Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Fliuchlachd i nÉirinn
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Fliuchlachd i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Fliuchlachd i nÉirinn Dubhras cheana nach bhfuil locht is mó ar an aimsir i n-Éirinn ná an fhliuchlachd leanas dí. Ba mhaith liom focal nó dhó eile do rádh ar an fhliuchlachd so. Is é fáth na fliuchlachda an gal-uisge atá san aer ós ar gcionn. Atá gail ag éirghe go síor as an talamh agus go sonrádhach as na haibhnibh, as na pollaibh, as na lochaibh agus as an fhairrghe agus an mór-mhuir agus ag gach uile áit thigeas ga gréine i gcomhfhogus d'uisge. Measgann an ghail seo leis an aer gan fiú sgamall do thógaint 'sa' spéir muna bhfuil barraidheacht de'n ghail i láthair. Do réir teasa an aeir coimhéadann sé gréim ar an ghail, sé sin le rádh má tá an t-aer an-té is féidir mór-chuid gaile do bheith ann gan haireachtain, acht bíodh go fuaruigheann an t-aer, feicfear an ghail no cuid dí i riocht sgamall 'sa' spéir. Cuir i gcás go bhfuaruigheann an t-aer a thuilleadh moitheóchar an ghail mar mhin-deóraibh uisge nó ceó, agus má fhuaruigheann an t-aer in a dhiaidh sin tiocfaidh an ghail anuas orainn mar chioth fhearthainne no báisdighe. Anois ó's Oileán Éire agus an fhairrge i n-a timchioll, tá i gcomhnuidhe mór-chuid gaile ag éirghe i n-áirde sa 'spéir. Siocair go bhfuil sruth na haibhéise ag gabháil thart fá chalaidhibh Éireann agus go bhfuil an-teas san sruth sin, is mó éirigheas gail as an fairrge mar gheall air. Séideann an ghaoth aniar orainn go mór i n-Éirinn agus tiomáineann sí an gal-uisge éirigheas san mór-mhuir thiar anall orainn go mbíonn an t-aer ós cion talmhan na hÉireann líonta leis an ghail úd beagnach i gcomh- nuidhe. Is é thigeas de sin má ísligheann teas an aeir rud beag bídeach féin go mbíonn an fhliuchlachd linn gan mhoill. Tá fátha eile ann i dtaoibh amuigh de atharrughadh teasa thógas fliuchlachd agus fearthain. Má bhuaileann néallta atá lán de ghal-uisge le cnoc nó le sliabh bruightear an gal-uisge as na néalltaibh, mar adéarfá, agus tuirlingeann sé i riocht ceó nó fearthainne. Anois is í aoirde na néall san aer do ghnáth ó fá thuairim 2,000 slat go dtí 10,000 slat. Atá sléibhte i n-Éirinn ós cionn 2,000 slat ar aoirde agus buailtear leó go minic na néallta is ísle agus baintear an gal-uisge asta. Is é seo an fáth go bhfuil, go minic, aimsear fhliuch ar dhruim sléibhe, tráth a bhfuil soineann ins na gleanntaibh agus ar na mághaibh, agus nuair nach bhfuil báisdeach ar na sléibhtibh is minic ceó agus dúr-sgamaill orra. Ghnidheann an bháisdeach agus an ceo mórán dochair do na hárdánaibh mar iomchurann an t-uisge leis mórán de shaidhbhreas agus de bhrígh an ithir agus fágann sé fliuchlachas agus fuacht sa talamh. Cuireann siad cosg fosda ar thaithneamh na gréine i slighe nach féidir arbhar no barra ar bith d'abughadh agus is doiligh an mhóin féin do thiormughadh. Is maith is fiú d'fheirmeóiribh beagán aimsireólais d'fhagháil mar is minic do b'fhéidir leó barra do thógbháil, arbhar no féar no líon, roimh an fhliuchlachd dá mbéadh a fhios aca seal aimsire sula dtiocfadh an fhear- thain. Ní furast an fios seo d'fhagháil, atá an aimsir chomh neamh-sheasmhach soin i n-Éirinn, agus tigeann an t-atharrughadh chomh hobann sin go speiséalta san fhoghmhar. Acht tá tuair agus comharthaí le fagháil go minic roimh an doininn. Tugann an cat féin tuar uaidh nuair iompuigheann sé a earball leis an teinidh, agus is iomdha comhartha gheibhthear ó ainmhintibh agus ó éanaibh agus ó chuma na spéire agus ó chruth na néall. Tugann mar an gcéadna ealadha na haimsire seo beagán cabhra do na feirmeóiribh san nidh seo. Tomhaisthear troime an aeir leis an mbaromatóir agus teas an aeir leis an tearmomatóir agus is maith na tuair iad so má tá stoirm ag teacht; agus cuirtear go minic sgéala chugainn ar- na sreangaibh teintreacha ó'n Oileán Úr agus ó áitibh eile nuair atá doininn de'n chineál ar a dtugthar Cuclón ag tarraingt orainn. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services