Sgéalta Thairis
Do bhailigh Árd-chómhaltas Chonnartha Gaedhilge le
chéile i Siocágó timhceall trí seachtmhaine ó shoin, agus do
réir na sgéalta atá tagtha chugainn, do rinneadar
mórán maitheasa.  Bhíodar ag caint is ag cur tré
chéile ar feadh dhá lá, agus ní baoghal ná go bhfeicfear a
rian ar an gConnradh i nAimeirce.  Do cuireadh i
bhfeidhm comhaltas fá leith bheith aca le haghaidh gach
stáit i slighe go mb'fhearr do thiocfadh leó an Connradh
do leathnughadh, agus craobha chur ar bun i n-áitibh ná fuilid
cheana.  Sin é go díreach an rud is mó theastuigheas
uatha dar linn féin.  Muna mbéidh láidir ní thiubharaidh
éan-duine toradh an mhadraidh orra.  Tosnuighdís ar
dhul i dtreise, agus is gearr an mhoill orra an lámh uachtair
d'fhágháil.  Is mór is fada linn fhaid ataimíd leis an
nglaigín agus leis an Seóinín ag magadh fúinne agus fá n-ár
dteangain.  Is fánach duine i nÉirinn do-ghéanadh soin
anois, mar tá a fhios aige go satlóchaoi air gan mhoill.
Déanaid Clanna Gaedheal i nAimeirce an rud céadna.
Tosnuighdís an achmhusán do chaitheamh ar an mBéarla agus
ar na nósaibh Gallda.  Tá croidhthe na nGaedheal san
áit cheart i gcomhnuidhe, agus ní fada go bhfeicfear
atharrughadh.