Cruinniughadh Cleas-Lúith agus Rothuidheachta
I mBealach an Doirín
Bhí cruinniughadh breagh de'n Chumann Cleas Lúith agus Rothuidheachta
againn i mBealach an Doirín, Dia Céadaoine seo chuaidh thart an
seamhadh lá fichead de'n mhí seo. Bhí cruinniughadh mór daoine i
láthair chomh fada agus 'tá mo thuairim, bhí timcheall cúig mhíle duine
ann ar fad. Bhí daoine ann as Conndae Roscomain, Conndae
Shligigh, Conndae na Gaillimhe, agus as gach ceard timcheall an bhaile
mhóir.
Bhí na comórtais ar bun, mar bhídís gach bliadhain roimhe sin,
'san bpáirc atá taobh amuigh de'n bhaile mhór. Bhí an gort i gcoir
mhaith ag Fuirinn Ghnotha an chruinnighthe, agus, ar an ádhbhar sin, bhí
caitheamh-aimsire an lae go taithneamhach. Bhí an lá go breagh,
tirim, go h-adhamhail, gan aon teas ó'n ngréin, agus d'á bhrígh sin, bhí
sé i bhfabhar na bhfear do thóg páirt 'san gcomórtas.
Bhí go leór comórtasuidhe i láthair, agus bhí duaiseanna luachmhara
ag an bhFuirinn Ghnótha le tabhairt dóibh seo do thuill iad. D'fhan
roinnt mhaith de na duaiseannaibh i mBealach an Doirín féin, agus tá
áthas orainn a chloisteáil.
Bhí trí nó ceathair de rásaibh rothair ar Chlár Imeartha an
chruinnighthe, agus bhí rothuidhe ins an bpáirc as gach conndae timcheall
orainn. Bhí cúig nó sé de rásaibh coise againn mar an gceadna,
le haghaidh grabairí faoi sé bliadhna déag d'aois, agus le haghaidh
buachaillí óg, agus is fearaibh óga an bhaile mhóir seo d'fhan an chuid
is mó de na duaiseannaibh sin. Bhí rás coise ann, ceathramhadh
míle ar fad, go dtugadar "Rás Gaisgidheachta Chúige Chonnacht"
air, agus is fear as Bealach an Doirín do thóg an rás soin.
Thosuigh na comórtais timcheall leath-uair thar éis a haon a chlog,
agus ní rabhadar thart go dtí timcheall leath-uair thar éis an cúig
tráthnóna.
Bhí buidhean ceóil an bhaile mhóir i láthair chomhfhad 's bhí na
comórtais ar siubhal, agus sheinneadar go croidheamhail - fuinn bhreaghtha
Ghaedhealacha, — agus thugadar feabhsughadh mór ar chruinniughadh an lae.
'Nuair bhí na comórtais thart sgap an cruinniughadh agus d'imthigh na
daoine abhaile go socair, ciúin, gan bruighean, gan clampar.
An tOide
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11