Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tIasgaire agus an Mhaighdeán Mhara
Title
An tIasgaire agus an Mhaighdeán Mhara
Author(s)
Connachtach,
Pen Name
Connachtach
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An tIasgaire agus an Mhaighdeán Mhara Bhí fear fad ó ann. 'Á mbead sé anois ann ní bhead sé an uair sin ann. Tionóntaidhe bocht a rabh priobán1 beag talmhan aige. Bhí sé 'na chomhnaidhe cois cladaigh agus bhíodh sé ag iasgaireacht anois agus arís lé n-a shlait. Bí go maith agus ní rabh go dona go dtí lá amháin a bhí sé ag iasgaireacht. Dhearc sé faoi agus thairis agus ní fhaca sé bean ná céile. Ar thiontódh a leicin agus dearcadh uaidh thainic2 sé bean bhreágh taobh thall dhe 'na suidhe ar charraig. Thainic iongantas mór air agus dubhairt sé leis féin go ndeasó'adh sé i ngar dhi3 go bhfeicfeadh sé an aithneochadh sé í. Nuair a dheasuigh sé léithe d'aithnigh sé nach bean Críostaidhe a bhí ainti (inti) acht maighdean mhara. Bhí sí ag cíorradh a cinn agus bhí an cochal taobh thiar dhi tamall gearr. Bhí go maith agus ní rabh go dona. Fuair an t-iasgaire greim ar an gcochal. Chaill an mhaighdean mhara a spreacadh ann sin. Ghluas an t-ias- gaire a bhaile. Lean an mhaighdean mhara é. Nuair a chaill sí an cochal ní rabh sí n-ann a ghoill (dul) 'un fairrge. Lean sí an t-iasgaire 'un a' tighe. D'iarr sí an cochal air agus ní thiubradh sé dhi é. Chuir sé i bhfalach4 é i n-áit nach bhfuigheadh sí é. Bhí sí na mnaoi bhreágh agus chomhnuigh sí leis ins an teach. Ní rabh siad i bhfad i gcuideachta gur pósadh iad. Bhí triúr clainne ag an maighdean leis an iasgaire. Thóg sí go glan agus go ceart iad go rabh an mac is sine a seacht nó ocht do bhliadhantaibh. Bhí an t-iasgaire ag cruinniughadh an fhoghmhair bhig isteach san agard lá amháin. Chuir sé an cochal i bhfalach i gceann do na cruachaibh lé faitchíos go bhfuigheadh an bhean é. Bhí go maith agus ní rabh go dona go dtí lá amháin chuaidh sé 'un aonaigh ar ocáid eicínt. Thoisigh an bhean i bpléidh leis na páisdíbh nuair a bhí sé imthighthe. D'innis an mac is sine dhi go rabh rud deas i gceann a athair5 i gceann do na cruachaibh coirce sa ngarraidh, acht ní rabh 'fhios aige a ainm ná cé an rud é. Chuimnigh an mháthair uirri féin ann sin. Amach léithe agus fághann sí dréimire. Suas léithe ar cheann do na cruachail go luthmhar láidir. Thoisigh sí uirri dhá leagadh. Leag sí an chéad cheann, an dara ceann, an tríomhadh ceann, acht d'éirigh léithe ins a ceathramhadh ceann. Fuair sí an cochal. Chruinnigh sí na páisdí, an triúr. D'fhág sí an t-agard sgaruighthe ag an iasgaire bocht. Síos léithe 'un a' chladaigh. Thainic muintir an bhaile ag imteacht í. Shíl siad gur ag dul a' nigheadh na bpáisdí a bhí sí, acht d'fháir cuid acu í go bhfaca siad í féin agus a triúr páisde a' léimneadh isteach sa bhfairrge agus níor facas radhairc uirri ó shoin. Bhí go maith agus ní raibh go dona go dtainic an t-iasg- aire bocht a bhaile ó'n aonach. Thainic sé an t-agard leagtha anonn 's anall. “Is fíor sin,” airs seisean, “tá an mhaighdean imthighthe agus mise sgriosta(idh).”
1 Priobán, a “patch,” a small portion; 2 thainic = chonnaic; 3 go ndeasó'ad sé i ngar dhi, that he would approach her. In Mayo, and throughout Connacht generally, the final d of the conditional mood is not aspirated when followed by the pronouns, sé, sí, &c., commencing with s. 4 i bhfalach = i bhfolach; 5 i gceann a athair = ag a athair. One would expect athair to be in the gen. case following ceann, but it was not so used by the narrator of the tale. The writer also remembers having heard the idiom used by another fine speaker of Irish, with the nom. following ceann not in the genitive. Perhaps this may be a solecism, but it seems to be the usage. Connachtach
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services