Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is maith an ceann d'á dtír na hAlbanaigh sin. Is beag ceann aca go mbíonn fághaltas airgid aige ná' cuireann beagán de i leathtaoibh le haghaidh maitheasa do dhéanadh d'á dtír dhúthchais. Féach an fear soin Aindreas Cárnégie an tAlbannach Americánach, do thug dhá mhilliún púnt uaidh an lá eile i gcomhair léighinn i n-aisge do thabhairt do gharsúnaibh Alban. Ní hé Cárnégie an t-éinne' amháin do chuimhnigheann ar an mball mar ar rugadh é, acht gach Albanach eile chomh maith leis, siúd is gur i Sasana nó i nAmericá bhíd siad 'na gcomhnuidhe. Má bhíonn airgead aca fágaid siad roinnt mhaith dhe le haghaidh a mbáis chum ósbidéil, nó sgoile, nó leabhar-lanna do chur ar bun i nAlbain. Is iomda fear saidhbhir ó Éirinn atá i nAmericá, agus ba dhóich leat gurab ait an sgéal na'r fhágadar riamh bronntanas ag Éire. Do b'fhiú dhúinn aisde do sgrio- bhadh ar sin, agus b'fhéidir go sgríobhfamuis í lá éigin acht ní fhuil slighe againn di ar cor so. Is é brígh an sgéil ámh é gur boidichín gallda an tÉireannach saidhbhir i nAmericá. Chomh tiugh is bhíonn an sparán ag dul i dtroime aige bionn an galldachas ag borradh ann go bhfásann sé thre fhuil, fheoil, chnáimh is smior aige, agus ní bhíonn beann feasda aige acht gráin agus droch-mheas ar a thír dhúthchais. Is é an fáth atá leis sin an tabhairt suas mí-nadurtha Béarlachais atá ar na hÉireannaigh. Fear gallda do réir nádúir is eadh an tAlbannach, oireann a chuid tabhairt suas dó agus ní atharruigheann sé pioc gibe ait ar domhan go mbíonn sé suidhte. Tá droch thréithe aige acht má tá féin Albanach is eadh é i gcomhnuidhe. Is iad na hÉireannaigh maithe atá amuich uainn iad so nach bhfuil puinn do mhaoin an tsaoghail aca, fir de nós Phádruig Uí Mhaoiláin i Nuadh Eabhrac d'fhág a raibh aige ar an saoghal chum na Gaedhilge do bhuannúgadh i nÉirinn. Fuair Pádruig eile bás i nAmericá i n-uraidh. D'fhág seisean seacht milliún 'na dhiaidh acht níor bhronn sé feóirling de ar an mbocht 'ná ar an mbanaltra, acht d'fhág ghach uile pinginn de 'gá chlainn. Tá súil agam go gcaithfid siad go bog é. Fuair Pádruig eile fós, bás tá tamall ghearr ó shoin ar roinn na hEórpa mar a raibh sé ag tabhairt cuairte. Ó Thalamh an Óir de'n Phádruig úd. Bogán diaguidhthe do b'eadh é seo agus d'fhág sé a chuid maoine ar son a anama féin; d'á mbadh ar son an díleachtuidhigh nó an easláin d'fhágfadh sé a dhá chéad míle púnt, déarfainn “go dtugaidh Dia an trócaire dhó,” acht níor mhar sin é. Go saoradh Dia cineadh Scuit ó mhire an ghalldachais. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services