Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail MAR D'FHÁS TALAMH NA hÉIREANN 'San t-sean-aimsir ba chuid de mhór-thír na hEórpa Éire; agus ní raibh fairrge ar bith ar an taoibh thoir di, nó b'fhéidir ar an taoibh thuaidh. Ní raibh na sléibhte nó na gleannta i n-Éirinn mar atáid anois, óir is fios dúinn gur ó crithibh talmhan tháinig na sléibhte agus na gleannta seo. Sé sin le rádh nuair do bhí an liathróid seo ar a bhfuilmíd 'nar gcomhnuidhe .i. an domhan, ag fuaradh thuit uachdar na talmhan ann seo is an siúd isteach ar a chéile agus d'at sé i n-áiteachaibh eile, nó d'éirigh tonn talmhan mar déarfá agus d'fhann an tonn sin ó shoin mar shliabh nó cnoc. Bhí ceithre crithe talmhan de'n chineál seo a d'fhág a riana ar roinn Eórpa, agus is dóighthe gur fhágadar a gcomharthaí ar Éirinn leis, acht is iad an bheirt deireannach aca d'fhág a riana go soilléir in a ndiaidh i n-Éirinn. Do thóig an chéad cheann aca seo tonna talmhan beagnach ó dheas go tuaidh agus tá na tonna seo le feicsint gus an lá indiu i dTír Chonaill, i gConnachtaibh agus i Laghanaibh, agus fós in Ultaibh 'sa' Chonndae Doire agus arís ó Bhéilfeirsde go dtí an Iubhar. Is tuaidh- dheas réim na sliabh ins na háiteachaibh seo go huile, agus is í an réim céadna atá leis an chuid is mó de na sléibhtibh in Albain. Go dearbhtha tá comharthaí an bogtha sin chomh mór sin ar Albain gur “comhfilleadh Albanach” tugaid talamh-iristheóiribh ar an mór-bhogadh úd. Fá chionn na mílte bliadhan in a dhiaidh sin tháinig bogadh eile ar an talamh 'san roinn seo de'n domhan agus fagadh tonna talmhan in a dhiaidh agus an réim soin-siar beagnach leó. Is iad na tonna seo 'tchímid ins na sléibhtibh agus na cnocaibh i nDeisceart na hÉireann agus ar an adhbhar sin is soir-siar réim na sliabh, na ngleann agus na n-abhann 'san duthaigh sin. Bhí bogaidh eile ar an talamh in dhiaidh an ama seo, acht níor fhág ceachdar aca a rian ar Éirinn chomh trom is d'fhág an bheirt bhogadh ar ar thráchtamar cheana. Acht d'éirigh rud eile do thalamh na hÉireann iar an tan seo. Bíodh cuimhne gur roinn de mhóir-thír na hEórpa Éire go dtí seo, acht anois d'ísliughadh iarthar na móir- thíre go socar suaimhneach gur fholuigh an fairrge an chuid is mó dhé. Cailleadh Éire go léir fá'n tuinn acht amháin smut di ann seo agus ann siúd do bhí 'na oileáinín ós cionn an uisge. Bhí sí chomh fada sin in a luighe fá'n aigéan gur fhás úr ós cionn na talmhan de ghlár agus de sliogánaibh atá mar lic carraige ar chlár na hÉireann go nuige an lae indiu. Acht tháinig athrughadh eile ar an tsaoghal agus árduigheadh go mall an taobh seo de'n domhan arís. Go dearbhtha níor árduigheadh í chomh hárd is do bhí sí cheana. Fágadh léab de'n fhairrge 'na luighe os cionn na talmhan ann seo agus an siúd go rinneadh oileán d'Éirinn mar atá sí anois agus rinneadh oileán eile de'n Bhretain Mhóir. Is cosamhail go raibh aimsear an-bhrothalach ins na tíorthaibh seo an uair sin agus d'éirigh fáslach trom ar an talamh úr, fiadhailí láidre, féar bog glas, plandaí agus crainn de ghach uile sheort. Is cosamhail gur sáitheadh cuid mhór de'n tír fá'n fhairrge arís óir adeirid na saoithe gur bh'é an fáslach úd ar leagadh fá lár agus ar clúduigheadh le chlábar fá na tonnaibh atá anois 'na ghual fá'n talmhain in áitibh éigin. Tubaiste eile fós d'éirigh d'Éirinn agus do na tíorthaibh eile thart timcheall uirri. D'eirigh an aimsear fuair as cuimne. Tá cuimhne agaibh ar an doineann agus an fuacht d'fhulaing Fionnghuala agus a dhearbhrathacha .i. clann Lír, ar sruth na maoile fadó. D'eirigh an fuacht úd chomh trom sin go dtáinig leac oighre os cionn chláir na hÉireann uile agus troimshneachta leis go dtí nach indealbhaighthe na cnuic ó na gleanntaibh. Is dóighthe go raib an mór-mhuir féin fá sioc agus fá leac- oighre agus geal-ualach sneachta. Níor fágadh rud beó i nÉirinn leis an reothadh úd. Acht tháinig athrughadh eile d'éirigh an smut ó'n ghréin, leagh an sioc, agus leath ar n-oileán a hucht bog-ghlas fá thaithneamh na gréine gur fhás an uile nidh arís. Ní hé i mbliadhain nó dó coimhlíonadh na hathruighthe seo. Mhair siad ar feadh na céadta bliadhan. Ba bhuana iad agus ba leathtromaighe iad 'ná gabháltas Éire- ann leis na Gaillaibh agus mar mhair ar sean-oileán thríd na hathruighthibh úd atá súil agam go mairfidh sí thríd an ghabhaltas seo dá chruaidhe é. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services