Cúrsaidhe an tSaoghail
MAR D'FHÁS TALAMH NA hÉIREANN
'San t-sean-aimsir ba chuid de mhór-thír na hEórpa
Éire; agus ní raibh fairrge ar bith ar an taoibh thoir di, nó
b'fhéidir ar an taoibh thuaidh. Ní raibh na sléibhte nó na
gleannta i n-Éirinn mar atáid anois, óir is fios dúinn
gur ó crithibh talmhan tháinig na sléibhte agus na gleannta
seo. Sé sin le rádh nuair do bhí an liathróid seo ar a
bhfuilmíd 'nar gcomhnuidhe .i. an domhan, ag fuaradh
thuit uachdar na talmhan ann seo is an siúd isteach ar
a chéile agus d'at sé i n-áiteachaibh eile, nó d'éirigh tonn
talmhan mar déarfá agus d'fhann an tonn sin ó shoin mar
shliabh nó cnoc. Bhí ceithre crithe talmhan de'n chineál
seo a d'fhág a riana ar roinn Eórpa, agus is dóighthe gur
fhágadar a gcomharthaí ar Éirinn leis, acht is iad an
bheirt deireannach aca d'fhág a riana go soilléir in a
ndiaidh i n-Éirinn. Do thóig an chéad cheann aca seo
tonna talmhan beagnach ó dheas go tuaidh agus tá na tonna
seo le feicsint gus an lá indiu i dTír Chonaill, i
gConnachtaibh agus i Laghanaibh, agus fós in Ultaibh 'sa' Chonndae
Doire agus arís ó Bhéilfeirsde go dtí an Iubhar. Is tuaidh-
dheas réim na sliabh ins na háiteachaibh seo go huile, agus
is í an réim céadna atá leis an chuid is mó de na
sléibhtibh in Albain. Go dearbhtha tá comharthaí an
bogtha sin chomh mór sin ar Albain gur “comhfilleadh
Albanach” tugaid talamh-iristheóiribh ar an mór-bhogadh
úd. Fá chionn na mílte bliadhan in a dhiaidh sin tháinig
bogadh eile ar an talamh 'san roinn seo de'n domhan agus
fagadh tonna talmhan in a dhiaidh agus an réim soin-siar
beagnach leó. Is iad na tonna seo 'tchímid ins na
sléibhtibh agus na cnocaibh i nDeisceart na hÉireann agus ar
an adhbhar sin is soir-siar réim na sliabh, na ngleann agus
na n-abhann 'san duthaigh sin.
Bhí bogaidh eile ar an talamh in dhiaidh an ama seo,
acht níor fhág ceachdar aca a rian ar Éirinn chomh trom
is d'fhág an bheirt bhogadh ar ar thráchtamar cheana. Acht
d'éirigh rud eile do thalamh na hÉireann iar an tan
seo. Bíodh cuimhne gur roinn de mhóir-thír na hEórpa
Éire go dtí seo, acht anois d'ísliughadh iarthar na móir-
thíre go socar suaimhneach gur fholuigh an fairrge an
chuid is mó dhé. Cailleadh Éire go léir fá'n tuinn acht
amháin smut di ann seo agus ann siúd do bhí 'na oileáinín
ós cionn an uisge. Bhí sí chomh fada sin in a luighe fá'n
aigéan gur fhás úr ós cionn na talmhan de ghlár agus de
sliogánaibh atá mar lic carraige ar chlár na hÉireann
go nuige an lae indiu. Acht tháinig athrughadh eile ar
an tsaoghal agus árduigheadh go mall an taobh seo de'n
domhan arís. Go dearbhtha níor árduigheadh í chomh hárd
is do bhí sí cheana. Fágadh léab de'n fhairrge 'na luighe
os cionn na talmhan ann seo agus an siúd go rinneadh
oileán d'Éirinn mar atá sí anois agus rinneadh oileán
eile de'n Bhretain Mhóir. Is cosamhail go raibh
aimsear an-bhrothalach ins na tíorthaibh seo an uair sin
agus d'éirigh fáslach trom ar an talamh úr, fiadhailí láidre,
féar bog glas, plandaí agus crainn de ghach uile sheort.
Is cosamhail gur sáitheadh cuid mhór de'n tír fá'n
fhairrge arís óir adeirid na saoithe gur bh'é an fáslach
úd ar leagadh fá lár agus ar clúduigheadh le chlábar fá na
tonnaibh atá anois 'na ghual fá'n talmhain in áitibh éigin.
Tubaiste eile fós d'éirigh d'Éirinn agus do na tíorthaibh
eile thart timcheall uirri. D'eirigh an aimsear fuair
as cuimne. Tá cuimhne agaibh ar an doineann agus an
fuacht d'fhulaing Fionnghuala agus a dhearbhrathacha .i.
clann Lír, ar sruth na maoile fadó. D'eirigh an
fuacht úd chomh trom sin go dtáinig leac oighre os
cionn chláir na hÉireann uile agus troimshneachta leis go
dtí nach indealbhaighthe na cnuic ó na gleanntaibh. Is
dóighthe go raib an mór-mhuir féin fá sioc agus fá leac-
oighre agus geal-ualach sneachta. Níor fágadh rud beó i
nÉirinn leis an reothadh úd. Acht tháinig athrughadh eile
d'éirigh an smut ó'n ghréin, leagh an sioc, agus leath ar
n-oileán a hucht bog-ghlas fá thaithneamh na gréine gur
fhás an uile nidh arís.
Ní hé i mbliadhain nó dó coimhlíonadh na hathruighthe
seo. Mhair siad ar feadh na céadta bliadhan. Ba
bhuana iad agus ba leathtromaighe iad 'ná gabháltas Éire-
ann leis na Gaillaibh agus mar mhair ar sean-oileán thríd
na hathruighthibh úd atá súil agam go mairfidh sí thríd
an ghabhaltas seo dá chruaidhe é.
Cú Uladh