Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gluaisidh

Title
Gluaisidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Meitheamh 29, 1901



Gluaisidh



Ní'l dá mhinicighe bhímíd ag cuimhneamh ar dhálaibh na
hÉireann ná gur mó churtar i n-umhail dúinn an gábhadh
atá le gníomhartha do dhéanamh chum a chur n-a luighe ar
dhaoinibh áirithe go gcaithfear sinn do shásamh luath no
mall. Caidé an maitheas duit bheith ag moladh do
dhearg-námhad, má dhéanann sé beag-ghníomh gur dóigh
leat gur dod' leas-sa é, agus go bhfuarais amach i gcionn
tamaill gur ar mhaithe leis féin do bhí seisean. Cuiri-
mís i gcás an lúbaire úd Bhuíndeam. Ní fada ó shoin
ó dubhairt sé ná cuirfeadh sé isteach i gceist na
Gaedhilge. Thiubharadh sé éin-nídh ar domhan dúinn dar
leat. Dhéanfadh sé a dhicheall chum na Gaedhilge d'aith-
bheódhughadh ar fud na hÉireann, acht ceist na Gaedhilge
do choimeád leathsmuigh de pholaitéachtaibh. Táthar gá
dhéanamh soin, acht cionnus tá mo bhodaire Bhuindeam
ag coimhlíonadh a gheallamhna? An oidhche fá dheireadh
bhí díosbóireacht i dTigh Feise Shasanna um an gceist
seo an Oideachais Mheadhónaigh. Ní'l againn dá iarraidh
ar son na Gaedhilge san Oideachas so acht amháin ar
gceart do thabhairt dúinn, an Ghaedhilg bheith chomh saor
a cuibhreachaibh is tá teanga ar bith eile i gclár an
Oideachais sin. An bhfuil soin ar fagháil againn? Go
deimhin ná fuil. Agus deir Bhuindeam linn cé gur
mhaith leis go bhfuigheadh leanbhaí na gceantar nGaedhilge
tabhairt suas tre Ghaedhilg, nár dóigh leis go raibh
gábhadh leis an iomarca múinteórachta Gaedhilge fá'n
Oideachas Mhéadhónach; ná raibh ro-dhúil ag muinntir na
hÉireann féin ann.



Ní hiongnadh Bhuíndeam agus a leithéid dá rádh soin, agus
an bheag-shuim do chuireann urmhór de Ghaedhealaibh san
tabhairt suas dogheibhid a gclann.



Chuir Bhuíndeam an milleán mar is gnáthach leis ar
an mBórd Mheadhónach. Tá cuid mhaith de'n fhírinne
aige leis. Is minic cheana d'innseamar caidé an sórt
iad na daoine uaisle seo. Tá cuid aca agus ní bréag a
rádh gur Gallda iad 'ná na Gaill féin. An éin-iongnadh
go mbéidís sin i gcoinne na Gaedhilge? An éin-iong-
nadh go ndéanfaidís a ndá dhícheall déag chum a ruagadh
a hÉirinn ar fad? Ní headh go deimhin, agus dá brigh sin
is ion-mholta iad ar an tslíghe i bhfuil a n-obair dá
déanamh aca.



Acht tá roinnt daoine uaisle de shliocht na nGaedheal
ar an mBord chéadna, agus is ceart dúinn a fhiafraighe
dhinn féin, cad tá déanta aca-soin ar son na Gaedhilge.
Cad 'n-a thaobh gur leigeadar do'n dream Gallda an
bob so bhualadh orra féin, agus ar Ghaedhealaibh i gcoithcinne?
Caidé an fáth nár éirgheadar amach i gcoinne na droch-
úsáide agus an achmusáin do bhí dá gcur ar ár dteangaidh
dhúthchais? Ba dhóigh le duine gur cirte i bhfad na
ceisteanna so nó ceisteanna mar iad do chur chum na
ndaoine seo, ná rinne bheith gár mbodhradh féin, ag braith
ar shásamh d'fhághail as éinne de'n dream iasachta.



Is baoghalach linne gur beag an mhaith mór-chuid de
sna daoinibh seo gur mheasamar gur cháirde dlútha
dhúinne fhéin agus d'ár dteangaidh iad. Is baoghalach linne
gur beag bhuidheachas do thuillid ó shliocht na nGaedheal.
Dia linn, an mar sin go bráth dúinn?



Acht, a dhaoine mhuinnteardha, ní héan-mhaitheas dúinn
ár misneach do chailleamhaint anois go háirithe. Tá an
focal deiridh ag muinntir na hÉireann féin. Dá
mbéadh na daoine seo ag déanamh dlighthe go bruinn an
bhrátha, ba bheag an bhuntáiste dhóibh é, nuair ná fuil
daoine ann d'umhlóchaidh dhóibh.



A Chlanna Gaedheal, an gcuirfear an tOideachas
iasachta so oraibh d'bhur ndeóin? An nglacfaidh sibh go
toilteanach trom-ualach an tsrathair neamh-oireamhnaigh
seo? Nó, an ndéanfaidh sibh rún daingean 'nbhur
gcroidhthibh istigh gan bac ná baint bheith agaibh leis go
dtí go sgaoilfear ar na cuibhreachaibh atá curtha ag an
mBórd, beag-mhaitheasach so ar theangaidh na hÉireann.
Le chéile anois, a chlann ó, agus ná bíodh bhur nguth go tláth.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services