Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Teanga Ghaedhilge
Title
An Teanga Ghaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Fóghmhair 19, 1901 An Teanga Ghaedhilge Tá aon nídh amháin le congbháil os ar gcomhair againn i gcomhnuidhe, nidh atá mar réalt eolais 'g ár stiúradh de ló is d'oidhche, nidh a thugas spreacha agus misneach dúinn, nidh nach bhfuil dul anonn ná anall againn uaidh, acht atá ag ár dtarraing ar aghaidh tré bhog agus tré chruaidh, tré mhór-mheas agus tré tharcuisne, agus sí an teanga Gaedhilge an nidh sin. Deir an t-amhrán gurab “í an teanga Ghaedhilge is greannta clodh,” deirimidne, acht ní i namhrán é, gurab í an teanga Ghaedhilge oirigheacht na hÉireann, gurab í teanga na tíre seo í agus gur leor dhi sin amháin le na bheith ionmholta i nÉirinn. Bíodh sí maith, nó olc, breagh nó gránna ní bhaineann sé dhuinn, mar nach sinn do chuir ar bun í, ní sinn a thug go hÉirinn ar dtús í, acht Dia, agus má cheap Dia go raibh sí feillteach dhúinn ní againne atá cur in aghaidh. Acht cuir i gcás go bhfuil sí ar dhonacht an domhain, nach bhfuil binneas ná fiúntas ná córtas innti, sí teanga na hÉireann na dhiaidh sin í, agus bíodh sé le casadh ag daoinibh eile linn go bhfuil sí gránna nó go bhfuil sí breagh is linn í gan bhuidheachas do'n chruinne. Dá bhrigh sin, tá ar bhfearamhlacht caillte againn no go bhfuighmíd ar ais í, támuid collóideach, crosta nó go mbeidh sí ar ais againn, agus má chuireann cantal ó am go ham ar ár gcáirdíbh le nár gcaint, ná le nar ngníomh- arthaibh, bídís lághach foighideach, agus bíodh a fhios aca nach sinn féin atá i gceist againn, ná atá ag cur imnidhe orainn, acht an teanga Ghaedhilge. Tá fúinn, faoi na bheith slán, cúntas a thabhairt annso, anois agus arís, ar an tairbhe do gheabhadh Éireannaighe as an teangaidh, dhá gcuiridís rompa dhá ríribh í fhoghluim agus í chleachtadh, agus úsáid a dhéanamh dhi. Tá an miotal caillte ag an nGaedheal bocht ó chaill sé a theanga, tá an croidhe caillte aige, agus d'imthigh an misneach uaidh; níl fágtha aige acht an brón agus an briseadh-croidhe an salachar, agus an Beurla. Tá an sean-aithne againn ar an Sasanach, agus is tig linn a rádh go fírinneach, dhá mb'í a theanga-san a bheidheadh i gcontabhairt a báis, go neireochadh gach uile mac an pheata sa tír le na dteangaidh a chosaint. Sé sin le rádh anois fá láthair nuair atá an spioraid beo bláthmhar ionnta, ní leigfidís do'n Bheurla bás fhagháil dhá mbeidheadh sé sa gcruth sin indiu. Bhí an tÉireannach lá dh'á shaoghal agus chuirfidh sé “rith agus ruaig ar Mharcus na sgamhóige,” mar adeir an file. Aith-bheodhadh sé anois féin an spioraid, agus beidh leis fós. Tá sé air ag Gaedhilgeoir an nidh seo a chur i n-iúl d'á gcáirdibh Gaedhealacha ann gach uile cheanntar ar fhuaid na tíre 'n a bhfuil an teanga beo indiu. Má ghnidheann gach uile fhear a chionn féin tá linn cheana, acht ní dheunfadh, ná ní dheárnaidh ariamh, agus sin é an fáth a bhfuil sé de dhualgas ar fhear, obair dhá 'r'eug a dheunamh go minic.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services