Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cruinniughadh Cleas-Lúith agus Rothuidheachta i mBealach an Doirín
Title
Cruinniughadh Cleas-Lúith agus Rothuidheachta i mBealach an Doirín
Author(s)
An tOide,
Pen Name
An tOide
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cruinniughadh Cleas-Lúith agus Rothuidheachta I mBealach an Doirín Bhí cruinniughadh breagh de'n Chumann Cleas Lúith agus Rothuidheachta againn i mBealach an Doirín, Dia Céadaoine seo chuaidh thart an seamhadh lá fichead de'n mhí seo. Bhí cruinniughadh mór daoine i láthair chomh fada agus 'tá mo thuairim, bhí timcheall cúig mhíle duine ann ar fad. Bhí daoine ann as Conndae Roscomain, Conndae Shligigh, Conndae na Gaillimhe, agus as gach ceard timcheall an bhaile mhóir. Bhí na comórtais ar bun, mar bhídís gach bliadhain roimhe sin, 'san bpáirc atá taobh amuigh de'n bhaile mhór. Bhí an gort i gcoir mhaith ag Fuirinn Ghnotha an chruinnighthe, agus, ar an ádhbhar sin, bhí caitheamh-aimsire an lae go taithneamhach. Bhí an lá go breagh, tirim, go h-adhamhail, gan aon teas ó'n ngréin, agus d'á bhrígh sin, bhí sé i bhfabhar na bhfear do thóg páirt 'san gcomórtas. Bhí go leór comórtasuidhe i láthair, agus bhí duaiseanna luachmhara ag an bhFuirinn Ghnótha le tabhairt dóibh seo do thuill iad. D'fhan roinnt mhaith de na duaiseannaibh i mBealach an Doirín féin, agus tá áthas orainn a chloisteáil. Bhí trí nó ceathair de rásaibh rothair ar Chlár Imeartha an chruinnighthe, agus bhí rothuidhe ins an bpáirc as gach conndae timcheall orainn. Bhí cúig nó sé de rásaibh coise againn mar an gceadna, le haghaidh grabairí faoi sé bliadhna déag d'aois, agus le haghaidh buachaillí óg, agus is fearaibh óga an bhaile mhóir seo d'fhan an chuid is mó de na duaiseannaibh sin. Bhí rás coise ann, ceathramhadh míle ar fad, go dtugadar "Rás Gaisgidheachta Chúige Chonnacht" air, agus is fear as Bealach an Doirín do thóg an rás soin. Thosuigh na comórtais timcheall leath-uair thar éis a haon a chlog, agus ní rabhadar thart go dtí timcheall leath-uair thar éis an cúig tráthnóna. Bhí buidhean ceóil an bhaile mhóir i láthair chomhfhad 's bhí na comórtais ar siubhal, agus sheinneadar go croidheamhail - fuinn bhreaghtha Ghaedhealacha, — agus thugadar feabhsughadh mór ar chruinniughadh an lae. 'Nuair bhí na comórtais thart sgap an cruinniughadh agus d'imthigh na daoine abhaile go socair, ciúin, gan bruighean, gan clampar. An tOide
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services