Cúrsaidhe an tSaoghail
An Mód Gaedhealach
Bhí an fheis ar dtugtar an mód ar siubhal i nGlaschú
an tseachtmhain seo chuaidh thart. Is é Cumann Gaedh-
ealach Albann chuireas an Mód ar bun. Bhí comórtasa
ar siubhal rith an lae i halla San Aindréis agus tugadh
mórán duaiseann ar son sgríbhinní Gaedhilge agus ar son
ceóltóireachta. Tug an t-Uachdarán .i. an Marcuis
Mac Gruama comhrádh uaidh, as Gallbhéarla ag bros-
dughadh mhuinntire na hAlban leis an Ghaedhilig do
choimhéad beó i n-a measg agus ceól Gaedhealach do chleach-
dughadh agus seannósa na tíre do chuimhniughadh agus do
chleachdughadh dóllamh. An tráthnóna ceudna bhí cuirm
cheóil Ghaedhealach 'sa' tseomra ceóil ag an Tais-
beantas i nGlascú agus do bhí na mílte daoine i láthair ag
an gcuirm ceoil sin.
Atá imtheachta an Mhóid an-chosmhail le himtheachtaibh
an Oireachtais againn féin liom agus 'tchítear damhsa nac
dtig nidh is tairbhighe a dhéanamh ná coimhmheas do thógbháil
idir an dá fheis seo. Maiseadh is í mo bharamhail gur
fearr go mór an ceól atá ag an Mód. Ba Ghaedhilg-
eóirí réir nádúra an chuid is mó de na ceólteóiribh ag
an Mod agus dá bharr ar sin bhí an ceól ró-bhreagh aca agus
comhartha agus cosmhalacht orra go bhfuair siad múin-
teachas cúramach ealadhanta 'sa cheól. Ní mheasaim
fós gur nua-cheol na haimsire seo an módh ceóil do
bhí aca, óir do thuigheas gur mac-a-shamhail sean cheóil
na hÉireann roinnt dá gcuid ceóil, agus is dóigh liom go
leantar do'n cheól mar ba ghnáth da sinsear sa Ghaedh-
ealtacht riamh. Bhí mórán choimh-cheóil agus chóimhsheinm ann
agus phreab mo chroidhe in mo chléibh ag éisteacht le coimh-
sheinm na bpíobairí agus na bhfeidiléirí.
Acht má mholaim an Mód, ar fheabhas a cheóil thar
cheól an oireachtais, is éigin damh an t-oireachtas do
mholadh ar fheabhas a chainte. Níor labhradh Gaedhilig ar
bith ós árd ag an Mod acht amháin ins na hamhránaibh.
Labhair an cathaoirleach as Béarla, agus ní raibh brigh nó
fuinneamh 'sa' Bhéarla féin aige agus tugadh na fuagartha
fá dtaoibh de na duaiseannaibh i mBéarla, siúd is
gurab é Hanraoi Faoite no "Fionn" do thug na
fuagartha uaidh agus go bhfuil sgoith Gaedhilge ag an
bhFaoiteach. Is é cheap mé féin in mo aigne go raibh
faitchíos ar an gCumann Gaedhealach an Gaedhilig do
labhairt ós árd mar bhí a lán daoine i láthair nar thuig
an Ghaedhilg. Ceapaim fós gur bh'fearr le buidhin de
lucht an Chumainn móruasal do bheith mar Uachdarán
orra 'na fíor-Ghaedhilgeóir nach mbéadh chomh hárd i nOrd
uaisleachta. Sílim gur dearmad mór do'n Chumann
na nidhthe seo, siúd is go gnódhuigheann siad beagán
airgid as ar an láthair seo, óir ní cuirtear suim 'sa'
Ghaedhilig i nAlbain muna labhartar ós árd í. Tá fhios
agam go bhfuil roinnt de'n Chumann níos fearamhla fá
dtaoibh do'n cheist seo ná a gcóimhcheilí agus tá súil agam
tráth thiocfas Mod eile go ngeibhfidh na daoine seo
gléas ar an Mod do leasughadh um labhairt na
Gaedhilge.
Cú Uladh