Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaedhilg i gCondae Roscomáin
Title
An Ghaedhilg i gCondae Roscomáin
Author(s)
Ua Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Ghaedhilg i gCondae Roscomáin Ar feadh na haimsire atá an chraobh so ar bun tá bfhéidir, oiread déanta aici, is atá ag aon Chraobh i nÉirinn, ar son na Gaedhilge. Do dhéanfaidhe Éire Geadhealach in aon bhliadhain amháin; do aimdheón a bhfuil de Seóiníní i gColláiste na Tríonóide, dá dtógfaidhe an céim ceart chuige. Leanadh gach condae eile an sompla do thug Roscomáin uaidh. Tá fhios ag an saoghal gur áit é nár labharadh focal Gaedhilge leis na ciantaibh, acht taisbeánann obair ceithre míosa cad is féidir do dhéanamh, ar feadh an mhéid sin aimsire. Tá cnuasach againn gach oidhche Dia Luain, Dia céadaoin, agus Dia haoine, le haghaidh na muintire seo nach bhfuil ag dul ar sgoil. Go deimhin bíonn bailiughadh uasal againn gach oidhche aca. Is mór an dóchas na buachaillí is na mná óga, bheith ag cuidiughadh leis an obair. Cé gur gnáthach le mórán daoine failighe do thabhairt do'n Ghaedhilg ar feadh an tSamhraidh is ag dul i méad atá an buidhean i Roscomáin. Táid anois i n-ann an dara leabhar Geadhilge do léigheadh go blasda. Tuilleann Siúir na mbocht i Roscomáin moladh mór, mar gheall ar a dtír-ghrádh. Tá croidhe gach uile cheann aca san nGaedhilg. Táid na Siúir féin anois ag foghluim an tréas leabhair Ghaedhilge agus mar aon leis, tá a gcuid sgoláirí go léir ag foghluim Gaedhilge dá lá sa tseachtmhain. Níor mhisde do gach Conibhint eile aithris do dhéanamh ortha is gan bheith ag déanamh Iar- Bhreatannaigh dá sgoláirí níos mó. An dá sgoil atá fá chúram an Athar Mac Lochlainn, siad sin Roscomáin agus Cill-tighe-Iobháin, fághaid ceacht- anna Gaedhilge dá uair sa tseachtmhain. Tá cúig sgoilibh fá chúram an Athar Uí Eaghra, is fághaid sin mar an gcéadna, ceachtanna, dhá lá 'sa tseachtmhain. Tá paráiste Cill-tighe-Iobháin ag déanamh oibre maithe. Gach Domhnach tar éis Aifrinn bíonn an sgoil lán de dhaoinibh, is gach n-aon aca ag foghluim go dícheallach. Féadaid a bpaidreacha do rádh i nGaedhilg anois. Tá obair mhaith dhá dhéanamh ar imioll Chondae na Gaillimhe. Ins na Creagaibh tá sé mhúinteóir déag sgoile ag foghluim Gaedhilge; is táid anois san treas leabhar. Cruinnighid gach Aoine tar éis sgoile. Bhí a bhfurmhór cheana i n-ann í labhairt, acht i dtaobh í sgrío- bhadh nó do léigheadh ní raibh fhios aca acht chomh beag le púca. Tá gach n-aon aca anois dá múineadh do'n aos óg ar sgoil. Tuigeann an tsean-mhuintir go maith an Ghaedhilg 'sna ceanntaraibh moir-thimcheall. Tá sgoil eile gach tráthnóna Diardaoin ag an mBealach Liath cúpla míle ó Bhéal a Ghártha i gCondae na Gaillimhe, is tá dhá 'réag máighistiridhe ag foghluim annsin. Do dhéanfaidhe obair mhaith ar theóra na Gaillimhe agus Roscomáin. Tá an Ghaedhilg cheana aca, acht iad do mhúineadh cionnus í léigheadh agus do sgríobhadh. Bidhim féin ar nós an ghobadáin trágha, ag iarraidh an mhéid a luaidhim do fhriothálamh, acht mar a mbeadh an rothar ní thiocfadh liom leath na hoibre do dhéanamh. Badh mhaith an nídh dá ndéanfadh sagairt eile na hÉireann aithris ar shagairt Roscomáin. Bhí Éire na fásach mar a mbéadh Connradh na Gaedhilge. Do dhall an litiridheacht Bhéarla intinn na n-aos óg, i dtreó nár fhág sé ciall ná meabhair aca, is dá luatha gheobhaid cuca an Ghaedhealacht seadh is fearrde iad. Donnchadh Ua Laoghaire
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services