Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Na Bóithre Iarainn i nÉirinn

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Na Bóithre Iarainn i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Na Bóithre Iarainn i nÉirinn



I dtúis na haoise deirionnaighe fuarthas amach gur
b'fhéidir caráistí d'iomchur ar rianaibh iarainn le
cumhachta gaile agus ó shin amach d'fhás bóithre iarainn i
ngach uile thír. Sa' bhliadhain 1831 rinneadh an chéad
bhóthar iarainn i nÉirinn idir Baile Átha Cliath agus Dún
Laoghaire. Sul i bhfad bhí na bóithre déanta, go dtí an
tuaisceart an deisceart agus do'n iarthar agus anois ní'l fiú
ceantair beagnach sa tír nach bhfuil bóthar iarainn de
shaghas eigint ann. Tá an bóthar mór thuaidh ag síneadh
ó Bhaile Átha Cliath fá thuaidh go dtí Béilfeirsde agus Doire,
thríd na bailtibh mór eidir-mheadhónacha. Tá príomh-
bhóthar eile ag fágaint Bhéilfeirsde agus ag imtheacht cois
na fairrge thríd an Condae Androma agus ó shin go Cúl-
ráthain agus Doire, agus atá bóthar Béilfeirsde agus chondae an
Dúin ag síneadh thríd an chondae sin i ngach uile bhealach.
Atá príomh-bhóthar iarrainn fá dheas ag ceangal Bhaile
Átha Cliath le Corcaigh agus ceann eile ag ceangal na
príomh-chathrach le Gaillimh agus leis an iarthar. Tá sreang
eile de bhóthar iarrainn ag dul trasna deisceart na
hÉireann ó Phortláirge go Corcaigh agus ó sin siar go
Cill-Árne; agus tá an iomad de bhóithríníbh iarrainn ann
seo agus ann siúd thríd an tír ag ceangal na bpríomh-
bhóthar le chéile nó ag imtheacht go háitibh iar-gcúlacha
nach bhfuil bealach aca dul níos fuide.



Anois is fíor feidhmeamhail na bóithre iarrainn seo
agus ní féidir le tír teacht 'n-a n-éagmuis ins na haim-
searaibh seo, gan leathtrom mór d'fhulang. Ba chuide-
achtaí no comhaltaí do dhaoinibh macánta do chur a
gcuid airgid le chéile leis na bóithribh iarrainn seo do
dhéanamh agus budh chóir dúinn bheith buidheach do na daoinibh
sin, siúd is nach mar mhaithe dhúinne, acht mar mhaithe
dhóibh féin, leagadar a gcuid airgid san ghnó sin. Acht
tá cuid mhór le rádh ag na daoinibh go coitcheann leis
na bóithribh iarainn agus le n-a stiúruidheacht. Tá na
bóithre iarainn chomh riachtanach do'n phobul choitcheann
an lá indiu is tá na bóithre coitcheanna thríd an tír.
Ní thig linn teacht gan iad ar chor ar bith. Tugadh fós
an talamh ar a bhfuil na bóithre iarainn suidhte do na
cuidheachtaibh úd mar gheall ar go mbéadh na bóithre
úsáideach do'n coitcheanntacht agus go dtiubhradh a lucht
stiúrtha seirbhís ionraic de'n phobal agus is mithid dúinn
a fhiafruighe an bhfuil siad ag déanamh na hoibhre i
gceart. Is é adeir na daoine is eólaighe ar an gceist
seo nach bhfuil buidhme na mbóthar iarainn ag déanamh
mar is cóir dóibh a dhéanamh do'n tír, acht go bhfuilid
go síor ag obair le haghaidh a mbuntáiste féin agus gur
mó an sochamhail agus gur fearr an connradh thugaid do'n
choigchríochach na tugaid do mhuinntir na tíre. Chosnuigh
na bóithre iarainn, go minic, barraidheacht le n-a
ndéanamh, tá an iomarca aca ann, agus tá barraidheacht
buidhean stiúrtha orra, agus is éigin na buidhne seo d'íoc
agus biseach maith d'fhagháil do na daoinibh a chuir a gcuid
airgid ins na bóithribh ar dtúis. Is é thigeas de seo
go gcaithfear barraidheacht do dhíol le daoinibh na tíre
le dul ar na bóithribh iarainn nó tráth iomchurthar a
gcuid earraí an bhóthar iarainn.



Is é an leigheas is fearr ar na dochraibh seo na
daoine nó an náisiún do ghabháil na mbóthar n-iarainn
in a láimh féin agus iad do bheith dá stiúradh do réir leasa
na tíre uile. Ní fuláir a gcuid airgid a thabhairt ar
ais do na daoinibh ar leó na bóithre iarainn, acht ní
ceart níos mó do thabhairt ar ais dóibh na an méid do
chuir siad síos ar dtúis. Muna mbéadh siad sásta
leis an méid seo thiocfadh leis an náisiún a gcuid
bóthar-iarainn d'fhágháil ar a lámhaibh aca agus bóithre eile
do chumadh le n-a 'dtaoibh. Is í mo bharamhail gur cheart
do'n náisiún an t-airgead iomlán do dhíol agus na bóithre
iarainn do dhéanamh saor do ghach' uile dhuine in aisgidh
mar táid na bealaigh móra 'san ann atá i láthair ann.



Ní ceaduighthe dhúinn an méid seo a dhéanamh acht an
oiread is is ceaduighthe dhúinn leasughadh ar bith eile do
dhéanamh ar an tír seo gan dligheadh d'fhagháil ó fheis
Shasana; acht b'fhéidir go mbéadh aoibh mhaith ar an bhfeis
sin uair éigin agus go dtiubhradh sí cead dúinn na nidhthe
seo do comhalughadh; nó b'fhéidir go dtiocfadh an t-am
nach mbéadh de chumhacht aici bac do chur orainn i ngnó


L. 434


ár dtíre. Bíodh sin mar atá, tá sé chomh maith dhúinn
fios d'fhágháil ar mar ghortuigheann na bróga sinn, agus
an leigheas is fearr leis an ghortughadh do mhaoladh.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services