Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta Thairis
Title
Sgéalta Thairis
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéalta Thairis Do bhailigh Árd-chómhaltas Chonnartha Gaedhilge le chéile i Siocágó timhceall trí seachtmhaine ó shoin, agus do réir na sgéalta atá tagtha chugainn, do rinneadar mórán maitheasa. Bhíodar ag caint is ag cur tré chéile ar feadh dhá lá, agus ní baoghal ná go bhfeicfear a rian ar an gConnradh i nAimeirce. Do cuireadh i bhfeidhm comhaltas fá leith bheith aca le haghaidh gach stáit i slighe go mb'fhearr do thiocfadh leó an Connradh do leathnughadh, agus craobha chur ar bun i n-áitibh ná fuilid cheana. Sin é go díreach an rud is mó theastuigheas uatha dar linn féin. Muna mbéidh láidir ní thiubharaidh éan-duine toradh an mhadraidh orra. Tosnuighdís ar dhul i dtreise, agus is gearr an mhoill orra an lámh uachtair d'fhágháil. Is mór is fada linn fhaid ataimíd leis an nglaigín agus leis an Seóinín ag magadh fúinne agus fá n-ár dteangain. Is fánach duine i nÉirinn do-ghéanadh soin anois, mar tá a fhios aige go satlóchaoi air gan mhoill. Déanaid Clanna Gaedheal i nAimeirce an rud céadna. Tosnuighdís an achmhusán do chaitheamh ar an mBéarla agus ar na nósaibh Gallda. Tá croidhthe na nGaedheal san áit cheart i gcomhnuidhe, agus ní fada go bhfeicfear atharrughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services