An Ghaedhilg i gCondae Roscomáin
Ar feadh na haimsire atá an chraobh so ar bun tá
bfhéidir, oiread déanta aici, is atá ag aon Chraobh i
nÉirinn, ar son na Gaedhilge. Do dhéanfaidhe Éire
Geadhealach in aon bhliadhain amháin; do aimdheón a
bhfuil de Seóiníní i gColláiste na Tríonóide, dá
dtógfaidhe an céim ceart chuige. Leanadh gach condae
eile an sompla do thug Roscomáin uaidh. Tá fhios ag
an saoghal gur áit é nár labharadh focal Gaedhilge leis
na ciantaibh, acht taisbeánann obair ceithre míosa cad
is féidir do dhéanamh, ar feadh an mhéid sin aimsire.
Tá cnuasach againn gach oidhche Dia Luain, Dia
céadaoin, agus Dia haoine, le haghaidh na muintire seo
nach bhfuil ag dul ar sgoil. Go deimhin bíonn bailiughadh
uasal againn gach oidhche aca. Is mór an dóchas na
buachaillí is na mná óga, bheith ag cuidiughadh leis an
obair. Cé gur gnáthach le mórán daoine failighe do
thabhairt do'n Ghaedhilg ar feadh an tSamhraidh is ag dul
i méad atá an buidhean i Roscomáin. Táid anois i
n-ann an dara leabhar Geadhilge do léigheadh go
blasda.
Tuilleann Siúir na mbocht i Roscomáin moladh mór,
mar gheall ar a dtír-ghrádh. Tá croidhe gach uile cheann
aca san nGaedhilg. Táid na Siúir féin anois ag
foghluim an tréas leabhair Ghaedhilge agus mar aon leis,
tá a gcuid sgoláirí go léir ag foghluim Gaedhilge dá
lá sa tseachtmhain. Níor mhisde do gach Conibhint eile
aithris do dhéanamh ortha is gan bheith ag déanamh Iar-
Bhreatannaigh dá sgoláirí níos mó.
An dá sgoil atá fá chúram an Athar Mac Lochlainn,
siad sin Roscomáin agus Cill-tighe-Iobháin, fághaid ceacht-
anna Gaedhilge dá uair sa tseachtmhain. Tá cúig sgoilibh
fá chúram an Athar Uí Eaghra, is fághaid sin mar an
gcéadna, ceachtanna, dhá lá 'sa tseachtmhain. Tá
paráiste Cill-tighe-Iobháin ag déanamh oibre maithe.
Gach Domhnach tar éis Aifrinn bíonn an sgoil lán de
dhaoinibh, is gach n-aon aca ag foghluim go dícheallach.
Féadaid a bpaidreacha do rádh i nGaedhilg anois.
Tá obair mhaith dhá dhéanamh ar imioll Chondae na
Gaillimhe. Ins na Creagaibh tá sé mhúinteóir déag
sgoile ag foghluim Gaedhilge; is táid anois san treas
leabhar. Cruinnighid gach Aoine tar éis sgoile. Bhí a
bhfurmhór cheana i n-ann í labhairt, acht i dtaobh í sgrío-
bhadh nó do léigheadh ní raibh fhios aca acht chomh beag le
púca. Tá gach n-aon aca anois dá múineadh do'n aos
óg ar sgoil. Tuigeann an tsean-mhuintir go maith an
Ghaedhilg 'sna ceanntaraibh moir-thimcheall.
Tá sgoil eile gach tráthnóna Diardaoin ag an
mBealach Liath cúpla míle ó Bhéal a Ghártha i gCondae
na Gaillimhe, is tá dhá 'réag máighistiridhe ag foghluim
annsin. Do dhéanfaidhe obair mhaith ar theóra na
Gaillimhe agus Roscomáin. Tá an Ghaedhilg cheana aca,
acht iad do mhúineadh cionnus í léigheadh agus do sgríobhadh.
Bidhim féin ar nós an ghobadáin trágha, ag iarraidh an
mhéid a luaidhim do fhriothálamh, acht mar a mbeadh an
rothar ní thiocfadh liom leath na hoibre do dhéanamh.
Badh mhaith an nídh dá ndéanfadh sagairt eile na
hÉireann aithris ar shagairt Roscomáin. Bhí Éire na
fásach mar a mbéadh Connradh na Gaedhilge. Do dhall
an litiridheacht Bhéarla intinn na n-aos óg, i dtreó
nár fhág sé ciall ná meabhair aca, is dá luatha gheobhaid
cuca an Ghaedhealacht seadh is fearrde iad.
Donnchadh Ua Laoghaire
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11