Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Gual i nÉirinn
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Gual i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Gual i nÉirinn D'fhás gual i nEirinn chomh maith is d'fhás sé ins na tíorthaibh timchioll uirri, acht siocair gur luigh Éire níos comhgaraighe do'n mhór-mhuir gan dhídean aici ó'n doininn agus ó fháthaibh eile, caitheadh agus milleadh agus sgriosadh an chuid ba mhó de'n ghual ó Éirinn agus ní bhfuil innti anois acht bloghanna suaracha de ghual i bhfarradh is atá in Albain i Sacsana agus 'san mBreatain Bhig. Dá dtógfaidhe an oiread guail in Éirinn gach bliadhain is tógfar in Albain ní bhéadh smut guail fágtha 'sa' tír i gcionn seacht mbliadhain, sé sin, do réir baramhla na ndaoine is eólaighe ar an gceist seo, óir ní féidir acht tuairim do thabhairt ar an méid guail atá faoi thalamh. Atá cuid mhaith guail i gCondae Chill Choinnigh acht ní gual ró-mhaith é, go sonrádhach le dóigheadh i dtighthibh, mar nach dtigeann lasair gheal as, agus tigeann go minic deatach as nach bhfuil ró-fholláin do dhaoinibh. Ar a shon sin is fiú mórán airgid an méid guail atá ann siúd mar is fíor-mhaith an gual é le teas do thógbháil agus mar sin is féidir brící, no clocha criaidh do chruaidheadh leis, agus soirn do théitheadh agus chionacht gaile do thógbháil leis. Atá gual níos fearr le fághbháil in aice Bhaile- an-Chaisleáin i gCondae Androma acht ní'l an oiread dé ann. Atá gual an-mhaith i gCondae Thír-Eoghain agus ní'l fhios cruinn againn, no tuairim mhaith féin, ar an méid guail atá ann sin mar sílidh roinnt daoine go bhfuil an gual-mhaigh ag leathadh faoi Loch n-Eathach féin agus 'san tsean-aimsir tógadh gual i gCondae Doire. Atá gual maith i gCondae Liath Druim ag Cnoc-an- Iarainn ar Bhruach Locha Almhainn acht ní meastar go bhfuil mórán dé le fághbháil ann. Tá gual i gCorcaigh agus i gCiarraighe leis, acht siúd is go bhfuil an ghual-mhaigh móir leathan, ní'l mórán doimhne san ghual agus ní mó ná gur fiú é saothar a chnartuighthe. Atá gual le fághbháil ann seo agus ann siud thríd an tír taobh amuich de na háitibh seo do luadhar cheana acht ní fiú trácht ar an méid guail atá le fághbháil in áit ar bith aca. Is cosmhail mar sin, má tá an cúntas ceart againn, nach n-eireóchaidh le muintir na hÉireann choidhche mórán saidhbhris do bhaint as a gcuid guail, agus ar an adhbhar sin is cóir dúinn amharc siar ar na neithibh atá againn i n-ionad an ghuail le buntaiste do bhaint asta. Is iad seo na modha ina bhfuil gual tairbheach do na daoinibh ag a bhfuil sé. 1. Dóightear ins na tighthibh é le teas do thógbháil do na daoinibh le biadh d'ullmhughadh agus le neithibh riachtanacha eile do dhéanamh. 2. Dóightear é i sornaibh le miotal do bhaint as na miotal-chlochaibh agus leis an miotal do leaghadh do ghlanadh agus do chumadh i rudaibh úsáideacha; 3. Téithear coirí leis agus tógtar cumhachta gaile de; agus 4. Déantar gail ghuail le solus do dhéanamh do na daoinibh ina dtighthibh agus ins na sráidibh. Anois atá móin go leór i nÉirinn agus ní'l aon amhrus go bhfuil sí na hadhbhar teineadh chomh maith le gual fá choinne teine do conghbháil i dtighthibh le teas do thógbháil agus biadh d'ullmhughadh, &c. Atá móin ró-thoirteamhail, mar baintear í i nÉirinn 'san am atá i láthair, le hí d'iomchar go saor thríd an tír acht atá gléasanna ealadhnacha ann anois le móin do thiormughadh agus d'fhais- geadh i riocht go mbéidh sí chomh trom agus chomh in-iomchara le gual, agus má chuirtear na gléasanna seo ar siubhal i nÉirinn ní gábhadh dhúinn gan teine mhaith do bheith againn. Budh fhéidir an mhóin trom thirm seo do dhóigheadh i sornaibh mar an gcéadna, dá mbéadh sé uainn miotal do shaothrughadh agus atá móin fíor-oireamhnach le haghaidh bríceadh do chruaidheadh. Fá dtaoibh de'n cúmhachta gaile agus an solus, is mó atá thar do dhéanamh fheidhm de chumhachta teintrighe agus solus teintrighe an uair seo. Anois ní féidir cumhachta teintrighe no solus teintrighe do thógbháil nó do gheineadh gan chumhachta éigin eile mar bhunadhas dó. Acht is féidir iad do thógbháil le cumhachta uisge. Cibé áit a bhfuil uisge ag imtheacht le fánaidh no cibé áit a bhfuil buinne uisge no sruth uisge no eas uisge no tonna uisge féin, is féidir roth do chur ar siubhal ann sin agus an cumhachta thigeas de sin is féidir é do cheangladh agus do chuinbheir le sreang iarainn go háit ar bith 'sa' tír agus cumhachta teintrighe do gheineadh san áit sin. Chuala-
mar go léir iomrádh ar mar ceangladh an cumhachta as easaibh Niagara agus mar seóladh ann seo agus an siud í, le cumhachta teintrighe do thógbháil; agus atá buidhean ar an am láithreach ag iarraidh an rud céadna do dhéanamh le heasaibh ar an tSionainn. Tchítear as an méid seo nach tubaiste ró-mhór dúinn easbaidh guail do bheith orainn, óir uair ar bith is féidir linn gnótha do chur ar bun 'sa' tír thig linn teacht gan ghual. Déantar ullgháir de'n easbhaidh guail seo le daoine éigin, acht is mó an donas dúinn easbhaidh eóluis agus easbaidh bríghe ionnainn féin, ná dochar ar bith thigeas as ghanntanas guail i n-Eirinn. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services