Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Na Bóithre Iarainn i nÉirinn
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Na Bóithre Iarainn i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Na Bóithre Iarainn i nÉirinn I dtúis na haoise deirionnaighe fuarthas amach gur b'fhéidir caráistí d'iomchur ar rianaibh iarainn le cumhachta gaile agus ó shin amach d'fhás bóithre iarainn i ngach uile thír. Sa' bhliadhain 1831 rinneadh an chéad bhóthar iarainn i nÉirinn idir Baile Átha Cliath agus Dún Laoghaire. Sul i bhfad bhí na bóithre déanta, go dtí an tuaisceart an deisceart agus do'n iarthar agus anois ní'l fiú ceantair beagnach sa tír nach bhfuil bóthar iarainn de shaghas eigint ann. Tá an bóthar mór thuaidh ag síneadh ó Bhaile Átha Cliath fá thuaidh go dtí Béilfeirsde agus Doire, thríd na bailtibh mór eidir-mheadhónacha. Tá príomh- bhóthar eile ag fágaint Bhéilfeirsde agus ag imtheacht cois na fairrge thríd an Condae Androma agus ó shin go Cúl- ráthain agus Doire, agus atá bóthar Béilfeirsde agus chondae an Dúin ag síneadh thríd an chondae sin i ngach uile bhealach. Atá príomh-bhóthar iarrainn fá dheas ag ceangal Bhaile Átha Cliath le Corcaigh agus ceann eile ag ceangal na príomh-chathrach le Gaillimh agus leis an iarthar. Tá sreang eile de bhóthar iarrainn ag dul trasna deisceart na hÉireann ó Phortláirge go Corcaigh agus ó sin siar go Cill-Árne; agus tá an iomad de bhóithríníbh iarrainn ann seo agus ann siúd thríd an tír ag ceangal na bpríomh- bhóthar le chéile nó ag imtheacht go háitibh iar-gcúlacha nach bhfuil bealach aca dul níos fuide. Anois is fíor feidhmeamhail na bóithre iarrainn seo agus ní féidir le tír teacht 'n-a n-éagmuis ins na haim- searaibh seo, gan leathtrom mór d'fhulang. Ba chuide- achtaí no comhaltaí do dhaoinibh macánta do chur a gcuid airgid le chéile leis na bóithribh iarrainn seo do dhéanamh agus budh chóir dúinn bheith buidheach do na daoinibh sin, siúd is nach mar mhaithe dhúinne, acht mar mhaithe dhóibh féin, leagadar a gcuid airgid san ghnó sin. Acht tá cuid mhór le rádh ag na daoinibh go coitcheann leis na bóithribh iarainn agus le n-a stiúruidheacht. Tá na bóithre iarainn chomh riachtanach do'n phobul choitcheann an lá indiu is tá na bóithre coitcheanna thríd an tír. Ní thig linn teacht gan iad ar chor ar bith. Tugadh fós an talamh ar a bhfuil na bóithre iarainn suidhte do na cuidheachtaibh úd mar gheall ar go mbéadh na bóithre úsáideach do'n coitcheanntacht agus go dtiubhradh a lucht stiúrtha seirbhís ionraic de'n phobal agus is mithid dúinn a fhiafruighe an bhfuil siad ag déanamh na hoibhre i gceart. Is é adeir na daoine is eólaighe ar an gceist seo nach bhfuil buidhme na mbóthar iarainn ag déanamh mar is cóir dóibh a dhéanamh do'n tír, acht go bhfuilid go síor ag obair le haghaidh a mbuntáiste féin agus gur mó an sochamhail agus gur fearr an connradh thugaid do'n choigchríochach na tugaid do mhuinntir na tíre. Chosnuigh na bóithre iarainn, go minic, barraidheacht le n-a ndéanamh, tá an iomarca aca ann, agus tá barraidheacht buidhean stiúrtha orra, agus is éigin na buidhne seo d'íoc agus biseach maith d'fhagháil do na daoinibh a chuir a gcuid airgid ins na bóithribh ar dtúis. Is é thigeas de seo go gcaithfear barraidheacht do dhíol le daoinibh na tíre le dul ar na bóithribh iarainn nó tráth iomchurthar a gcuid earraí an bhóthar iarainn. Is é an leigheas is fearr ar na dochraibh seo na daoine nó an náisiún do ghabháil na mbóthar n-iarainn in a láimh féin agus iad do bheith dá stiúradh do réir leasa na tíre uile. Ní fuláir a gcuid airgid a thabhairt ar ais do na daoinibh ar leó na bóithre iarainn, acht ní ceart níos mó do thabhairt ar ais dóibh na an méid do chuir siad síos ar dtúis. Muna mbéadh siad sásta leis an méid seo thiocfadh leis an náisiún a gcuid bóthar-iarainn d'fhágháil ar a lámhaibh aca agus bóithre eile do chumadh le n-a 'dtaoibh. Is í mo bharamhail gur cheart do'n náisiún an t-airgead iomlán do dhíol agus na bóithre iarainn do dhéanamh saor do ghach' uile dhuine in aisgidh mar táid na bealaigh móra 'san ann atá i láthair ann. Ní ceaduighthe dhúinn an méid seo a dhéanamh acht an oiread is is ceaduighthe dhúinn leasughadh ar bith eile do dhéanamh ar an tír seo gan dligheadh d'fhagháil ó fheis Shasana; acht b'fhéidir go mbéadh aoibh mhaith ar an bhfeis sin uair éigin agus go dtiubhradh sí cead dúinn na nidhthe seo do comhalughadh; nó b'fhéidir go dtiocfadh an t-am nach mbéadh de chumhacht aici bac do chur orainn i ngnó
ár dtíre. Bíodh sin mar atá, tá sé chomh maith dhúinn fios d'fhágháil ar mar ghortuigheann na bróga sinn, agus an leigheas is fearr leis an ghortughadh do mhaoladh. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services