Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaedhilg fá láthair i Roscomáin.
Title
An Ghaedhilg fá láthair i Roscomáin.
Author(s)
O Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Ghaedhilg fá láthair i Roscomáin. Atáid na sgoileanna ar fuaid na tuaithe ar sgur fá láthair agus do cinneadh aguinn stad míosa do thabhairt do sgoláirí Craoibh Naoimh Comáin. O cuireadh ar bun an Chraobh so atá obair ghalánta déanta aici. Atá mórán de's na sgoláirí cheana féin líomhtha go leór san nGaedhilge. Atá gach deallramh go mbeidh an buaidh ar fad linn ar feadh an Gheimhridh. Atáid na daoine ag eirghe níos Gaodhalaighe annso gach lá. Measaim go mbeidh seachtmhuin shúgach Ghaodhalach an tseachtmhain seo chugainn, atá Aonach Mór le bheith aguinn, chum cabhrughadh leis an Árd Theampall Chato- iliceach atá dá thógáilt san áit. Beidh sé ar siubhal ar feadh seachtmhuine atá gach aon deallramh go mbeidh sé go maith. Atá Eilis ní Mhaoill- eágain le bheith aguinn, is beidh riarughadh na mbeo- amharc fá na curam. Atá Céilidh Gaodhlach aguinn freisin, beidh amhráin Gaedhilge, rinnce Gaodhalach agus gan dearmad an píobaire. Is mór an t-atharrughadh é seo i Roscomáin. Ins na bliadhanta ghaibh tharainn, is nidhthe Gallda do bhíodh a n-uachtar acht beidh siad i n-íochtar an turus so. Do clódh-bhuaileadh ticéid an Aonaigh i nGaedhilge agus i mBéarla. Nuair a bheidh an obair ar leath-taoibh, tabharfadh m'aghaidh siar ó dheas ar "Bhailemhúirne na mór gcómhachta" ar feadh cúpla seachtmhuin chum mo thuirse chuir dhíom. Tosnóchaidh obair Connradh na Gaedhilge arís i dtosach an mhí seo chugainn. Níl aon chúrsaí gearáin aguinn san aimsir atá gabhtha tharainn. Thugadar aire maith do'n Ghaedhilge agus sul a mbéarfaid Lá Féile Pádruig orainn beidh togha-sgolairí Gaedhilge i Roscomáin. Sgríobhfad arís an tseachtmhuin seo chugainn le congnamh Dé fé an Aonach, ag féachaint cionnus do imtheochaidh rudaí, acht measaim go mbéarfaimíd buaidh. Donnchadh O Laoghaire
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services