An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Deireadh Fóghmhair 19, 1901
An Teanga Ghaedhilge
Tá aon nídh amháin le congbháil os ar gcomhair againn
i gcomhnuidhe, nidh atá mar réalt eolais 'g ár stiúradh
de ló is d'oidhche, nidh a thugas spreacha agus misneach
dúinn, nidh nach bhfuil dul anonn ná anall againn uaidh,
acht atá ag ár dtarraing ar aghaidh tré bhog agus tré
chruaidh, tré mhór-mheas agus tré tharcuisne, agus sí an teanga
Gaedhilge an nidh sin. Deir an t-amhrán gurab “í an
teanga Ghaedhilge is greannta clodh,” deirimidne, acht
ní i namhrán é, gurab í an teanga Ghaedhilge oirigheacht
na hÉireann, gurab í teanga na tíre seo í agus gur leor
dhi sin amháin le na bheith ionmholta i nÉirinn. Bíodh sí
maith, nó olc, breagh nó gránna ní bhaineann sé dhuinn,
mar nach sinn do chuir ar bun í, ní sinn a thug go
hÉirinn ar dtús í, acht Dia, agus má cheap Dia go raibh sí
feillteach dhúinn ní againne atá cur in aghaidh. Acht
cuir i gcás go bhfuil sí ar dhonacht an domhain, nach
bhfuil binneas ná fiúntas ná córtas innti, sí teanga
na hÉireann na dhiaidh sin í, agus bíodh sé le casadh ag
daoinibh eile linn go bhfuil sí gránna nó go bhfuil sí
breagh is linn í gan bhuidheachas do'n chruinne.
Dá bhrigh sin, tá ar bhfearamhlacht caillte againn no
go bhfuighmíd ar ais í, támuid collóideach, crosta nó
go mbeidh sí ar ais againn, agus má chuireann cantal ó am
go ham ar ár gcáirdíbh le nár gcaint, ná le nar ngníomh-
arthaibh, bídís lághach foighideach, agus bíodh a fhios aca nach
sinn féin atá i gceist againn, ná atá ag cur imnidhe
orainn, acht an teanga Ghaedhilge. Tá fúinn, faoi na
bheith slán, cúntas a thabhairt annso, anois agus arís, ar an
tairbhe do gheabhadh Éireannaighe as an teangaidh, dhá
gcuiridís rompa dhá ríribh í fhoghluim agus í chleachtadh, agus
úsáid a dhéanamh dhi. Tá an miotal caillte ag an
nGaedheal bocht ó chaill sé a theanga, tá an croidhe
caillte aige, agus d'imthigh an misneach uaidh; níl fágtha
aige acht an brón agus an briseadh-croidhe an salachar, agus an
Beurla. Tá an sean-aithne againn ar an Sasanach, agus
is tig linn a rádh go fírinneach, dhá mb'í a theanga-san
a bheidheadh i gcontabhairt a báis, go neireochadh gach
uile mac an pheata sa tír le na dteangaidh a chosaint.
Sé sin le rádh anois fá láthair nuair atá an spioraid
beo bláthmhar ionnta, ní leigfidís do'n Bheurla bás
fhagháil dhá mbeidheadh sé sa gcruth sin indiu.
Bhí an tÉireannach lá dh'á shaoghal agus chuirfidh sé “rith agus
ruaig ar Mharcus na sgamhóige,” mar adeir an file.
Aith-bheodhadh sé anois féin an spioraid, agus beidh leis fós.
Tá sé air ag Gaedhilgeoir an nidh seo a chur i n-iúl d'á
gcáirdibh Gaedhealacha ann gach uile cheanntar ar fhuaid
na tíre 'n a bhfuil an teanga beo indiu. Má ghnidheann
gach uile fhear a chionn féin tá linn cheana, acht ní
dheunfadh, ná ní dheárnaidh ariamh, agus sin é an fáth a bhfuil
sé de dhualgas ar fhear, obair dhá 'r'eug a dheunamh go
minic.