Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhilg fá láthair i Roscomáin.

Title
An Ghaedhilg fá láthair i Roscomáin.
Author(s)
O Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Ghaedhilg fá láthair i Roscomáin.



Atáid na sgoileanna ar fuaid na tuaithe ar sgur
fá láthair agus do cinneadh aguinn stad míosa do thabhairt
do sgoláirí Craoibh Naoimh Comáin. O cuireadh ar
bun an Chraobh so atá obair ghalánta déanta aici.
Atá mórán de's na sgoláirí cheana féin líomhtha go
leór san nGaedhilge. Atá gach deallramh go mbeidh
an buaidh ar fad linn ar feadh an Gheimhridh. Atáid na
daoine ag eirghe níos Gaodhalaighe annso gach lá.
Measaim go mbeidh seachtmhuin shúgach Ghaodhalach an
tseachtmhain seo chugainn, atá Aonach Mór le bheith
aguinn, chum cabhrughadh leis an Árd Theampall Chato-
iliceach atá dá thógáilt san áit.



Beidh sé ar siubhal ar feadh seachtmhuine atá gach aon
deallramh go mbeidh sé go maith. Atá Eilis ní Mhaoill-
eágain le bheith aguinn, is beidh riarughadh na mbeo-
amharc fá na curam. Atá Céilidh Gaodhlach aguinn
freisin, beidh amhráin Gaedhilge, rinnce Gaodhalach agus
gan dearmad an píobaire. Is mór an t-atharrughadh é
seo i Roscomáin. Ins na bliadhanta ghaibh tharainn, is
nidhthe Gallda do bhíodh a n-uachtar acht beidh siad i
n-íochtar an turus so. Do clódh-bhuaileadh ticéid an
Aonaigh i nGaedhilge agus i mBéarla.



Nuair a bheidh an obair ar leath-taoibh, tabharfadh
m'aghaidh siar ó dheas ar "Bhailemhúirne na mór
gcómhachta" ar feadh cúpla seachtmhuin chum mo thuirse
chuir dhíom. Tosnóchaidh obair Connradh na Gaedhilge
arís i dtosach an mhí seo chugainn. Níl aon chúrsaí
gearáin aguinn san aimsir atá gabhtha tharainn.
Thugadar aire maith do'n Ghaedhilge agus sul a mbéarfaid
Lá Féile Pádruig orainn beidh togha-sgolairí Gaedhilge
i Roscomáin.



Sgríobhfad arís an tseachtmhuin seo chugainn le
congnamh Dé fé an Aonach, ag féachaint cionnus do
imtheochaidh rudaí, acht measaim go mbéarfaimíd buaidh.



Donnchadh O Laoghaire

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services