Cúrsaidhe an tSaoghail
Dá Chruinniughadh
Tharluigh damh bheith ar Dhá Chruinniughadh Ghaedhealacha
rith na seachtmhaine seo, agus ní misde damh gearr-chúntas
thabhairt orra 'sa' CHLAIDHEAMH. Tráchtfad ar an
darna cruinniughadh ar dtús mar b'é an cruinniughadh
ba mhó agus ba thairbhighe é, .i. Cuirm Cheoil do bhí i nGlaschú
oidhche Dia máirt. Ní fhacas le mo linn comhdháil ba
bhreághtha ná do bhí san halla mhór úd agus bPríomh-shráid ar
an taobh dheas de Ghlaschú. Bhí fá thuairim dhá mhíle
duine i láthair de dhaoinibh macánta, modhamhla, déigh-
riartha agus b'a orra do bhí an aoibh mhaith ar feadh an
tráthnóna ag éisteacht leis an gceól breágh do bhí dá
seinm, agus leis na daoinibh do bhí ag gabháil amhrán. Bhí
mórán Gaedheal Alban i láthair, cuid mhaith aca na suidhe
as an lofta in aice an Cathaoirligh agus ba mhór an spéis
chuireadar ins na hamhránaibh Gaedhilge agus ins an gceól
Gaedhealach óir b'fhíor-Ghaedhilgeóiribh iad beagnach go
huile. Dar ndóigh bhí go leór daoine i láthair ná
thuig an Ghaedhilg agus bhí beagán amhrán as Béarla dóibh-
sean. Ní raibh mórán cainte ann súd diomhaoidhte de'n
cheol, acht thug an Cathaoirleach gearr-chomhrádh uaidh as
Gaedhilg agus thugas fá deara go raibh roinnt mhaith de'n
tionól do thuig an uile fhocal adubhairt sé, do réir
chosamhlachta. Is í mo bharramhail gur tuigeadh an
Ghaedhilg leis an ceathramhadh chuid dá raibh i láthair, sé
sin le rádh le cúig céad duine, agus ní holc an sluagh sin
de Ghaedhilgeoiribh i nGlaschú. Ní fulair go dtiocfaidh
tairbhe agus buntáiste mhór do chúis na Gaedhilge i nGlaschú
as an mór-dháil úd. Ba mhaith do thuill buidhean oibre
na Gaedhilge an bhuaidh do rug siad sa' Chuirm Cheoil úd
óir do shaothruigh siad go dian, díocrach dimhéirceach le
cupla míosa. Go mairidh iad leis an iomadhta buadh
do bhreith an son na Gaedhilge.
Labharfad focal anois ar an darna tionól, nó an
chéad thionól do réir ama. Oidhche Dia Luain seo chuaidh
thart bhí tionól ag lucht na Gaedhilge i Leeds i gCondae
Eabhraic. Cuireadh Craobh de Chonnradh na Gaedhilge
ar bun i Leeds i dtús an tSamhraidh seo agus mar sin ní'l
an chraobh sin acht in a naoidheanacht go fóill acht ar a
shon sin bhí cruinniughadh breagh aca tráthnóna Dia Luain.
Is i Halla Naoimh Mhuire ar an gCnocán do bhí an tionól
agus bhí fá thuairim trí chéad duine i láthair. Is sagairt
riaghalta atá ós cionn na paráiste sin agus do bhí sagart
aca seo, .i. an tAthair Mac Coirr 'sa' chathaoir agus thug
sé comhairle uaidh do na daoinibh leanmhaint da
dteangaidh féin agus dá nósaibh féin agus gan géilleadh do
Ghalldachas ar chor ar bith. Bhí sagairt eile i láthair ó
cheithre nó chúig paráiste i Leeds agus labhair triúr aca go
dána ar son na Gaedhilge agus thug gealladh uatha a
ndithcheall do déanamh leis an obair do chur ar aghaidh
i Leeds. Labhair Tomás Ó Broin, rúnaidhe na craoibhe
i Leeds agus thug cúntas ar an méid a bhí dhá dhéanamh
láithreach. D'éist na daoine go tábhachtach leis an uile
fhocal ar labhradh agus measaim go leanfaidh cuid aca go
díleas do'n Ghaedhilg. Tá, b'fhéidir, triochadh míle
Éireannach i Leeds agus má tógfar an Ghaedhilg leó
is mór an fuadar bhéas ar siubhal aca 'san áit sin.
Cú Uladh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11