“An Sagart agus an tAlbannach a thuit amach
le chéile.”
Béal-an-Átha,
Iúl 22, 1901.
A Fhir-eagair an Chlaidhimh,
Ba mhaith liom cúpla focal a rádh leat i dtaobh
na litre do chuir “Colceathair do Gholl na Méarthóige”
chugat. Is “Albannach” mé féin léir creidimh acht níor
chuir sgéal an tSagairt agus an Albanaigh aighneas ar bith
orm. Ní ceart dúinn bheith ag síor-chasaoid fá gach
uile rud nach dtaithnigheann linn, go mór-mhór 'nuair
nach bhfuil cath na Gaedhilge acht 'na thosach fós. Is
truagh liom féin go mór nach bhfuil focal maith ar bith
agam le rádh i gcead na bPróidestúnach. Cuirthear
“Albanaigh” ar mhuinntir mo chreidimh féin i gConn-
achtaibh, agus cuirthear “Sasanaigh” orra i gCúige Mumhan
agus is fíor an sgéal é. Is Gaill iad go léir, acht corr-
cheann aca amháin. Is i Sasana amháin atá dúil agus spéis
a gcroidhe; agus ní'l spéis aca ins an tír bhuicht so, na i
rud ar bith baineas le fíor-náisiúntacht na hÉireann.
Buidheachas le Dia tá malairt ag tigheacht ar roinnt
aca acht is fuarach a bhfuil de'n splannc Gaedhealach
aca fós. Is mór an truagh sin, acht do b'fhéidir, má's
é toil Dé é, go dtiocfaidh an lá áthasach ann fós, a
mbéidh Gaedhil agus Gaill ag oibriughadh gualainn ar ghual-
ainn le chéile, le hÉire do chur ar a leas, agus le hanró
agus le mí-shástacht na gcéadta bliadhain do dhíbirt ó'n tír
amhlaidh is dhíbir Pádruig Naomhtha na hull-phéisteanna
fad ó. Acht is cinnte nach bhfuil an lá sin ann fós, agus
chomh fhad is támuid ar aon intinn amháin i dtaoibh na
Gaedhilge, ní ceart dúinn bheith ag casaoid agus ag
clampar le chéile.
Maidir leis an “Méarthóig” agus le roinnt dá ghaol-
raibh ó Chonndae Mhuige Eó, go n-éirighidh leo i gcomh-
nuidhe, agus le gach uile Éireannach go bhfuil grádh aige ag
an nGaedhilg, 'sin í guidhe an Chonnachtaigh neamh-
fhiúntaigh so.
An Buachaillín Buidhe