Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Fliuchlachd i nÉirinn

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Fliuchlachd i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Fliuchlachd i nÉirinn



Dubhras cheana nach bhfuil locht is mó ar an aimsir i
n-Éirinn ná an fhliuchlachd leanas dí. Ba mhaith liom focal
nó dhó eile do rádh ar an fhliuchlachd so. Is é fáth na
fliuchlachda an gal-uisge atá san aer ós ar gcionn. Atá
gail ag éirghe go síor as an talamh agus go sonrádhach as
na haibhnibh, as na pollaibh, as na lochaibh agus as an fhairrghe
agus an mór-mhuir agus ag gach uile áit thigeas ga gréine i
gcomhfhogus d'uisge. Measgann an ghail seo leis an
aer gan fiú sgamall do thógaint 'sa' spéir muna
bhfuil barraidheacht de'n ghail i láthair. Do réir teasa
an aeir coimhéadann sé gréim ar an ghail, sé sin le rádh
má tá an t-aer an-té is féidir mór-chuid gaile do
bheith ann gan haireachtain, acht bíodh go fuaruigheann
an t-aer, feicfear an ghail no cuid dí i riocht sgamall
'sa' spéir. Cuir i gcás go bhfuaruigheann an t-aer a
thuilleadh moitheóchar an ghail mar mhin-deóraibh uisge
nó ceó, agus má fhuaruigheann an t-aer in a dhiaidh sin
tiocfaidh an ghail anuas orainn mar chioth fhearthainne
no báisdighe.



Anois ó's Oileán Éire agus an fhairrge i n-a timchioll,
tá i gcomhnuidhe mór-chuid gaile ag éirghe i n-áirde sa
'spéir. Siocair go bhfuil sruth na haibhéise ag gabháil
thart fá chalaidhibh Éireann agus go bhfuil an-teas san sruth
sin, is mó éirigheas gail as an fairrge mar gheall air.
Séideann an ghaoth aniar orainn go mór i n-Éirinn agus
tiomáineann sí an gal-uisge éirigheas san mór-mhuir
thiar anall orainn go mbíonn an t-aer ós cion talmhan
na hÉireann líonta leis an ghail úd beagnach i gcomh-
nuidhe. Is é thigeas de sin má ísligheann teas an aeir
rud beag bídeach féin go mbíonn an fhliuchlachd linn
gan mhoill.



Tá fátha eile ann i dtaoibh amuigh de atharrughadh
teasa thógas fliuchlachd agus fearthain. Má bhuaileann
néallta atá lán de ghal-uisge le cnoc nó le sliabh
bruightear an gal-uisge as na néalltaibh, mar adéarfá,
agus tuirlingeann sé i riocht ceó nó fearthainne. Anois
is í aoirde na néall san aer do ghnáth ó fá thuairim
2,000 slat go dtí 10,000 slat. Atá sléibhte i n-Éirinn
ós cionn 2,000 slat ar aoirde agus buailtear leó go
minic na néallta is ísle agus baintear an gal-uisge asta.
Is é seo an fáth go bhfuil, go minic, aimsear fhliuch ar
dhruim sléibhe, tráth a bhfuil soineann ins na gleanntaibh
agus ar na mághaibh, agus nuair nach bhfuil báisdeach ar na
sléibhtibh is minic ceó agus dúr-sgamaill orra. Ghnidheann
an bháisdeach agus an ceo mórán dochair do na hárdánaibh
mar iomchurann an t-uisge leis mórán de shaidhbhreas
agus de bhrígh an ithir agus fágann sé fliuchlachas agus fuacht sa
talamh. Cuireann siad cosg fosda ar thaithneamh na
gréine i slighe nach féidir arbhar no barra ar bith
d'abughadh agus is doiligh an mhóin féin do thiormughadh.



Is maith is fiú d'fheirmeóiribh beagán aimsireólais
d'fhagháil mar is minic do b'fhéidir leó barra do
thógbháil, arbhar no féar no líon, roimh an fhliuchlachd dá
mbéadh a fhios aca seal aimsire sula dtiocfadh an fhear-
thain. Ní furast an fios seo d'fhagháil, atá an aimsir
chomh neamh-sheasmhach soin i n-Éirinn, agus tigeann an
t-atharrughadh chomh hobann sin go speiséalta san
fhoghmhar. Acht tá tuair agus comharthaí le fagháil go minic
roimh an doininn. Tugann an cat féin tuar uaidh
nuair iompuigheann sé a earball leis an teinidh, agus is
iomdha comhartha gheibhthear ó ainmhintibh agus ó éanaibh agus ó
chuma na spéire agus ó chruth na néall. Tugann mar an
gcéadna ealadha na haimsire seo beagán cabhra do
na feirmeóiribh san nidh seo. Tomhaisthear troime an
aeir leis an mbaromatóir agus teas an aeir leis an
tearmomatóir agus is maith na tuair iad so má tá stoirm
ag teacht; agus cuirtear go minic sgéala chugainn ar-
na sreangaibh teintreacha ó'n Oileán Úr agus ó áitibh
eile nuair atá doininn de'n chineál ar a dtugthar
Cuclón ag tarraingt orainn.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services