach le cupla míosa. Go mairidh iad leis an iomadhta buadh do bhreith an son na Gaedhilge. Labharfad focal anois ar an darna tionól, nó an chéad thionól do réir ama. Oidhche Dia Luain seo chuaidh thart bhí tionól ag lucht na Gaedhilge i Leeds i gCondae Eabhraic. Cuireadh Craobh de Chonnradh na Gaedhilge ar bun i Leeds i dtús an tSamhraidh seo agus mar sin ní'l an chraobh sin acht in a naoidheanacht go fóill acht ar a shon sin bhí cruinniughadh breagh aca tráthnóna Dia Luain. Is i Halla Naoimh Mhuire ar an gCnocán do bhí an tionól agus bhí fá thuairim trí chéad duine i láthair. Is sagairt riaghalta atá ós cionn na paráiste sin agus do bhí sagart aca seo, .i. an tAthair Mac Coirr 'sa' chathaoir agus thug sé comhairle uaidh do na daoinibh leanmhaint da dteangaidh féin agus dá nósaibh féin agus gan géilleadh do Ghalldachas ar chor ar bith. Bhí sagairt eile i láthair ó cheithre nó chúig paráiste i Leeds agus labhair triúr aca go dána ar son na Gaedhilge agus thug gealladh uatha a ndithcheall do déanamh leis an obair do chur ar aghaidh i Leeds. Labhair Tomás Ó Broin, rúnaidhe na craoibhe i Leeds agus thug cúntas ar an méid a bhí dhá dhéanamh láithreach. D'éist na daoine go tábhachtach leis an uile fhocal ar labhradh agus measaim go leanfaidh cuid aca go díleas do'n Ghaedhilg. Tá, b'fhéidir, triochadh míle Éireannach i Leeds agus má tógfar an Ghaedhilg leó is mór an fuadar bhéas ar siubhal aca 'san áit sin. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services