Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is uathbhásach an brothall atá i nAmericá an aimsir
seo. Slán mar a n-inistear é cailleadh chúig chéad
déag duine ann leis an dteas ar feadh na seachtmhaine
seo tharainn. Tonn teasa do thugann na daoine mar
ainm ar a leithéid siúd do bhrothall, agus is annamh riamh
do bhí uain chómh te léi seo agus Nuadh Eabhrach, mar bhí an
ghrian 'na caor teine agus gan bail ionnfhuar 'sa chathair.
Thuit na capaill as a seasamh ar na sráidibh, agus annso
is annsúd do thuitfeadh duine i gceann a chinn 'sa chos
fá mar do chuirfídhe piléar thríd, sgamail ar a shúilibh
agus gluthar an bháis 'na sgórnaigh.



Is dócha gurab iomdha Éireannach atá i measg na
marbh úd, suaimhneas síoruidhe dhóibh, mar is iad ár
ndaoine féin do bhíonn i bhfeidhil na hoibre is troime agus
is teó. Is 'mó ceann aca go raibh tabhairt suas bog
air do chaitheann an ránn is an tsluasad do láimhseáil
thall, agus is mór an sgrios dúinn iad do leigeann uainn
agus talamh mín ag dul chum fásaigh i dtír na hÉireann.
Tá a gcuid alluis ag cur óir i bpóca an Americánaigh
gidh gur doicheallach é an buachaill sin.



Ní chreidim go bhfuil sé i ndán dúinn bheith go bráthach
ag obair do dhaoinibh eile; mar tá ciall ag teacht
dúinn go mall. Cloisim nách bhfuil an oiread fear ó
Éirinn ag dul i nArm Sheagháin Bhuidhe agus do bhíodh roimhe
seo, agus tá a rian air tá seisean ag meathadh go tiugh.
Deirthear gur thairig sé siothcháin do'n Bhórach agus riaghail
dó mar atá ag Canadá acht gur thug Pól Crúghér alp
air. Do chaill Seaghán bocht sé cinn agus trí fichid oifigeach
agus ocht gcéad agus dá fhichead saighdiúir ar feadh mí an
Mheithimh, agus do sheól sé abhaile 'na mbacachánaibh trí mhíle
agus dhá chéad. Is ait an sgéal é agus an cogadh soin
críochnuighthe tá breis agus bliadhain ó shoin.



Níor ghábhadh dhóibh an fothram úd i dtaobh loingeas
Shasana, do bhí aca an tráthnóna eile i dteach na Feise
i Lúnduin. Ba dhóich leat ortha go raibh an loingeas
chómh-tuatalach leis an Arm. Mar sin féin b'fhéidir
nách cóir locht d'fhághail ar fheisiríbh Shasana siúd is go
bhfuil sgéan ag teacht ortha roimh an Fhrainc. Ní fhuil
an Fhrainc sin ar tí aon díoghbhála déanamh dóibh. Má's
maith léi cogadh magaidh do bheith aici le na cuid
longaibh ins an Muir Toirrian cad é sin dóibhsean é.
Tá loingeas Shasana costasamhail go leór cheana féin
agus caithfimíd díol as deich cinn eile do chur léi toisg an
ghleoigh seo ag an feisirí. Beidh an mála orainn ar
ball.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services