Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta Thairis
Title
Sgéalta Thairis
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéalta Thairis Dia leat, a Athair Uí Earc. Tá buille trom tábhachtach eile buailte agat ar son na hÉireann, ar son fíor-náisiúntachta, agus ar son teangadh chroidhe na nGaedheal. Is cuimhin linn go léir cúpla bliadhain ó shoin, cionnus mar do chuir an sagart breagh geanamhail Gaedhealach so misneach iongantach i n-ár gcroidhthibh go léir i mBaile Átha Cliath. Is cuimhin linn mar do thaisbeán sé dhúinn cionnus d'fhéadfaimís gabháil do chosaibh i Seóinínteacht an Bhéarla. Is cuimhin linn mar do chuir sé an cadhbáis ar an aicme bhí dár nGallughadh ar chroidhe a ndíchill ar son airgid bhréin. Is cuimhin linn leis mar do mhúin sé dhúinn cionnus ar dtír do leigheas agus ar dteanga do leathnughadh. Tá a fhios ag gach éinne cad é an t-iarsma lean ar a ráidhtibh agus mar thug an Connradh céim an-mhór ar aghaidh. Seadh, thuit an rud céadna amach i Siocágó an lá fá dheireadh. Tháinig an tAthair O hEarc ó Chathair Sain Froinsias chum bheith láithreach ag Árd-chomhaltas an Chonnartha. Bhí cruin- niughadh puiblidhe aca san Auditorium, an Alla is mó i Siocágó. Thug an tAthair O hEarc oráid uaidh. Do
mhínigh sé dhóibh, cionnus atáthar dár nGallughadh tré Bhéarla sgothach bhréagach, agus cad ba cheart do Chlannaibh Gaedheal i nAimeirce do dhéanamh má's maith leó fíor- spioraid na nGaedheal do coinneáilt 'n-a measg. Deir ar nduine muinnteardha "Niall" linn go ndubhairt an tAthair O hEarc rudaí nár thaitin le cuid de sna daoinibh bhí ag éisteacht leis; gur sgríobhadar soin ag triall ar na páipéaraibh ag gearán air; agus go dtug an sagart léigheanta úd freagra dhóibh bhain an t-anál asta. Is é dálta na fírinne go mbíonn sí searbh uaireanta. Ní'l éan-amhrus orainn ná go raibh an uile fhocal de'n fhírinne ag an Athair O hEarc. Tá an uile phioc di san méid atá romhainn dá ráidhtibh, agus má tá croidhthe na nGaedheal i nAimeirce chomh macánta Gaedhealach is táid annso i nÉirinn, tiocfaidh toradh maith do'n Ghaedhilg as comhrádh an Athar O hEarc. Is beag chabhair do dhaoinibh áirithe bheith ag gearán i gcoinnibh na Gaedhilge. Caithfidh iompódh agus bheith linn nó imtheacht leó fhéin ag triall ar Sheaghán Bhuidhe. Tá Seaghán Buidhe an-láidir thall i nAimeirce leis, a cháirde. D'fhéadfadh sé mórán díoghbhála dhéanamh do shliocht na nGaedheal ann dá leigtí dhó. Ba gheall le tairrnge i mbeó na leath-ghall agus na Seóiníní, comhrádh an Athar O hEarc. Shíleadar gur aca féin bhí bun agus barr agus dá n-abraimís fuighleach Náisiúntachta. Do ghabh crith-eagla iad roimh an fhírinne. Bhuail tionóisg ceó ná déanfaid dearmad uirri go ceann i bhfad, agus tuilleadh de'n tiubaiste chuca. Seo mar adeir "Teachtaire" linn; i n-aiste dheis chainte do chuir sé ag triall orainn, ar "an nGaedhilg i gCo. Chiaruidhe": — "Ní hiad na Coláisdí Gallda amháin do chaithfidh Connradh na Gaedhilge do dhéanamh 'n-a gceart. Is dóigh liom féin go bhfuil na sgoileanna beaga níos measa i bhfad. Bhíos i gCo. Chiaruidhe cúpla seachtmhain ó shoin, agus chum na fírinne rádh, do chuir an turus soin an-áthas orm mar gheall ar an nGaedhilg. Táid na daoine beag agus mór ábalta ar theangaidh ár sinsear do labhairt go breagh bríoghmhar, agus ní'l éan-náire orra 'n-a taoibh leis. Acht chum an sgéil do dhéanamh níos fearr tá na sgoileanna ag cabhrughadh go dícheallach le Connradh na Gaedhilge." Sin cunntas maith an Chiaruidhe ar éan-chuma, agus ní túisge bhéidh sí 'n-a ceart-dhúiseacht ná déanfaidh sí a dhá oiread déag. Má táid na sgoileanna Gaedhealach ní baoghal ná go mbéidh fir agus mná Gaedhealacha againn i gcionn tamaill. Ní mór dúinn an nídh sin d'innsint arís agus arís agus arís eile. Acht tá taoibh eile ar an sgéal so um Chiaruidhe. "Tá cúpla sgoileanna Gallda ins an áit go rabhas ann chomh maith le héan-áit eile. Tá an áit seo i n-aice Chathair Domhnaill, i bParóisde Chill Chrotháin, agus is é an áit é go bhfuil Seaghán O Beóláin 'n-a fheisire uaidh. Tá an sgoil níos measa annso 'ná i n-éan-áit eile dar chuala teacht thairis, mar tá leanbhaí Gaedhealacha ag dul ar sgoil chum máighistrí atá abálta ar ár dtean- gaidh féin d'usáid go han-mhaith, agus ní mhúinfeadh siad do na leanbhaíbh í. Bh'fhuil éin-leigheas ar dhaoinibh dho'n tsórt so? Is é an sean-sgéal aca, deir siad nach Commercial Language í, agus ráiméis de'n tsaghhas soin. Ba dhóigh leat gurab é Mahaifí do labharfadh mar seo, acht tá Mahaifithe againn go leór fós. Ní'l sí uasal a dóthain dóibh — sin é bun is barr an sgéil, agus tá sé chomh maith againn thosnughadh ar a dhéanamh níos deise (.i. níos cuime) do na Seóiníníbh. Chuir ceann de sna sgoileannaibh seo buidhean Fhraincise ar bun tamall ó shoin, acht thuit sé as a chéile i gceann seachtmhaine. Is é fíre an sgéil ná raibh an oiread eólais ag an máighis- tír bocht ar an teangaidh sin is tá agam féin ar thean- ghaidh na Seiricí, agus ní mór é sin gan éan-amhrus. Acht an sgoil bhocht eile, ní rinn na máighistrí annso éin-nidh riamh as an slighe chum éin-nidh nuadh do thabhairt amach. Tógann siad an saoghal go breagh ciúin, agus tá a rian ar na páisdíbh." Nach deas an sgéal é sin! "Is mór an an difridheacht atá idir na sgoileannaibh seo agus sgoil eile atá ins an áit, is é sin Sgoil Chathair Domhnall. Máighistir breagh Gaedhealach atá annso, agus chuirfeadh na páisdí áthas ar éinne go mbéadh spioraid na Gaedhilge ann i n-éan-chor. Agus is greannmhar an sgéal é, go bhfuil na leanbhaí ins na sgoileannaibh seo nísa bhfearr i bhfearr i bhfad in gach éan-rud eile 'ná na leanbhaí ins na sgoileannaibh Gallda so. Taisbeán- ann sé seo gur ceart ar dteanga féin ag gach éin- leanbh Gaedhealach, chum éin-nídh eile d'fhoghluim 'n-a cheart, agus ná cuireann sé chum deiridh iad mar adeir cuid dar Seóinínibh. An fada fhanfaidh a leithéidí seo i dtaobh amuigh de Chonnradh na Gaedhilge. Sara fada caithfidh siad teacht isteach. Go gcuiridh Dia chugainn an lá soin. Ba chóir go mbéadh focal nó dhó le rádh ag na haith- reachaibh agus ag na máithreachaibh cuireas a leanbhaí ag triall ar na sgoileannaibh Gallda so. Nó an amhlaidh gur Seóiníní agus Sasannaigh iad féin. Is uathbhásach an sgéal é, a leithéid bheith ar siubhal an uair seo lá, agus áiteanna ná fuil éan-Ghaedhilg ionnta, gá foghluim agus gá cur ar siubhal. Is é an náire shaoghail é. I gCill Chrotháin I bhFeidhil sgoilín Do bhíonn spodán De maighistirín. Is léir gan smál Adeir "oui oui oui," "Comment," "celá" Le n-a leanbaíbh. Acht futa-fá Mar "Cannus taoi" Nó "Seadh a Sheagháin" Dé an maitheas í? Is maith na rudaí iad ceól agus rinnce chum na daoine do choimead le chéile. Bíodh a fhios soin ag lucht stiúrtha na gcraobh ar fud na tíre. Ins na báiltibh, mór agus beag, go háirithe 'n-a bhfuil craobha ar bun, is é
an sgéal céadna i gcomhnuidhe aca é. Tagaid na daoine ar feadh tamaill, acht ní túisge bhuailfidh an focal "bradán" nó "iomarca" umpa, ná tosnuigh- nuigheann a misneach ag leaghadh. Tagaid oidhche ag triall ar an gcraoibh, agus fanaid sa mbaile an chéad oidhche eile, agus is é críoch an sgéil go bhfanaid ag baile i gcomhnuidhe. Ba cheart do lucht stiúrtha na gcraobh beagán céille bheith aca. Ins na ceantaraibh ná fuil Gaedhealach amuigh 's amach is olc an rud daoine do mhúchadh le Gaedhilg, agus le leabhraibh go háirithe, i dtosach. Beidh siad bodhartha aici agus ní chuirfid éan-tsuim innti tar éis tamaill. Ní túisge bhuailfidh an focal "iom- arca" leó ná déarfaid leó féin go bhfuil "iomarca" Gaedhilge aca. Is dóigh linne go bhfuil an iomarca de'n mhúinteóracht tur tirim sin ar fuid na tíre. Ba mhaith an rud dar linne dá múintí an ceól Gaedhealach, agus an rinnce Gaedhealach, agus an iománuidheacht, agus na cleasanna Gaedhealacha eile fá chúram na gcraobh chomh maith leis an teangaidh. Cuirfidh siad beódhacht éigint i bhfoghluim na teangaidh. Is éachtach an easbha eólais atá ag muinntir na hÉireann ar stair na tíre agus d'fhéadfadh na craobha mórán do dhéanamh chum a leas- ughadh soin. Muna mbéidh rud éigint sa chraoibh do tharraingeóidh na daoine chuici, ní baoghal go bhfanfaidh siad ag teacht go dtí í, nídh nach locht orra. Tá leabhar beag nuadh eile curtha i gcló ag Comhlucht na Fírinne Catoilice. "Na Sacramaintí Déidheannacha: Cionnus iad do ghlacadh mar is cóir," is ainm do Sagart Riaghalta d'aistrigh an leabhairín seo, agus ní chosnann sé acht pinginn. Taitneann an leabhairín seo linn go han-mhaith, agus ní'l amhras orainn ná go bhfuil sé i ndán do obair, mhór thairbheach do dhéanamh i gceantar- aibh na Gaedhilge. Tá súil againn go bhféachfaidh Comhlucht na Fírinne Catoilice chuige go mbéidh sé ar díol ins na háitibh n-a bhfuil an Ghaedhilg. Muna ndéan- far soin, sin leath dá mhaitheas caillte. Tá Gaedhilg dheas shimplidhe ann, agus curtar síos go soiléir so-thuig- sionta ar gach a mbaineann leis na Sacramaintíbh déidheannacha. Tá súil againn leis nách stadfaidh Comhlucht na Fírinne Catoilice annso, acht go bhfeic- feam a thuilleadh leabhairíní dá saghas uatha i ndiaidh a chéile. Tá an Sagart Riaghalta go maith chum aistriu- ghadh do dhéanamh go Gaedhilg. Ná caitheadh sé uaidh an peann anois, acht cromadh sé ar obair arís mar is deimhneach gur tábhachtach tairbheach an obair í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services