Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is uathbhásach an brothall atá i nAmericá an aimsir seo. Slán mar a n-inistear é cailleadh chúig chéad déag duine ann leis an dteas ar feadh na seachtmhaine seo tharainn. Tonn teasa do thugann na daoine mar ainm ar a leithéid siúd do bhrothall, agus is annamh riamh do bhí uain chómh te léi seo agus Nuadh Eabhrach, mar bhí an ghrian 'na caor teine agus gan bail ionnfhuar 'sa chathair. Thuit na capaill as a seasamh ar na sráidibh, agus annso is annsúd do thuitfeadh duine i gceann a chinn 'sa chos fá mar do chuirfídhe piléar thríd, sgamail ar a shúilibh agus gluthar an bháis 'na sgórnaigh. Is dócha gurab iomdha Éireannach atá i measg na marbh úd, suaimhneas síoruidhe dhóibh, mar is iad ár ndaoine féin do bhíonn i bhfeidhil na hoibre is troime agus is teó. Is 'mó ceann aca go raibh tabhairt suas bog air do chaitheann an ránn is an tsluasad do láimhseáil thall, agus is mór an sgrios dúinn iad do leigeann uainn agus talamh mín ag dul chum fásaigh i dtír na hÉireann. Tá a gcuid alluis ag cur óir i bpóca an Americánaigh gidh gur doicheallach é an buachaill sin. Ní chreidim go bhfuil sé i ndán dúinn bheith go bráthach ag obair do dhaoinibh eile; mar tá ciall ag teacht dúinn go mall. Cloisim nách bhfuil an oiread fear ó Éirinn ag dul i nArm Sheagháin Bhuidhe agus do bhíodh roimhe seo, agus tá a rian air tá seisean ag meathadh go tiugh. Deirthear gur thairig sé siothcháin do'n Bhórach agus riaghail dó mar atá ag Canadá acht gur thug Pól Crúghér alp air. Do chaill Seaghán bocht sé cinn agus trí fichid oifigeach agus ocht gcéad agus dá fhichead saighdiúir ar feadh mí an Mheithimh, agus do sheól sé abhaile 'na mbacachánaibh trí mhíle agus dhá chéad. Is ait an sgéal é agus an cogadh soin críochnuighthe tá breis agus bliadhain ó shoin. Níor ghábhadh dhóibh an fothram úd i dtaobh loingeas Shasana, do bhí aca an tráthnóna eile i dteach na Feise i Lúnduin. Ba dhóich leat ortha go raibh an loingeas chómh-tuatalach leis an Arm. Mar sin féin b'fhéidir nách cóir locht d'fhághail ar fheisiríbh Shasana siúd is go bhfuil sgéan ag teacht ortha roimh an Fhrainc. Ní fhuil an Fhrainc sin ar tí aon díoghbhála déanamh dóibh. Má's maith léi cogadh magaidh do bheith aici le na cuid longaibh ins an Muir Toirrian cad é sin dóibhsean é. Tá loingeas Shasana costasamhail go leór cheana féin agus caithfimíd díol as deich cinn eile do chur léi toisg an ghleoigh seo ag an feisirí. Beidh an mála orainn ar ball. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services