Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tIasgaire agus an Mhaighdeán Mhara

Title
An tIasgaire agus an Mhaighdeán Mhara
Author(s)
Connachtach,
Pen Name
Connachtach
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An tIasgaire agus an Mhaighdeán Mhara



Bhí fear fad ó ann. 'Á mbead sé anois ann ní bhead
sé an uair sin ann. Tionóntaidhe bocht a rabh priobán1
beag talmhan aige. Bhí sé 'na chomhnaidhe cois cladaigh
agus bhíodh sé ag iasgaireacht anois agus arís lé n-a shlait. Bí
go maith agus ní rabh go dona go dtí lá amháin a bhí sé ag
iasgaireacht. Dhearc sé faoi agus thairis agus ní fhaca sé
bean ná céile. Ar thiontódh a leicin agus dearcadh uaidh
thainic2 sé bean bhreágh taobh thall dhe 'na suidhe ar
charraig. Thainic iongantas mór air agus dubhairt sé leis
féin go ndeasó'adh sé i ngar dhi3 go bhfeicfeadh sé an
aithneochadh sé í. Nuair a dheasuigh sé léithe d'aithnigh sé
nach bean Críostaidhe a bhí ainti (inti) acht maighdean
mhara. Bhí sí ag cíorradh a cinn agus bhí an cochal taobh
thiar dhi tamall gearr. Bhí go maith agus ní rabh go dona.
Fuair an t-iasgaire greim ar an gcochal. Chaill an
mhaighdean mhara a spreacadh ann sin. Ghluas an t-ias-
gaire a bhaile. Lean an mhaighdean mhara é. Nuair a
chaill sí an cochal ní rabh sí n-ann a ghoill (dul) 'un
fairrge. Lean sí an t-iasgaire 'un a' tighe. D'iarr
sí an cochal air agus ní thiubradh sé dhi é. Chuir sé i bhfalach4
é i n-áit nach bhfuigheadh sí é. Bhí sí na mnaoi bhreágh agus
chomhnuigh sí leis ins an teach. Ní rabh siad i bhfad i
gcuideachta gur pósadh iad.



Bhí triúr clainne ag an maighdean leis an iasgaire.
Thóg sí go glan agus go ceart iad go rabh an mac is sine a
seacht nó ocht do bhliadhantaibh. Bhí an t-iasgaire ag
cruinniughadh an fhoghmhair bhig isteach san agard lá
amháin. Chuir sé an cochal i bhfalach i gceann do na
cruachaibh lé faitchíos go bhfuigheadh an bhean é.



Bhí go maith agus ní rabh go dona go dtí lá amháin chuaidh
sé 'un aonaigh ar ocáid eicínt. Thoisigh an bhean i
bpléidh leis na páisdíbh nuair a bhí sé imthighthe. D'innis
an mac is sine dhi go rabh rud deas i gceann a athair5
i gceann do na cruachaibh coirce sa ngarraidh, acht ní
rabh 'fhios aige a ainm ná cé an rud é. Chuimnigh an
mháthair uirri féin ann sin. Amach léithe agus fághann sí
dréimire. Suas léithe ar cheann do na cruachail go
luthmhar láidir. Thoisigh sí uirri dhá leagadh. Leag sí
an chéad cheann, an dara ceann, an tríomhadh ceann,
acht d'éirigh léithe ins a ceathramhadh ceann. Fuair sí
an cochal. Chruinnigh sí na páisdí, an triúr. D'fhág
sí an t-agard sgaruighthe ag an iasgaire bocht. Síos
léithe 'un a' chladaigh. Thainic muintir an bhaile ag
imteacht í. Shíl siad gur ag dul a' nigheadh na bpáisdí
a bhí sí, acht d'fháir cuid acu í go bhfaca siad í féin agus a
triúr páisde a' léimneadh isteach sa bhfairrge agus níor
facas radhairc uirri ó shoin.



Bhí go maith agus ní raibh go dona go dtainic an t-iasg-
aire bocht a bhaile ó'n aonach. Thainic sé an t-agard
leagtha anonn 's anall. “Is fíor sin,” airs seisean,
“tá an mhaighdean imthighthe agus mise sgriosta(idh).”


L. 261


1 Priobán, a “patch,” a small portion; 2 thainic =
chonnaic; 3 go ndeasó'ad sé i ngar dhi, that he would
approach her. In Mayo, and throughout Connacht
generally, the final d of the conditional mood is not
aspirated when followed by the pronouns, sé, sí, &c.,
commencing with s. 4 i bhfalach = i bhfolach; 5 i gceann
a athair = ag a athair. One would expect athair to be
in the gen. case following ceann, but it was not so
used by the narrator of the tale. The writer also
remembers having heard the idiom used by another
fine speaker of Irish, with the nom. following ceann
not in the genitive. Perhaps this may be a solecism,
but it seems to be the usage.



Connachtach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services