Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Líon-tSaothrughadh i nÉirinn
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Líon-tSaothrughadh i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Líon-tSaothrughadh i nÉirinn Gheibhtear an ros, nó síol lín ó Mór-thír na hEórpa an chuid is mó dhé, óir ní chleachtuighid féilmeóirí na hÉireann an ros do bhaint dá gcuid lín agus fós ní leigeann siad do'n líon bheith abuidh go leór leis an ros do bhaint dé. Ullmhuighthear an talamh go han- chúramach; óir mar is min-tshíol an ros ní fuláir an ithir do mhíniughadh go mór. Is i ndeireadh míosa Abraoin nó i bhfíor-thosach míosa na Bealtaine cuir- tear an ros-lín. Fásann sé go tapaidh agus tá sé fásta agus abuidh chum tarraingte i gcorradh agus trí míos i ndiaidh a churtha. Fásann bláth beag gorm ar an líon agus is deas taitneamhach an radharc é, gort lín d'fheicsint fá bhláth. Nuair thuiteann na blátha dhe, fásann féithleóga beaga cruinne in-a n-áit agus is ins na feithleógaibh seo atá an ros nuadh. Acht is cuma leis an fheilmeóir fá'n ros, is í an fheasóg no sreang an lín atá uaidh agus nuair atá an sreang cruaidh go leór baintear an líon. Tá fhios ag an fheilmeóir go bhfuil an sreang abuidh tráth 'tchí sé an gas ag éirghe buidhe fá thuairim dhá dtrian a aoirde ó'n talamh agus cruinnigheann sé meithioll fear agus ban le n-a bhaint; nó is é is córa dhamh a rádh, le n-a tharraingt, óir tarraingthear an líon as an talamh le neart a ngéag. Is deas an rud meithioll daoine d'fheicsint ag tarraingt lín, agus an chlisteacht atá in-a lámhaibh leis na gasaibh do chruinniughadh agus do ghlanadh suas; agus dar ndóighthe tá fhios ag an uile dhuine go mbéidh rinnce aca tráthnóna mar gheall ar a sao- thair. Ceangaltar an líon i ndiaidh a tharraingte i mbeartaibh beaga comhthroma, agus ní féidir do na hoibrightheóiribh bheith ró-chúramach gan na gasa lín do bhriseadh nó do chur ins na beartaibh go míchomhthrom, óir má ghní siad sin millfear an líon. Tá poll glanta amach roimh ré fá choinne an lín do bháthadh, agus cruinnighthear na bearta lín ar chartaibh go dtí an poll agus cuirtear isteach 'sa' pholl iad go socar cúramach i n-diaidh a chéile, rang ar dtús agus rang eile ar a mhullach; agus tráth a bhfuil an poll líonta, leigtear isteach an t-uisge agus, cuirtear cochan no luachair ar mhullach an lín agus cuirtear leaca cloiche ar an iomlán leis na líon do choinneáilt faoi 'n uisge. Leigfear do'n líon luighe 'sa' pholl go mbéidh sé bréan lobhtha agus is é an fáth atá leis sin, go lobhthar an taobh istigh de'n ghas i módh gur féidir an fás adhmadach atá ann do bhriseadh suas agus do ghlanadh ó'n sreang. Ní bhíonn an sreang lobhtha ar chor ar bith, acht go mbaintear an dath glas as, agus a dhéanamh bán. Fá thuairim coigthighise an t-am is ceart do líon bheith báidhte acht atharruighthear an t-am do réir buige an uisge, agus teasa na haimsire, agus tá fhios maith ag an fheilmeóir ghlic tráth a bhfuil an líon abuidh le tógbháil as an pholl. Leigtear ar siubhal an t-uisge an méid is féidir dé, agus téidh fear leic láidir isteach 'sa' pholl agus tógann na bearta lín amach ar an bhruach. Cuirtear ar chartaibh nó trucaillibh aríst iad agus iomchurthar iad go páirc ghlais fhéarmhair mar atá meithioll eile fear agus ban acht is mná is mó ghní an obair seo le haghaidh a spréidhte. Spréidhtear an líon i sraithibh tana ar fuaidh na páirce, agus má thig cioth fearthainne chomh fhad is tá an líon bog fliuch is amhlaidh is fearr é mar nígheann an fhearthainn an líon agus tugann lí thaitneamhach dhó. I gcionn lae nó dó nuair atá an líon tirim, tógthar é agus déantar síoga no b'fhéidir cruach dhe agus luigheann sé annsoin go mbí faill ag an fheilmeóir é chur go dtí 'n muilionn mar nglan- tar é; agus n-a dhiaidh sin, tógfaidh an feilmeóir leis é chum am mhargaidh agus díolfaidh sé an líon le ceannuidhe as Béilfeirsde. San tsean-aimsir bhíodh líon ag fás i ngach ceantar i nÉirinn agus é dá ghléasadh agus dá lámh-shaothrughadh ins na tighthibh i measg na ndaoine gur rinneadh lín-éadach dhé, acht cailleadh an chéird sin i n-ár measg, acht amháin in sna héadachlannaibh i mBéilféirsde agus i mbeagán d'áitibh thart thimcheall ar Bhéilféirsde; agus san am chéadna chuaidh fás an lín ar gcúl i nÉirinn taobh amuigh de Chúige Uladh, agus i nUltaibh féin ní'l a leath-oiread is bhíodh 'sa' tsean-aimsir. Adeirtear go bhfuil Bórd an Talamh-shaothair ag tógbháil cúrama orra féin le fás lín do leathnughadh i nÉirinn aríst agus má tá go
n-éirghidh an obair leó, óir ba mhór an bhuntáiste d' Éirinn an líon-tsaothrughadh. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services