Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gluaisidh
Title
Gluaisidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 29, 1901 Gluaisidh Ní'l dá mhinicighe bhímíd ag cuimhneamh ar dhálaibh na hÉireann ná gur mó churtar i n-umhail dúinn an gábhadh atá le gníomhartha do dhéanamh chum a chur n-a luighe ar dhaoinibh áirithe go gcaithfear sinn do shásamh luath no mall. Caidé an maitheas duit bheith ag moladh do dhearg-námhad, má dhéanann sé beag-ghníomh gur dóigh leat gur dod' leas-sa é, agus go bhfuarais amach i gcionn tamaill gur ar mhaithe leis féin do bhí seisean. Cuiri- mís i gcás an lúbaire úd Bhuíndeam. Ní fada ó shoin ó dubhairt sé ná cuirfeadh sé isteach i gceist na Gaedhilge. Thiubharadh sé éin-nídh ar domhan dúinn dar leat. Dhéanfadh sé a dhicheall chum na Gaedhilge d'aith- bheódhughadh ar fud na hÉireann, acht ceist na Gaedhilge do choimeád leathsmuigh de pholaitéachtaibh. Táthar gá dhéanamh soin, acht cionnus tá mo bhodaire Bhuindeam ag coimhlíonadh a gheallamhna? An oidhche fá dheireadh bhí díosbóireacht i dTigh Feise Shasanna um an gceist seo an Oideachais Mheadhónaigh. Ní'l againn dá iarraidh ar son na Gaedhilge san Oideachas so acht amháin ar gceart do thabhairt dúinn, an Ghaedhilg bheith chomh saor a cuibhreachaibh is tá teanga ar bith eile i gclár an Oideachais sin. An bhfuil soin ar fagháil againn? Go deimhin ná fuil. Agus deir Bhuindeam linn cé gur mhaith leis go bhfuigheadh leanbhaí na gceantar nGaedhilge tabhairt suas tre Ghaedhilg, nár dóigh leis go raibh gábhadh leis an iomarca múinteórachta Gaedhilge fá'n Oideachas Mhéadhónach; ná raibh ro-dhúil ag muinntir na hÉireann féin ann. Ní hiongnadh Bhuíndeam agus a leithéid dá rádh soin, agus an bheag-shuim do chuireann urmhór de Ghaedhealaibh san tabhairt suas dogheibhid a gclann. Chuir Bhuíndeam an milleán mar is gnáthach leis ar an mBórd Mheadhónach. Tá cuid mhaith de'n fhírinne aige leis. Is minic cheana d'innseamar caidé an sórt iad na daoine uaisle seo. Tá cuid aca agus ní bréag a rádh gur Gallda iad 'ná na Gaill féin. An éin-iongnadh go mbéidís sin i gcoinne na Gaedhilge? An éin-iong- nadh go ndéanfaidís a ndá dhícheall déag chum a ruagadh a hÉirinn ar fad? Ní headh go deimhin, agus dá brigh sin is ion-mholta iad ar an tslíghe i bhfuil a n-obair dá déanamh aca. Acht tá roinnt daoine uaisle de shliocht na nGaedheal ar an mBord chéadna, agus is ceart dúinn a fhiafraighe dhinn féin, cad tá déanta aca-soin ar son na Gaedhilge. Cad 'n-a thaobh gur leigeadar do'n dream Gallda an bob so bhualadh orra féin, agus ar Ghaedhealaibh i gcoithcinne? Caidé an fáth nár éirgheadar amach i gcoinne na droch- úsáide agus an achmusáin do bhí dá gcur ar ár dteangaidh dhúthchais? Ba dhóigh le duine gur cirte i bhfad na ceisteanna so nó ceisteanna mar iad do chur chum na ndaoine seo, ná rinne bheith gár mbodhradh féin, ag braith ar shásamh d'fhághail as éinne de'n dream iasachta. Is baoghalach linne gur beag an mhaith mór-chuid de sna daoinibh seo gur mheasamar gur cháirde dlútha dhúinne fhéin agus d'ár dteangaidh iad. Is baoghalach linne gur beag bhuidheachas do thuillid ó shliocht na nGaedheal. Dia linn, an mar sin go bráth dúinn? Acht, a dhaoine mhuinnteardha, ní héan-mhaitheas dúinn ár misneach do chailleamhaint anois go háirithe. Tá an focal deiridh ag muinntir na hÉireann féin. Dá mbéadh na daoine seo ag déanamh dlighthe go bruinn an bhrátha, ba bheag an bhuntáiste dhóibh é, nuair ná fuil daoine ann d'umhlóchaidh dhóibh. A Chlanna Gaedheal, an gcuirfear an tOideachas iasachta so oraibh d'bhur ndeóin? An nglacfaidh sibh go toilteanach trom-ualach an tsrathair neamh-oireamhnaigh seo? Nó, an ndéanfaidh sibh rún daingean 'nbhur gcroidhthibh istigh gan bac ná baint bheith agaibh leis go dtí go sgaoilfear ar na cuibhreachaibh atá curtha ag an mBórd, beag-mhaitheasach so ar theangaidh na hÉireann. Le chéile anois, a chlann ó, agus ná bíodh bhur nguth go tláth.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services