Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - An Mód Gaedhealach
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - An Mód Gaedhealach
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail An Mód Gaedhealach Bhí an fheis ar dtugtar an mód ar siubhal i nGlaschú an tseachtmhain seo chuaidh thart. Is é Cumann Gaedh- ealach Albann chuireas an Mód ar bun. Bhí comórtasa ar siubhal rith an lae i halla San Aindréis agus tugadh mórán duaiseann ar son sgríbhinní Gaedhilge agus ar son ceóltóireachta. Tug an t-Uachdarán .i. an Marcuis Mac Gruama comhrádh uaidh, as Gallbhéarla ag bros- dughadh mhuinntire na hAlban leis an Ghaedhilig do choimhéad beó i n-a measg agus ceól Gaedhealach do chleach- dughadh agus seannósa na tíre do chuimhniughadh agus do chleachdughadh dóllamh. An tráthnóna ceudna bhí cuirm cheóil Ghaedhealach 'sa' tseomra ceóil ag an Tais- beantas i nGlascú agus do bhí na mílte daoine i láthair ag an gcuirm ceoil sin. Atá imtheachta an Mhóid an-chosmhail le himtheachtaibh an Oireachtais againn féin liom agus 'tchítear damhsa nac dtig nidh is tairbhighe a dhéanamh ná coimhmheas do thógbháil idir an dá fheis seo. Maiseadh is í mo bharamhail gur fearr go mór an ceól atá ag an Mód. Ba Ghaedhilg- eóirí réir nádúra an chuid is mó de na ceólteóiribh ag an Mod agus dá bharr ar sin bhí an ceól ró-bhreagh aca agus comhartha agus cosmhalacht orra go bhfuair siad múin- teachas cúramach ealadhanta 'sa cheól. Ní mheasaim fós gur nua-cheol na haimsire seo an módh ceóil do bhí aca, óir do thuigheas gur mac-a-shamhail sean cheóil na hÉireann roinnt dá gcuid ceóil, agus is dóigh liom go leantar do'n cheól mar ba ghnáth da sinsear sa Ghaedh- ealtacht riamh. Bhí mórán choimh-cheóil agus chóimhsheinm ann agus phreab mo chroidhe in mo chléibh ag éisteacht le coimh- sheinm na bpíobairí agus na bhfeidiléirí. Acht má mholaim an Mód, ar fheabhas a cheóil thar cheól an oireachtais, is éigin damh an t-oireachtas do mholadh ar fheabhas a chainte. Níor labhradh Gaedhilig ar bith ós árd ag an Mod acht amháin ins na hamhránaibh. Labhair an cathaoirleach as Béarla, agus ní raibh brigh nó fuinneamh 'sa' Bhéarla féin aige agus tugadh na fuagartha fá dtaoibh de na duaiseannaibh i mBéarla, siúd is gurab é Hanraoi Faoite no "Fionn" do thug na fuagartha uaidh agus go bhfuil sgoith Gaedhilge ag an bhFaoiteach. Is é cheap mé féin in mo aigne go raibh faitchíos ar an gCumann Gaedhealach an Gaedhilig do labhairt ós árd mar bhí a lán daoine i láthair nar thuig an Ghaedhilg. Ceapaim fós gur bh'fearr le buidhin de lucht an Chumainn móruasal do bheith mar Uachdarán orra 'na fíor-Ghaedhilgeóir nach mbéadh chomh hárd i nOrd uaisleachta. Sílim gur dearmad mór do'n Chumann na nidhthe seo, siúd is go gnódhuigheann siad beagán airgid as ar an láthair seo, óir ní cuirtear suim 'sa' Ghaedhilig i nAlbain muna labhartar ós árd í. Tá fhios agam go bhfuil roinnt de'n Chumann níos fearamhla fá dtaoibh do'n cheist seo ná a gcóimhcheilí agus tá súil agam tráth thiocfas Mod eile go ngeibhfidh na daoine seo gléas ar an Mod do leasughadh um labhairt na Gaedhilge. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services