Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Líon-tSaothrughadh i nÉirinn

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Líon-tSaothrughadh i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Líon-tSaothrughadh i nÉirinn



Gheibhtear an ros, nó síol lín ó Mór-thír na hEórpa
an chuid is mó dhé, óir ní chleachtuighid féilmeóirí na
hÉireann an ros do bhaint dá gcuid lín agus fós ní
leigeann siad do'n líon bheith abuidh go leór leis an
ros do bhaint dé. Ullmhuighthear an talamh go han-
chúramach; óir mar is min-tshíol an ros ní fuláir an
ithir do mhíniughadh go mór. Is i ndeireadh míosa
Abraoin nó i bhfíor-thosach míosa na Bealtaine cuir-
tear an ros-lín. Fásann sé go tapaidh agus tá sé fásta
agus abuidh chum tarraingte i gcorradh agus trí míos i ndiaidh
a churtha. Fásann bláth beag gorm ar an líon agus is
deas taitneamhach an radharc é, gort lín d'fheicsint fá
bhláth. Nuair thuiteann na blátha dhe, fásann féithleóga
beaga cruinne in-a n-áit agus is ins na feithleógaibh seo
atá an ros nuadh. Acht is cuma leis an fheilmeóir
fá'n ros, is í an fheasóg no sreang an lín atá uaidh agus
nuair atá an sreang cruaidh go leór baintear an líon.
Tá fhios ag an fheilmeóir go bhfuil an sreang abuidh
tráth 'tchí sé an gas ag éirghe buidhe fá thuairim dhá
dtrian a aoirde ó'n talamh agus cruinnigheann sé meithioll
fear agus ban le n-a bhaint; nó is é is córa dhamh a rádh,
le n-a tharraingt, óir tarraingthear an líon as an
talamh le neart a ngéag. Is deas an rud meithioll
daoine d'fheicsint ag tarraingt lín, agus an chlisteacht
atá in-a lámhaibh leis na gasaibh do chruinniughadh agus do
ghlanadh suas; agus dar ndóighthe tá fhios ag an uile dhuine
go mbéidh rinnce aca tráthnóna mar gheall ar a sao-
thair. Ceangaltar an líon i ndiaidh a tharraingte
i mbeartaibh beaga comhthroma, agus ní féidir do na
hoibrightheóiribh bheith ró-chúramach gan na gasa lín do
bhriseadh nó do chur ins na beartaibh go míchomhthrom,
óir má ghní siad sin millfear an líon.



Tá poll glanta amach roimh ré fá choinne an lín do
bháthadh, agus cruinnighthear na bearta lín ar chartaibh go
dtí an poll agus cuirtear isteach 'sa' pholl iad go socar
cúramach i n-diaidh a chéile, rang ar dtús agus rang eile
ar a mhullach; agus tráth a bhfuil an poll líonta, leigtear
isteach an t-uisge agus, cuirtear cochan no luachair ar
mhullach an lín agus cuirtear leaca cloiche ar an iomlán
leis na líon do choinneáilt faoi 'n uisge. Leigfear
do'n líon luighe 'sa' pholl go mbéidh sé bréan lobhtha agus
is é an fáth atá leis sin, go lobhthar an taobh istigh de'n
ghas i módh gur féidir an fás adhmadach atá ann do
bhriseadh suas agus do ghlanadh ó'n sreang. Ní bhíonn an
sreang lobhtha ar chor ar bith, acht go mbaintear an dath
glas as, agus a dhéanamh bán. Fá thuairim coigthighise an
t-am is ceart do líon bheith báidhte acht atharruighthear
an t-am do réir buige an uisge, agus teasa na haimsire,
agus tá fhios maith ag an fheilmeóir ghlic tráth a bhfuil
an líon abuidh le tógbháil as an pholl. Leigtear ar
siubhal an t-uisge an méid is féidir dé, agus téidh fear
leic láidir isteach 'sa' pholl agus tógann na bearta lín
amach ar an bhruach. Cuirtear ar chartaibh nó trucaillibh
aríst iad agus iomchurthar iad go páirc ghlais fhéarmhair
mar atá meithioll eile fear agus ban acht is mná is mó
ghní an obair seo le haghaidh a spréidhte. Spréidhtear
an líon i sraithibh tana ar fuaidh na páirce, agus má thig
cioth fearthainne chomh fhad is tá an líon bog fliuch is
amhlaidh is fearr é mar nígheann an fhearthainn an líon
agus tugann lí thaitneamhach dhó. I gcionn lae nó dó nuair
atá an líon tirim, tógthar é agus déantar síoga no
b'fhéidir cruach dhe agus luigheann sé annsoin go mbí faill
ag an fheilmeóir é chur go dtí 'n muilionn mar nglan-
tar é; agus n-a dhiaidh sin, tógfaidh an feilmeóir leis é
chum am mhargaidh agus díolfaidh sé an líon le ceannuidhe
as Béilfeirsde.



San tsean-aimsir bhíodh líon ag fás i ngach ceantar
i nÉirinn agus é dá ghléasadh agus dá lámh-shaothrughadh ins na
tighthibh i measg na ndaoine gur rinneadh lín-éadach dhé,
acht cailleadh an chéird sin i n-ár measg, acht amháin
in sna héadachlannaibh i mBéilféirsde agus i mbeagán
d'áitibh thart thimcheall ar Bhéilféirsde; agus san am
chéadna chuaidh fás an lín ar gcúl i nÉirinn taobh amuigh
de Chúige Uladh, agus i nUltaibh féin ní'l a leath-oiread is
bhíodh 'sa' tsean-aimsir. Adeirtear go bhfuil Bórd
an Talamh-shaothair ag tógbháil cúrama orra féin le
fás lín do leathnughadh i nÉirinn aríst agus má tá go


L. 450


n-éirghidh an obair leó, óir ba mhór an bhuntáiste d'
Éirinn an líon-tsaothrughadh.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services