mhínigh sé dhóibh, cionnus atáthar dár nGallughadh tré
Bhéarla sgothach bhréagach, agus cad ba cheart do Chlannaibh
Gaedheal i nAimeirce do dhéanamh má's maith leó fíor-
spioraid na nGaedheal do coinneáilt 'n-a measg.
Deir ar nduine muinnteardha "Niall" linn go
ndubhairt an tAthair O hEarc rudaí nár thaitin le cuid
de sna daoinibh bhí ag éisteacht leis; gur sgríobhadar
soin ag triall ar na páipéaraibh ag gearán air; agus go
dtug an sagart léigheanta úd freagra dhóibh bhain an
t-anál asta. Is é dálta na fírinne go mbíonn sí
searbh uaireanta. Ní'l éan-amhrus orainn ná go raibh
an uile fhocal de'n fhírinne ag an Athair O hEarc. Tá
an uile phioc di san méid atá romhainn dá ráidhtibh, agus
má tá croidhthe na nGaedheal i nAimeirce chomh macánta
Gaedhealach is táid annso i nÉirinn, tiocfaidh toradh
maith do'n Ghaedhilg as comhrádh an Athar O hEarc. Is
beag chabhair do dhaoinibh áirithe bheith ag gearán i
gcoinnibh na Gaedhilge. Caithfidh iompódh agus bheith linn
nó imtheacht leó fhéin ag triall ar Sheaghán Bhuidhe. Tá
Seaghán Buidhe an-láidir thall i nAimeirce leis, a
cháirde. D'fhéadfadh sé mórán díoghbhála dhéanamh do
shliocht na nGaedheal ann dá leigtí dhó. Ba gheall le
tairrnge i mbeó na leath-ghall agus na Seóiníní, comhrádh
an Athar O hEarc. Shíleadar gur aca féin bhí bun agus
barr agus dá n-abraimís fuighleach Náisiúntachta. Do
ghabh crith-eagla iad roimh an fhírinne. Bhuail tionóisg
ceó ná déanfaid dearmad uirri go ceann i bhfad, agus
tuilleadh de'n tiubaiste chuca.
Seo mar adeir "Teachtaire" linn; i n-aiste dheis
chainte do chuir sé ag triall orainn, ar "an nGaedhilg
i gCo. Chiaruidhe": —
"Ní hiad na Coláisdí Gallda amháin do chaithfidh
Connradh na Gaedhilge do dhéanamh 'n-a gceart. Is
dóigh liom féin go bhfuil na sgoileanna beaga níos
measa i bhfad. Bhíos i gCo. Chiaruidhe cúpla seachtmhain
ó shoin, agus chum na fírinne rádh, do chuir an turus soin
an-áthas orm mar gheall ar an nGaedhilg. Táid na
daoine beag agus mór ábalta ar theangaidh ár sinsear do
labhairt go breagh bríoghmhar, agus ní'l éan-náire orra 'n-a
taoibh leis. Acht chum an sgéil do dhéanamh níos fearr
tá na sgoileanna ag cabhrughadh go dícheallach le
Connradh na Gaedhilge." Sin cunntas maith an Chiaruidhe
ar éan-chuma, agus ní túisge bhéidh sí 'n-a ceart-dhúiseacht
ná déanfaidh sí a dhá oiread déag. Má táid na
sgoileanna Gaedhealach ní baoghal ná go mbéidh fir agus
mná Gaedhealacha againn i gcionn tamaill. Ní mór
dúinn an nídh sin d'innsint arís agus arís agus arís eile.
Acht tá taoibh eile ar an sgéal so um Chiaruidhe.
"Tá cúpla sgoileanna Gallda ins an áit go rabhas
ann chomh maith le héan-áit eile. Tá an áit seo i n-aice
Chathair Domhnaill, i bParóisde Chill Chrotháin, agus is é an
áit é go bhfuil Seaghán O Beóláin 'n-a fheisire uaidh.
Tá an sgoil níos measa annso 'ná i n-éan-áit eile dar
chuala teacht thairis, mar tá leanbhaí Gaedhealacha ag
dul ar sgoil chum máighistrí atá abálta ar ár dtean-
gaidh féin d'usáid go han-mhaith, agus ní mhúinfeadh siad do
na leanbhaíbh í. Bh'fhuil éin-leigheas ar dhaoinibh dho'n
tsórt so? Is é an sean-sgéal aca, deir siad nach
Commercial Language í, agus ráiméis de'n tsaghhas soin.
Ba dhóigh leat gurab é Mahaifí do labharfadh mar seo,
acht tá Mahaifithe againn go leór fós. Ní'l sí uasal a
dóthain dóibh — sin é bun is barr an sgéil, agus tá sé chomh
maith againn thosnughadh ar a dhéanamh níos deise (.i.
níos cuime) do na Seóiníníbh. Chuir ceann de sna
sgoileannaibh seo buidhean Fhraincise ar bun tamall ó
shoin, acht thuit sé as a chéile i gceann seachtmhaine. Is
é fíre an sgéil ná raibh an oiread eólais ag an máighis-
tír bocht ar an teangaidh sin is tá agam féin ar thean-
ghaidh na Seiricí, agus ní mór é sin gan éan-amhrus. Acht
an sgoil bhocht eile, ní rinn na máighistrí annso éin-nidh
riamh as an slighe chum éin-nidh nuadh do thabhairt amach.
Tógann siad an saoghal go breagh ciúin, agus tá a rian ar
na páisdíbh." Nach deas an sgéal é sin!
"Is mór an an difridheacht atá idir na sgoileannaibh
seo agus sgoil eile atá ins an áit, is é sin Sgoil Chathair
Domhnall. Máighistir breagh Gaedhealach atá annso, agus
chuirfeadh na páisdí áthas ar éinne go mbéadh spioraid
na Gaedhilge ann i n-éan-chor. Agus is greannmhar an
sgéal é, go bhfuil na leanbhaí ins na sgoileannaibh seo
nísa bhfearr i bhfearr i bhfad in gach éan-rud eile 'ná
na leanbhaí ins na sgoileannaibh Gallda so. Taisbeán-
ann sé seo gur ceart ar dteanga féin ag gach éin-
leanbh Gaedhealach, chum éin-nídh eile d'fhoghluim 'n-a
cheart, agus ná cuireann sé chum deiridh iad mar adeir
cuid dar Seóinínibh. An fada fhanfaidh a leithéidí seo
i dtaobh amuigh de Chonnradh na Gaedhilge. Sara fada
caithfidh siad teacht isteach. Go gcuiridh Dia chugainn
an lá soin.
Ba chóir go mbéadh focal nó dhó le rádh ag na haith-
reachaibh agus ag na máithreachaibh cuireas a leanbhaí ag
triall ar na sgoileannaibh Gallda so. Nó an amhlaidh
gur Seóiníní agus Sasannaigh iad féin. Is uathbhásach an
sgéal é, a leithéid bheith ar siubhal an uair seo lá, agus
áiteanna ná fuil éan-Ghaedhilg ionnta, gá foghluim agus
gá cur ar siubhal. Is é an náire shaoghail é.
I gCill Chrotháin
I bhFeidhil sgoilín
Do bhíonn spodán
De maighistirín.
Is léir gan smál
Adeir "oui oui oui,"
"Comment," "celá"
Le n-a leanbaíbh.
Acht futa-fá
Mar "Cannus taoi"
Nó "Seadh a Sheagháin"
Dé an maitheas í?
Is maith na rudaí iad ceól agus rinnce chum na daoine
do choimead le chéile. Bíodh a fhios soin ag lucht
stiúrtha na gcraobh ar fud na tíre. Ins na báiltibh,
mór agus beag, go háirithe 'n-a bhfuil craobha ar bun, is é
an sgéal céadna i gcomhnuidhe aca é. Tagaid na
daoine ar feadh tamaill, acht ní túisge bhuailfidh an
focal "bradán" nó "iomarca" umpa, ná tosnuigh-
nuigheann a misneach ag leaghadh. Tagaid oidhche ag
triall ar an gcraoibh, agus fanaid sa mbaile an chéad
oidhche eile, agus is é críoch an sgéil go bhfanaid ag baile
i gcomhnuidhe. Ba cheart do lucht stiúrtha na gcraobh
beagán céille bheith aca. Ins na ceantaraibh ná fuil
Gaedhealach amuigh 's amach is olc an rud daoine do
mhúchadh le Gaedhilg, agus le leabhraibh go háirithe, i dtosach.
Beidh siad bodhartha aici agus ní chuirfid éan-tsuim innti
tar éis tamaill. Ní túisge bhuailfidh an focal "iom-
arca" leó ná déarfaid leó féin go bhfuil "iomarca"
Gaedhilge aca. Is dóigh linne go bhfuil an iomarca
de'n mhúinteóracht tur tirim sin ar fuid na tíre. Ba
mhaith an rud dar linne dá múintí an ceól Gaedhealach,
agus an rinnce Gaedhealach, agus an iománuidheacht, agus na
cleasanna Gaedhealacha eile fá chúram na gcraobh chomh
maith leis an teangaidh. Cuirfidh siad beódhacht éigint
i bhfoghluim na teangaidh. Is éachtach an easbha eólais
atá ag muinntir na hÉireann ar stair na tíre agus
d'fhéadfadh na craobha mórán do dhéanamh chum a leas-
ughadh soin. Muna mbéidh rud éigint sa chraoibh do
tharraingeóidh na daoine chuici, ní baoghal go bhfanfaidh
siad ag teacht go dtí í, nídh nach locht orra.
Tá leabhar beag nuadh eile curtha i gcló ag Comhlucht
na Fírinne Catoilice. "Na Sacramaintí Déidheannacha:
Cionnus iad do ghlacadh mar is cóir," is ainm do
Sagart Riaghalta d'aistrigh an leabhairín seo, agus ní
chosnann sé acht pinginn. Taitneann an leabhairín seo
linn go han-mhaith, agus ní'l amhras orainn ná go bhfuil sé
i ndán do obair, mhór thairbheach do dhéanamh i gceantar-
aibh na Gaedhilge. Tá súil againn go bhféachfaidh
Comhlucht na Fírinne Catoilice chuige go mbéidh sé ar
díol ins na háitibh n-a bhfuil an Ghaedhilg. Muna ndéan-
far soin, sin leath dá mhaitheas caillte. Tá Gaedhilg
dheas shimplidhe ann, agus curtar síos go soiléir so-thuig-
sionta ar gach a mbaineann leis na Sacramaintíbh
déidheannacha. Tá súil againn leis nách stadfaidh
Comhlucht na Fírinne Catoilice annso, acht go bhfeic-
feam a thuilleadh leabhairíní dá saghas uatha i ndiaidh a
chéile. Tá an Sagart Riaghalta go maith chum aistriu-
ghadh do dhéanamh go Gaedhilg. Ná caitheadh sé uaidh an
peann anois, acht cromadh sé ar obair arís mar is
deimhneach gur tábhachtach tairbheach an obair í.