Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Móin in Éirinn
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Móin in Éirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Móin in Éirinn I dtús na haoise deirionnaigh bhí suas le trí milliún acra de mhóin in Éirinn agus is dóighthe go bhfuil an chuid is mó de'n mhóin seo in Éirinn fós, óir siúd is gur baineadh agus gur dóigheadh roinnt di is beag an méid ar caitheadh i bhfarradh is an méid atá 'sa' tír go léir. Rud eile fós: fásann an mhóin ó bhliadhain go bliadhain. Anois is cinnte sin gur iomdha an rud budh fhéidir a dhéanamh de'n mhóin seo. Deir sgríobhnóir éigin 'sa' “Ghaodhal” .i. Toirdhealbhach Ua hAnluain, go ndeantar trusgán tighe, agus éadach de gach uile chineál, as an mhóin 'sa' Ghearmáine, agus go bhfuil eadach déanta as móin dá dhíol i mBaile-átha-Cliath san am atá i láthair ann. Chonnacas féin ag an Taisbeántas Mór atá i nGlaschú neithe déanta as móin, mar a bhí asair capall, téada, púdar, agus olann. Acht 'tchídhthear damhsa gur mó atá adhbhar teineadh uainn in Éirinn ná rud ar bith eile agus ní chreidim nó go dtiocfadh linn an mhóin do ghléasadh agus d'ulmhughadh i modh go mbudh fhearr í le haghaidh teineadh do dhéanamh ná gual. Tá an gual ag éirghe gann i Sasannaibh agus in Albain agus eirigheann a luach do réir a ghantanais. Ar a shon sin is mór a lán guail iomchurthar go hÉirinn agus is mór a lán airgid díoltar as. Cia chuirfeas comhalta no cuideachta ar bun le gléasa ealadhna do cheannacht, agus móin do ghléasadh le dóigheadh ins na tighthibh, agus ins na saothar-lannaibh ar fud na tíre? Tá Bórd an Talamh-saothair ag déanamh a dithchioll le heolas do bhailiughadh do na feilmeóiribh i modh gur féidir leo a gcuid saothair do leasughadh agus tuilleadh buntáiste do bhaint as a gcuid talmhan. Budh mhór an gar dúinn dá mbaileóchadh an Bórd seo tuairisg ar mar ulmhaighthear móin go healadhnach i dtíorthaibh eile agus an t-eolas do chraobhsgaoileadh fá choinne muinntire na tíre. An lá is féidir linn móin na hÉirinn do ghléasadh agus do shaothrughadh go cliste is mó an saidhbhreas bhéas in ar lámhaibh 'na dá bhfuighmís amach mianach óir. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services