Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Sagart agus an t-Albanach a thuit amach le chéile
Title
An Sagart agus an t-Albanach a thuit amach le chéile
Author(s)
An Buachaillín Buidhe,
Pen Name
An Buachaillín Buidhe
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“An Sagart agus an tAlbannach a thuit amach le chéile.” Béal-an-Átha, Iúl 22, 1901. A Fhir-eagair an Chlaidhimh, Ba mhaith liom cúpla focal a rádh leat i dtaobh na litre do chuir “Colceathair do Gholl na Méarthóige” chugat. Is “Albannach” mé féin léir creidimh acht níor chuir sgéal an tSagairt agus an Albanaigh aighneas ar bith orm. Ní ceart dúinn bheith ag síor-chasaoid fá gach uile rud nach dtaithnigheann linn, go mór-mhór 'nuair nach bhfuil cath na Gaedhilge acht 'na thosach fós. Is truagh liom féin go mór nach bhfuil focal maith ar bith agam le rádh i gcead na bPróidestúnach. Cuirthear “Albanaigh” ar mhuinntir mo chreidimh féin i gConn- achtaibh, agus cuirthear “Sasanaigh” orra i gCúige Mumhan agus is fíor an sgéal é. Is Gaill iad go léir, acht corr- cheann aca amháin. Is i Sasana amháin atá dúil agus spéis a gcroidhe; agus ní'l spéis aca ins an tír bhuicht so, na i rud ar bith baineas le fíor-náisiúntacht na hÉireann. Buidheachas le Dia tá malairt ag tigheacht ar roinnt aca acht is fuarach a bhfuil de'n splannc Gaedhealach aca fós. Is mór an truagh sin, acht do b'fhéidir, má's é toil Dé é, go dtiocfaidh an lá áthasach ann fós, a mbéidh Gaedhil agus Gaill ag oibriughadh gualainn ar ghual- ainn le chéile, le hÉire do chur ar a leas, agus le hanró agus le mí-shástacht na gcéadta bliadhain do dhíbirt ó'n tír amhlaidh is dhíbir Pádruig Naomhtha na hull-phéisteanna fad ó. Acht is cinnte nach bhfuil an lá sin ann fós, agus chomh fhad is támuid ar aon intinn amháin i dtaoibh na Gaedhilge, ní ceart dúinn bheith ag casaoid agus ag clampar le chéile. Maidir leis an “Méarthóig” agus le roinnt dá ghaol- raibh ó Chonndae Mhuige Eó, go n-éirighidh leo i gcomh- nuidhe, agus le gach uile Éireannach go bhfuil grádh aige ag an nGaedhilg, 'sin í guidhe an Chonnachtaigh neamh- fhiúntaigh so. An Buachaillín Buidhe
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services