Cúrsaidhe an tSaoghail
Móin in Éirinn
I dtús na haoise deirionnaigh bhí suas le trí milliún
acra de mhóin in Éirinn agus is dóighthe go bhfuil an chuid
is mó de'n mhóin seo in Éirinn fós, óir siúd is gur
baineadh agus gur dóigheadh roinnt di is beag an méid ar
caitheadh i bhfarradh is an méid atá 'sa' tír go léir.
Rud eile fós: fásann an mhóin ó bhliadhain go bliadhain.
Anois is cinnte sin gur iomdha an rud budh fhéidir a
dhéanamh de'n mhóin seo. Deir sgríobhnóir éigin 'sa'
“Ghaodhal” .i. Toirdhealbhach Ua hAnluain, go ndeantar
trusgán tighe, agus éadach de gach uile chineál, as an mhóin
'sa' Ghearmáine, agus go bhfuil eadach déanta as móin dá
dhíol i mBaile-átha-Cliath san am atá i láthair ann.
Chonnacas féin ag an Taisbeántas Mór atá i nGlaschú
neithe déanta as móin, mar a bhí asair capall, téada,
púdar, agus olann. Acht 'tchídhthear damhsa gur mó atá
adhbhar teineadh uainn in Éirinn ná rud ar bith eile agus
ní chreidim nó go dtiocfadh linn an mhóin do ghléasadh
agus d'ulmhughadh i modh go mbudh fhearr í le haghaidh
teineadh do dhéanamh ná gual. Tá an gual ag éirghe
gann i Sasannaibh agus in Albain agus eirigheann a luach do
réir a ghantanais. Ar a shon sin is mór a lán guail
iomchurthar go hÉirinn agus is mór a lán airgid díoltar
as. Cia chuirfeas comhalta no cuideachta ar bun le
gléasa ealadhna do cheannacht, agus móin do ghléasadh le
dóigheadh ins na tighthibh, agus ins na saothar-lannaibh ar
fud na tíre? Tá Bórd an Talamh-saothair ag déanamh
a dithchioll le heolas do bhailiughadh do na feilmeóiribh
i modh gur féidir leo a gcuid saothair do leasughadh agus
tuilleadh buntáiste do bhaint as a gcuid talmhan.
Budh mhór an gar dúinn dá mbaileóchadh an Bórd seo
tuairisg ar mar ulmhaighthear móin go healadhnach i
dtíorthaibh eile agus an t-eolas do chraobhsgaoileadh fá
choinne muinntire na tíre. An lá is féidir linn móin
na hÉirinn do ghléasadh agus do shaothrughadh go cliste
is mó an saidhbhreas bhéas in ar lámhaibh 'na dá bhfuighmís
amach mianach óir.
Cú Uladh