Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Gual i nÉirinn

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Gual i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Gual i nÉirinn



D'fhás gual i nEirinn chomh maith is d'fhás sé ins na
tíorthaibh timchioll uirri, acht siocair gur luigh Éire
níos comhgaraighe do'n mhór-mhuir gan dhídean aici ó'n
doininn agus ó fháthaibh eile, caitheadh agus milleadh agus sgriosadh
an chuid ba mhó de'n ghual ó Éirinn agus ní bhfuil innti
anois acht bloghanna suaracha de ghual i bhfarradh is
atá in Albain i Sacsana agus 'san mBreatain Bhig. Dá
dtógfaidhe an oiread guail in Éirinn gach bliadhain is
tógfar in Albain ní bhéadh smut guail fágtha 'sa' tír
i gcionn seacht mbliadhain, sé sin, do réir baramhla na
ndaoine is eólaighe ar an gceist seo, óir ní féidir acht
tuairim do thabhairt ar an méid guail atá faoi thalamh.
Atá cuid mhaith guail i gCondae Chill Choinnigh acht ní
gual ró-mhaith é, go sonrádhach le dóigheadh i dtighthibh,
mar nach dtigeann lasair gheal as, agus tigeann go minic
deatach as nach bhfuil ró-fholláin do dhaoinibh. Ar a
shon sin is fiú mórán airgid an méid guail atá ann
siúd mar is fíor-mhaith an gual é le teas do thógbháil agus
mar sin is féidir brící, no clocha criaidh do chruaidheadh
leis, agus soirn do théitheadh agus chionacht gaile do thógbháil
leis. Atá gual níos fearr le fághbháil in aice Bhaile-
an-Chaisleáin i gCondae Androma acht ní'l an oiread
dé ann. Atá gual an-mhaith i gCondae Thír-Eoghain agus
ní'l fhios cruinn againn, no tuairim mhaith féin, ar an
méid guail atá ann sin mar sílidh roinnt daoine go
bhfuil an gual-mhaigh ag leathadh faoi Loch n-Eathach féin
agus 'san tsean-aimsir tógadh gual i gCondae Doire.
Atá gual maith i gCondae Liath Druim ag Cnoc-an-
Iarainn ar Bhruach Locha Almhainn acht ní meastar go
bhfuil mórán dé le fághbháil ann. Tá gual i gCorcaigh
agus i gCiarraighe leis, acht siúd is go bhfuil an ghual-mhaigh
móir leathan, ní'l mórán doimhne san ghual agus ní mó ná
gur fiú é saothar a chnartuighthe. Atá gual le
fághbháil ann seo agus ann siud thríd an tír taobh amuich
de na háitibh seo do luadhar cheana acht ní fiú trácht
ar an méid guail atá le fághbháil in áit ar bith aca.



Is cosmhail mar sin, má tá an cúntas ceart againn,
nach n-eireóchaidh le muintir na hÉireann choidhche
mórán saidhbhris do bhaint as a gcuid guail, agus ar an
adhbhar sin is cóir dúinn amharc siar ar na neithibh atá
againn i n-ionad an ghuail le buntaiste do bhaint asta.
Is iad seo na modha ina bhfuil gual tairbheach do na
daoinibh ag a bhfuil sé.



1. Dóightear ins na tighthibh é le teas do thógbháil do
na daoinibh le biadh d'ullmhughadh agus le neithibh riachtanacha
eile do dhéanamh. 2. Dóightear é i sornaibh le miotal
do bhaint as na miotal-chlochaibh agus leis an miotal do
leaghadh do ghlanadh agus do chumadh i rudaibh úsáideacha;
3. Téithear coirí leis agus tógtar cumhachta gaile de; agus
4. Déantar gail ghuail le solus do dhéanamh do na
daoinibh ina dtighthibh agus ins na sráidibh.



Anois atá móin go leór i nÉirinn agus ní'l aon amhrus
go bhfuil sí na hadhbhar teineadh chomh maith le gual fá
choinne teine do conghbháil i dtighthibh le teas do thógbháil
agus biadh d'ullmhughadh, &c. Atá móin ró-thoirteamhail,
mar baintear í i nÉirinn 'san am atá i láthair, le hí
d'iomchar go saor thríd an tír acht atá gléasanna
ealadhnacha ann anois le móin do thiormughadh agus d'fhais-
geadh i riocht go mbéidh sí chomh trom agus chomh in-iomchara
le gual, agus má chuirtear na gléasanna seo ar siubhal
i nÉirinn ní gábhadh dhúinn gan teine mhaith do bheith
againn.



Budh fhéidir an mhóin trom thirm seo do dhóigheadh i
sornaibh mar an gcéadna, dá mbéadh sé uainn miotal
do shaothrughadh agus atá móin fíor-oireamhnach le haghaidh
bríceadh do chruaidheadh.



Fá dtaoibh de'n cúmhachta gaile agus an solus, is mó
atá thar do dhéanamh fheidhm de chumhachta teintrighe agus
solus teintrighe an uair seo. Anois ní féidir cumhachta
teintrighe no solus teintrighe do thógbháil nó do
gheineadh gan chumhachta éigin eile mar bhunadhas dó.
Acht is féidir iad do thógbháil le cumhachta uisge. Cibé
áit a bhfuil uisge ag imtheacht le fánaidh no cibé áit a
bhfuil buinne uisge no sruth uisge no eas uisge no tonna
uisge féin, is féidir roth do chur ar siubhal ann sin agus
an cumhachta thigeas de sin is féidir é do cheangladh agus
do chuinbheir le sreang iarainn go háit ar bith 'sa' tír
agus cumhachta teintrighe do gheineadh san áit sin. Chuala-


L. 370


mar go léir iomrádh ar mar ceangladh an cumhachta as
easaibh Niagara agus mar seóladh ann seo agus an siud í, le
cumhachta teintrighe do thógbháil; agus atá buidhean ar an
am láithreach ag iarraidh an rud céadna do dhéanamh le
heasaibh ar an tSionainn.



Tchítear as an méid seo nach tubaiste ró-mhór
dúinn easbaidh guail do bheith orainn, óir uair ar bith
is féidir linn gnótha do chur ar bun 'sa' tír thig linn
teacht gan ghual. Déantar ullgháir de'n easbhaidh
guail seo le daoine éigin, acht is mó an donas dúinn
easbhaidh eóluis agus easbaidh bríghe ionnainn féin, ná
dochar ar bith thigeas as ghanntanas guail i n-Eirinn.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services