Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Is maith an ceann d'á dtír na hAlbanaigh sin. Is
beag ceann aca go mbíonn fághaltas airgid aige ná'
cuireann beagán de i leathtaoibh le haghaidh maitheasa
do dhéanadh d'á dtír dhúthchais. Féach an fear soin
Aindreas Cárnégie an tAlbannach Americánach, do
thug dhá mhilliún púnt uaidh an lá eile i gcomhair
léighinn i n-aisge do thabhairt do gharsúnaibh Alban.
Ní hé Cárnégie an t-éinne' amháin do chuimhnigheann ar
an mball mar ar rugadh é, acht gach Albanach eile
chomh maith leis, siúd is gur i Sasana nó i nAmericá
bhíd siad 'na gcomhnuidhe. Má bhíonn airgead aca
fágaid siad roinnt mhaith dhe le haghaidh a mbáis chum
ósbidéil, nó sgoile, nó leabhar-lanna do chur ar bun
i nAlbain.
Is iomda fear saidhbhir ó Éirinn atá i nAmericá, agus
ba dhóich leat gurab ait an sgéal na'r fhágadar riamh
bronntanas ag Éire. Do b'fhiú dhúinn aisde do sgrio-
bhadh ar sin, agus b'fhéidir go sgríobhfamuis í lá éigin acht
ní fhuil slighe againn di ar cor so. Is é brígh an sgéil
ámh é gur boidichín gallda an tÉireannach saidhbhir i
nAmericá. Chomh tiugh is bhíonn an sparán ag dul i
dtroime aige bionn an galldachas ag borradh ann go
bhfásann sé thre fhuil, fheoil, chnáimh is smior aige, agus ní
bhíonn beann feasda aige acht gráin agus droch-mheas ar a
thír dhúthchais. Is é an fáth atá leis sin an tabhairt suas
mí-nadurtha Béarlachais atá ar na hÉireannaigh. Fear
gallda do réir nádúir is eadh an tAlbannach, oireann
a chuid tabhairt suas dó agus ní atharruigheann sé pioc
gibe ait ar domhan go mbíonn sé suidhte. Tá droch
thréithe aige acht má tá féin Albanach is eadh é i
gcomhnuidhe. Is iad na hÉireannaigh maithe atá amuich
uainn iad so nach bhfuil puinn do mhaoin an tsaoghail
aca, fir de nós Phádruig Uí Mhaoiláin i Nuadh Eabhrac
d'fhág a raibh aige ar an saoghal chum na Gaedhilge do
bhuannúgadh i nÉirinn.
Fuair Pádruig eile bás i nAmericá i n-uraidh.
D'fhág seisean seacht milliún 'na dhiaidh acht níor bhronn
sé feóirling de ar an mbocht 'ná ar an mbanaltra,
acht d'fhág ghach uile pinginn de 'gá chlainn. Tá súil
agam go gcaithfid siad go bog é. Fuair Pádruig eile
fós, bás tá tamall ghearr ó shoin ar roinn na hEórpa
mar a raibh sé ag tabhairt cuairte. Ó Thalamh an Óir
de'n Phádruig úd. Bogán diaguidhthe do b'eadh é seo
agus d'fhág sé a chuid maoine ar son a anama féin; d'á
mbadh ar son an díleachtuidhigh nó an easláin d'fhágfadh
sé a dhá chéad míle púnt, déarfainn “go dtugaidh Dia
an trócaire dhó,” acht níor mhar sin é. Go saoradh
Dia cineadh Scuit ó mhire an ghalldachais.
Conán Maol